Tá Old Moore’s Almanac ar fáil don 259ú bliain

Maidir le halmanac an lae inniu ní mór dúinn cuimhneamh i gcónaí gur rímhinic a bhíonn na tairngreachtaí mícheart

Tá Old Moore’s Almanac ar fáil don 259ú bliain

Tá Old Moore’s Almanac 2023 ar fáil anois. Sin le rá go bhfuil an t-almanac céanna ag teacht amach le 259 bliain. Is iontach go deo an t-éacht foilsitheoireachta é.

Gaeilgeoir ba ea Theophilus Moore. B’as Contae Uíbh Fhailí é. Ceaptar gur shíolraigh sé ó Mhuintir Mhórdha a raibh ceannas acu ar Uíbh Fhailí lá den saol.

Ceaptar freisin go raibh gaol aige leis an gcumadóir cáiliúil amhrán Thomas Moore.

D’aistrigh Theophilus Moore go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé thart ar dheich mbliana fichead d’aois. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh scoil bunaithe aige i mBaile an Mhuilinn.

Mhúineadh sé Gaeilge, Béarla, Matamaitic agus Laidin. Ina cheann sin aríst ní dhéanadh sé dearmad réalteolaíocht agus astralaíocht a mhúineadh.

Cá hionadh gur shocraigh sé almanac a chur i dtoll a chéile?

D’éirigh go maith leis an almanac ón tús. Tá neart deiseanna nua-aimseartha clódóireachta agus dáileacháin ann anois ach ní mar sin a bhí fadó.

Ní minic a théadh muintir na tuaithe chuig an gcathair an uair sin le cóip den almanac a cheannacht. Ba mhinic gur fear siúil a thugadh chucu é. Tharlódh sé go mbeadh beart de na halmanaic ar iompar ag a leithéid d’fhear agus go bhfaigheadh sé lóistín na hoíche ar cheann acu.

Maidir le halmanac an lae inniu ní mór dúinn cuimhneamh i gcónaí gur rímhinic a bhíonn na tairngreachtaí mícheart. Dúradh in almanac na bliana anuraidh, mar shampla, go ndéanfaí iarracht Micheál Martin a chur as ceannaireacht Fhianna Fáil. Níor tharla sé fós.

Ach céard faoi thairngreachtaí na bliana seo, arsa tusa? Tá neart den ábhar ginearálta curtha os ár gcomhair.

Tá sé ag luí le réasún go mbeidh fadhb na tithíochta ina lán béil i gcónaí i rith na bliana. Ní theastódh uait bua na fáidheadóireachta a bheith agat le réamheolas a thabhairt faoin aimsir atá i ndán dúinn. Bíodh sin mar atá ceaptar go mbeidh an-teas ann sa samhradh agus go dtitfidh brat sneachta roimh dheireadh na bliana. Tiocfaidh gála tréan freisin. Ní hea ach stoirm nó hairicín. Bí ag caint ar Oíche na Gaoithe Móire!

Is minic dúnmharú a bheith ag tarlú in Éirinn faoi láthair. Más cóir géilleadh don almanac seo déanfar dúnmharú in Éirinn i rith na bliana a bheas ina ábhar nuachta ar fud an domhain.

Is éasca i bhfad ná sin a chreidiúint go mbeidh fadhbanna leanúnacha ar fud na hEorpa de bharr an chogaidh san Úcráin. Is inchreidte freisin go mbeidh corraíl pholaitíochta sa mBreatain de bharr cúrsaí eacnamaíochta a bheith ag éirí níos measa ansin.

Ach oiread le meáin chumarsáide an iarthair fré chéile ní mholann almanac 2023 Putin ná an Rúis. Déanfar iarracht Putin a mharú deirtear linn agus éireoidh a shláinte níos measa.

Buailfidh tinneas Kim Yong-un agus d’fhéadfadh sé go bhfaigheadh sé bás.

Fear eile a ngoillfidh drochshláinte air más fíor is ea Rí Shasana. Beidh sé chomh dona is go dtosóidh an Prionsa William ag tógáil sciar de na cúraimí stáit ar féin. Go deimhin beidh daoine ag rá gurbh fhearr leo William a bheith ina rí ná Séarlas.

Cá mbeadh muid gan tairngreachtaí faoi chúrsaí spóirt.

Deirtear linn gur ag foireann Chiarraí a bheas an bua i gCraobh na hÉireann sa bpeil agus gurb iad foireann Luimnigh a bheas buacach san iománaíocht.

Fiú mura gcreideann tú focal den méid sin ar fad b’fhiú duit Old Moore’s Almanac a cheannacht ar son altanna spéisiúla atá acu faoi Theoiric na hOllphléisce, faoi thionchar na hÉireann ar na hIndiacha Thiar agus faoi thuras Naomh Breandáin go Meiriceá.

Fág freagra ar 'Tá Old Moore’s Almanac ar fáil don 259ú bliain'