Tá pribhléid ag lucht an Bhéarla mar go ngéilleann Gaeilgeoirí dóibh i gcónaí

Tá baint mhór ag cás na teanga in Éirinn leis an tráma atá nasctha leis an Ghaeilge, cuid dár n-oidhreacht iarchoilíneach

Tá pribhléid ag lucht an Bhéarla mar go ngéilleann Gaeilgeoirí dóibh i gcónaí

Is cuimhin liom gur cuireadh an cheist orm uair amháin: ‘Are you a Gaeilgeoir then?’

Agus d’fhreagair mé, ‘I speak Irish if that’s what you mean’.

Tá an míniú a thug Maolsheachlainn Ó Caollaí faoin LFM cruinn go leor, gur úsáid siad an focal go drochmheasúil i leith cainteoirí Gaeilge, á chur in iúl gur cineál naitsithe sinn.

Agus caithfear a rá go raibh daoine ann a bhain úsáid as an Ghaeilge san am a chuaigh thart le cluichí cumhachta a imirt. Ní maith linn é sin a rá linn féin, ach b’fhéidir nach miste dúinn é a mheabhrú dúinn féin.

Ritheann an carachtar Séamus Ó Loingsigh sa scéal Mo Dhá Róisín le Máire liom. Ba é siúd an fear a bhí ag iarraidh a theacht idir Róise Ní Chearbhaill agus Labhrás Ó Baoill. Bhí Róise lándíograiseach fán Ghaeilge agus fán cheist náisiúnta, ach ní raibh sa Ghaeilge ag an Loingseach ach dóigh le dhul chun cinn sa saol. Briseadh Róise as a post mar mhúinteoir mar nach ngéillfeadh sí dósan nuair a d’iarr sé uirthi rogha a dhéanamh de féin agus fáil réitithe de Labhrás. Dá ndéanfadh sí rud air, d’éireodh leis an gearán a rinneadh faoina cuid teagaisc a chur ar ceal.

Úsáidtear an focal Gaeilgeoir i gConamara, mar ainm ar na scoláirí a thagann ar na cúrsaí Gaeltachta, agus ní bhíonn aon droch-chiall ag dul leis. Agus is féidir le cainteoirí Gaeilge an focal a úsáid eatarthu féin gan aon drochmheas le duine atá díograiseach fán Ghaeilge a lua. Tá an ceart ag Caoilfhionn Nic Pháidín, mar sin féin, go mbaineann úsáid an fhocail leis an chomhthéacs ina bhfaightear é. Nuair a cuireadh ‘tolerant’ leis mar fhocal, cuireadh in iúl gur treibh cineál fiata iad na Gaeilgeoirí eile.

Ach is léir go raibh an té a scríobh an cuntas beatha in The Irish Times, agus cuimhnímis gur duine aonair a scríobh é, go raibh sé den tuairim go bhfuil daoine áirithe a labhraíonn Gaeilge nach mbíonn foighdeach, tuisceanach fán Ghaeilge agus a dhéanann iarracht an teanga a bhrú ar dhaoine eile. Tá daoine ann atá míleata go leor faoi úsáid na Gaeilge agus a dhéanann gach iarracht í a chur chun cinn ar gach ócáid gan stad gan staonadh. Ní chuireann sin isteach ormsa ach uaireanta cuireann sé isteach ar dhaoine áirithe atá ar bheagán Gaeilge. Déanann sé míchompordach iad. Faigheann siad iad féin i dtimpeallacht nach bhfuil smacht acu uirthi agus cuirtear dá mbuille iad.

Agus mar bharr ar an iomlán, ní thuigeann siad cén fáth atá leis. Tá Béarla ag gach duine sa chomhluadar agus dá réir sin, níor cheart go mbeadh aon fhadhb chumarsáide i gceist, mura mbeadh na cainteoirí Gaeilge chomh righin agus dá labhródh siad Béarla!

Tá pribhléid ag lucht an Bhéarla mar gurb é an nós sóisialta atá i réim in Éirinn leis na céadta bliain, go ngéilleann Gaeilgeoirí dóibh i gcónaí, mar gheall ar gur fearr an Béarla a bhíonn ag na Gaeilgeoirí, sa lá inniu ar a laghad, ná mar a bhíonn an Ghaeilge ag na haonteangaigh a labhraíonn Béarla, agus nach mbíonn acu ach cibé Gaeilge leathdhearmadta a shealbhaigh siad ar scoil.

Creideann siad go diongbháilte gur béasa is bun leis an athrú sin agus gur iompar míbhéasach é má choinníonn Gaeilgeoirí orthu ag caint i nGaeilge. Ní ghlacann siad leis gurb é a gcinnteacht féin i leith phribhléid an Bhéarla a fhágann nach mbíonn orthu éirí líofa i nGaeilge agus go leanann Gaeilgeoirí ag géilleadh dóibh i gcónaí. De bharr neart an Bhéarla, níl de rogha ag Gaeilgeoirí ach a bheith lánlíofa sa Bhéarla agus mura dtugtar dúshlán an status quo, ní cheisteoidh lucht an Bhéarla an staid reatha sin.

Tá an creideamh sin i bhfostú sa tsícé ag go leor Gaeilgeoirí fosta agus stair na hÉireann ón seachtú haois déag ar a chúl sin. Ghéillfinn féin ar mhaithe le caidreamh pléisiúrtha sóisialta a chur chun tosaigh. Géillim go minic más géilleadh é. Tá daoine ann a labhraím Béarla leo i gcónaí, d’ainneoin gurb í an Ghaeilge is fearr liom a labhairt. Is dóigh liom go ndéarfaí fúm, i gcásanna mar sin, go bhfuil mé ‘tolerant’ mar a dúradh faoin Vincent Daly bocht atá faoi na fóide, grásta ó Dhia air.

Má théann Éireannaigh ar saoire go tíortha neamh-Bhéarla bíonn siad ag súil le leibhéal áirithe seirbhíse i mBéarla ach ní bhíonn siad ag súil leis go dtiontóidh muintir na háite ar Bhéarla i gcónaí ar mhaithe leosan. In Éirinn mar sin féin, ní ghlacann formhór na mBéarlóirí leis gur teanga cheart chumarsáide í an Ghaeilge, agus go bhfuil sé de cheart ag cainteoirí Gaeilge leanúint ar aghaidh á labhairt fiú nuair atá Béarlóir(í) ina measc. Cé go bhfuil roinnt daoine ann a thuigeann é sin agus a bhíonn sásta an teanga a fhoghlaim go dtí leibhéal sásúil cumarsáide. Freagraíonn daoine dá leithéid don chomhthéacs ina bhfaigheann siad iad féin agus tacaíonn siad le timpeallacht na Gaeilge. Is gnách go mbíonn cónaí orthu sa Ghaeltacht nó caidreamh rialta acu le líonraí cumarsáide Gaeilge.

Ach formhór na ndaoine leanann siad an gnás coiteann, agus, cé nach dtuigeann siad féin é mar éileamh, casann an teanga ar mhaithe leo.

Sa chuntas beatha ar Vincent Daly tugtar faoi deara an meas a bhí ag an scríbhneoir ar na buanna taidhleoireachta a bhí aige. Mar sin tá an focal ‘tolerant’ sa chomhthéacs sin ag teacht leis an chuid eile den chuntas. Fear cairdiúil, síodúil a bhí sa Dálach, a raibh bua aige daoine a chur ar a suaimhneas agus caidreamh cairdiúil dearfach a bheith aige leo. Sheas na buanna sin leis i rith a shaoil.

Tá fonn orm a fhiafraí ‘tolerant of what?’ An é gur ionsaíodh droch-Ghaeilge údar an chuntais bháis nuair a rinne sé lagiarracht í a labhairt in am éigin? Cé aige a bhfuil fhios? Tá scéalta uafáis mar sin sa timpeall agus samplaí ar eolas againn ar fad. Má tharla sé don scríbhneoir sin, is mór an trua é. Cé nach bhfuil a leithéid le moladh, tarlaíonn rudaí mar sin agus is cúis aiféala iad.

Baineann an cheist ar fad leis an tráma atá nasctha leis an Ghaeilge, cuid dár n-oidhreacht iarchoilíneach. B’fhusa do gach duine é, seans, mura mbeadh an Ghaeilge ann feasta mar theanga labhartha, ach ní bhfaighidh sí bás! Agus a fhad agus a bheas sí á labhairt i gcomhthéacs na mionteanga agus na gcearta teoranta, agus na nÉireannach drogallach, mairfidh an teannas sin atá ag siúl léi.

Fág freagra ar 'Tá pribhléid ag lucht an Bhéarla mar go ngéilleann Gaeilgeoirí dóibh i gcónaí'

  • Eoghan Ó Néill

    Sin píosa an- mhaith ag Lillis i dtaobh géilleadh teangan sa tír seo. Ach ní anseo amháin a bhfuil sé. Is Übersprache í an béarla ar fud na cruinne anois, amharc ar a húsáid san Aontas Eorpach fiú agus an Bhreatain i ndiaidh tarraing amach as. Ar ndóigh spreagann sin sotallacht i measc lucht a labhartha a mbíonn drogall ortha i leith teanga eile a chleachtadh. I mo thaithí fhéin níl sa bhéarla ach cóta mór ag na gaeil agus tá siad i bhfad níos oscailte do theangacha eile a chleachtadh. No pasarán amigos!

  • Seán ÓM

    Nuair a bhí mise sa mbaile in Éirinn don Nollaig, thosaigh mé ag caint le mó bhean chéile faoin eitilt ar ais go dtí an Ghearmáin …… as Gearmáinis nuair a bhí baill eile den teaghlaigh sa seomra. Bhí an suíomh idirlín chun seiceal isteach i nGearmáinis agus is í an Ghearmainis an ghnath-theanga chumarsáide idir mise is mo bheansa.

    Thainig déistin ar bhall teaghlaigh amháin, a thosaigh ag tabhairt amach faoi theanga aisteach a bheith á labhairt ina mheasc.
    Cé atá “éadulangach” anseo?

    Agus muide ag caint/agoint faoin eachtra ina dhiadh, dúradh liom “ach tá Béarla an-mhaith aici! (bean chéile)”.
    Is léir go bhfuil dualgas orainn an Béarla a úsáid chomh minic agus is féidir, má tá focal ar bith againn. Fiú má tá teanga eile againn mar gnath-theanga chumarsáide agus is féidir linn rudaí a phlé níos éifeachtaí sa teanga eile sin.

    “Tolerant Béarlóirí” atá i gceist anseo is dócha.

    An rud atáim a rá ná nach mbaineann an fháidhb seo leis an nGaeilge amháin – cé go bhfuil an fháidhb níos géire i gcás na Gaeilge.

    Mo thuairimi féin:
    Is fadhb idirnáisiúnta í seo a bhaineann le céadta bliain impireachais agus pribhléid theanga agus a bhaineann go háirithe le tiortha a bhí impireacht acu.

    Sí an fíor-éadulangacht ná coinne a bheith agat go mbeidh an domhan ar fad ag labhairt as Béarla ar do shon féin agus ansin a bheith ag seile nimhe faoi na daoine nach nglacann leis an idé-eolaíocht lofa sin.

    Ba chóir an phribhléid seo, an idé-eolaíocht taobh thiar di agus an fhimíneacht a bhaineann leis a léiriú do Bhéarlóirí in Éirinn. Ná glacaimis léi ariamh.

    Agus sea – nuair a táim sa Spáinn nó an Iodáil úsáidim Béarla …. ach úsáidim mo chúpla focal “Gracias” “Pór fa vor” “prago” “bon journo” srl. Chomh minic agus is féidir chomh maith.
    Agus tosnaim gach comhrá le “is English OK for you?”.
    Cúirtéis atá i gceist – ni buncheart.

  • Colmán Ó Raghallaigh

    An-phíosa ag Lillis a théann go croí na ceiste. Tá sé thar am go bpléifí an cheist seo go poiblí.

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Tá an ceart agat. Le gairid ó shin bhrú mé ar cnaipe dorais de ceann des na tithe ina bhfuil taisce eolais faoinár dtír. Tháinig freagra ” how can we help you” . Mar freagra duirt mise ” AN BHFUIL AON GAEILGE AGAT” ach d’fhreagair an ghuth ” Tá mo Ghaeilge briste”. Ghéil mé agus lean mé ar aghaidh I mBéarla. Ach in a dhiaidh sin , smaoinigh mé ar an nath cainte, “Is fearr Gaeilge Briste ná Béarla cliste”

  • Risteárd H

    Cuireann an bharúil go bhfuil na Gaeilgeoirí éadulangach an abairt aisteach seo sa leabhar ‘A short Dictionary of Languages’ (Teach Yourself, EUP, 1967), le D. S. Parlett, i gcuimhne dom: “The foreign speaker of text-book Welsh is advised to steer clear of North Walians, or to use English.’ Is dóigh liom go bhfuil cuid de na daoine aonteangacha róghoilliúnach, mífhoighneach. B’fhéidir go mbeadh coimpléasc ciontachta acu…

  • Dónall Mór Mac Billings

    Ach, ach, mo léan géar is é mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na Féinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt na teanga
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    Seas an fód. Labhair í agus Mairfidh sí !!!

    Dónal Mac Billings

    Cime Polaitiúíl go fóill i bPríosún Phort Laoise agus sa ‘Jailteacht’

    An Ghaeilge Abú agus ar ndóigh An Réabhlóid !!!

  • Seán Ó Riain

    An-alt, a Lillis, agus an ceart ar fad agat. Iarsma den choilíneachas is ea an smaoineamh gur ‘drochbhéasach’ bheith ag labhairt Gaeilge agus Béarlóirí i láthair. Ach fadhbh dhomhanda is ea dearcadh sotalach na mBéarlóirí, a chuireann 95% den chine daonna faoi mhíbhuntáiste. Sin an fáth gur fhoghlaimíos Esperanto – teanga atá dáiríre idirnáisiúnta, seachas bréag-idirnáisiúnachas an Bhéarla.