Tá ré na dtriúrachtaí conspóideacha san anailís spóirt caite

Ar an Luan d’fhág Liam Brady slán lena ról mar anailísí le RTÉ. Ba é an duine deireanach den seandream é...

Tá ré na dtriúrachtaí conspóideacha san anailís spóirt caite

Liam Brady ag obair do RTÉ ag cluiche sacair don uair dheireanach. Pic: INPHO/Morgan Treacy

Chuir Liam Brady clabhsúr ar a shaol mar anailísí sacair do RTÉ ar an Luan agus aghaidh á thabhairt ag foireann na hÉireann ar fhoireann bheag Ghiobráltar. Tá Brady ag caitheamh thairis go macánta, ciotrúnta le cúig bliana is fiche. Fén am ar shuigh sé i stiúideo den chéad uair i 1998, bhí cáil air mar dhuine de na himreoirí is cumasaí a bhí ag Éirinn riamh. Bhain sé féin agus Eamon Dunphy agus Johnny Giles cáil amach mar anailísithe neamhbhalbha agus Bill O’Herlihy ag baint súp as a ról mar mháistir conairte. Fiú an oíche eile níor chuir sé fiacail ann nuair a spreag Joanne Cantwell é dul siar bóithrín na smaointe. Thosaigh sé ag trácht ar 2002 agus t-aighneas le Dunphy faoi eachtraí suaite Saipan. Ní raibh ó Cantwell ach dríodar cainte maoithneach is iad ar thaobh na páirce roimh an gcluiche ach vae le Brady ag caint faoi cé chomh gránna is a bhí an t-atmaisféar sa stiúideo ag an am.  

Ag deireadh na hoíche mhaígh sé nach n-éireodh le foireann na hÉireann comórtas na Euros a bhaint amach. An Aoine seo caite, dúirt sé gurbh í seo an fhoireann is laige dá bhfaca sé riamh ag an dtír. Níor chuaigh an seanmhadra ar chúl scéithe an oíche dheireanach aige. 

Liam Brady, Eamon Dunphy agus John Giles. Pic: INPHO/Cathal Noonan

Deireadh ré atá ann. Tá anailísithe na dtriúrachtaí cáiliúla ar fad imithe anois. Dunphy, Brady agus Giles an tsacair. Brolly, Spillane agus O’Rourke na caide, Loughnane, Farrell agus Mulcahy na gcamán is McGurk, Hook agus Pope an rugair. Iad cuileachtúil, siamsúil, ionraic, paiseanta. Cuid acu maslach ar uairibh agus conspóideach go minic. Táthar ann a mhaíonn go bhfuil an ghlúin óg leamh, neamhanamúil agus leisce is eagla orthu conspóid a chur sa tsiúl nó aghaidh a thabhairt uirthi. Iad níos tógtha le cuma phéacógach a bheith orthu ná rud éigin le dealramh a rá.  

Níl ansin ach cuid den scéal.  

Tá sé fuirste a bheith ag féachaint siar agus a bheith ag ceapadh go raibh mil ar chuiseogach againn fadó. Sna blianta deireanacha chuaigh Brolly, Hook agus Dunphy i muinín an mhasla rómhinic. Iad ag sodar i ndiaidh na conspóide le carúil leisciúla.  

Is dócha go mbraitheann do thuairim ar an dearcadh atá agat ar ról an anailísí. Saghas fuirseoir nó seanchaí leis an ngoile a ghéarú roimh an gcluiche agus an briseadh leath-ama a mheilt? Nach é Brolly féin a bhaist ‘funditry’ ar an gcúram.  

Joe Brolly, Pat Spillane, Colm O’Rourke agus Michael Lester. Pic: INPHO/James Crombie

Tá daoine eile ann a shantaíonn anailís thomhaiste ghrinn agus léargais eolgaiseacha. Treochtaí na gcluichí á gcur ar a súile dóibh agus léargais á fháil ó imreoirí atá díreach éirithe as agus a bhfuil tuiscint dhomhain acu ar chluiche an lae inniu, dá réir. Is dócha go bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil smut den dá rud ó gach duine.  

Táimid ag maireachtaint i ré nua anois, áfach, ré na ceartaiseachta agus na gconairteacha ar líne. Ní féidir le duine a bheith chomh neamhairdiúil agus béalscaoilte is a bhíodh tráth.  

Tá Liam Brady imithe mar sin; an t-anailísí deireanach den seandéanamh.  

Fág freagra ar 'Tá ré na dtriúrachtaí conspóideacha san anailís spóirt caite'