Tá oiread Gaeilge i nGleann Cholm Cille fós is atá i gCúige Mumhan ar fad!

Maíonn ár gcolúnaí nach bhfuil ach cúis amháin leis an nGaeilge a bheith faoi choim in iardheisceart Thír Chonaill — easpa infheistíochta

Tá oiread Gaeilge i nGleann Cholm Cille fós is atá i gCúige Mumhan ar fad!

Tá ceiliúradh leathchéad bliain ann i nGleann Cholm Cille i mbliana. Is i 1967 a osclaíodh an ‘clachán’ san áit, togra pobail a tháinig ar an saol faoi chomaoin an Athar Mhic Daibhir, sagart a raibh ainm in airde air lena linn de bharr a chuid scéimeanna sóisialta. Tá an ‘clachán’ faoi bhláth anois faoi bhainistíocht Mhargaret Cunningham agus a foireann, agus clár imeachtaí á reáchtáil acu ann i rith an tsamhraidh idir cheardaíocht agus cheol. Is ann atá léargas ar shaol na háite fadó. Idir an chuigeann agus an criathar, an sleán agus an tuirne, an láí agus an ciseán, tá scéal na ndaoine cuimsithe sna seacht dteach ceann tuí atá neadaithe faoin sliabh lámh leis an trá mhór i mbéal an Ghleanna.

Is cinnte gurb é leas na háite atá sa ‘Chlachán’, ach an bhfuil aon dea-scéal eile ann sa gceantar iargúlta seo a mbíonn formhór na dtithe folamh ann i rith an gheimhridh? Is i Mín an Aoire, mílte beaga ó thuaidh de bhaile na Carraige, atá monarcha éisc ag comhlacht Errigal. An uair is mó a bhíonn éileamh ar iasc an chomhlachta, bíonn suas le 150 duine fostaithe ag Errigal. Níl fostóir ar bith eile sa gceantar atá inchurtha leis.

An tuarastal a shaothraíonn an lucht oibre sa mhonarcha éisc, bíonn cuid de á caitheamh sa teach ósta atá ag Ruairí Ó Domhnaill, áit nach bhfuil ach dhá nóiméad siúil ón monarcha. I dtús an Mheithimh le seacht mbliana fichead anuas, bíonn féile cheoil tigh Uí Dhomhnaill in ómós do thriúr de mhuintir Mhic Ghiolla Cheara, sin iad na fidléirí Micheál, Mick agus Pat Carr as Mín an Aoire. Nuair a bhuail mé féin an doras isteach i mbliana, bhí slua i mbun ceoil ann, an fidléir Bríd Harper ina measc, Tony O’Connell ar an gconsairtín, agus go leor de bhunadh dheisceart an chontae, Tara Connaghan ina measc.

Is beag duine tigh Uí Dhomhnaill an oíche sin nach mbeadh in acmhainn comhrá a dhéanamh i nGaeilge, ach bíodh sin mar atá, is i mBéarla a bhí na daoine ag labhairt lena chéile. Cén fáth sin? Sin ceist a d’fhéadfaí a chur i mbreacGhaeltachtaí na hÉireann le céad bliain anuas. An freagra? Easpa infheistíochta! Féach an ráchairt atá ar áiteanna eile i Tír Chonaill, agus i nGaeltachtaí eile i gcontaetha eile. Trí ní atá i gceantar Ghaoth Dobhair: oifig Údaráis na Gaeltachta, amharclann mhaith, agus stiúideo Raidió na Gaeltachta. Sin trí ní nach bhfuil ó dheas d’Ard an Rátha. Trí ní eile nach bhfuil anseo: craobh d’institiúid tríú leibhéal Gaeilge, stiúideo de chuid TG4, agus aerstráice.

Fós féin, de réir mo thaithí féin, tá oiread Gaeilge sa gceantar seo fós is atá i gCúige Mumhan ar fad! Oiread i dTeileann faoi bhun Shliabh Liag is atá sa Rinn sna Déise. Oiread ar an sliabh i Mín na Croise, i Mín na Saileach agus suas go hArd an Rátha is atá i Múscraí. Oiread idir An Charraig, Gleann Cholm Cille agus Cill Charthaigh is atá i gCorca Dhuibhne. Chuir mé féin caidéis ar chuid de na daoine ann. Ag ól tae a bhí Pádraig Ó hEochaidh i mbialann an Slieve League ar an gCarraig. Chaith Pádraig a shaol ag múineadh stair na hEorpa ar mheánscoil in Achadh an Iúir, Contae an Chabháin. Thug sé míniú do ar a shoinne féin; ‘giolla na gcapall’, ar sé. Is i dteach ósta an Rusty Mackerel a casadh dom tuilleadh den phobal. Bhí an seanchaí Eoin Ó Curraighin ina measc. Bhí tomhas aige dom. ‘Cén ní is gaiste nuair a bhíos a chois briste?’ ar seisean liom agus na súile ag glinniúint go mion ina cheann. ‘Fág liom é!’ arsa mise. Ní fada gur shuigh fear eile le mo thaobh. ‘‘Cén ní is gaiste nuair a bhíos a chois briste?’ arsa mise leis. ‘Gas raithní anonn is anall sa ghaoth,’ arsa seisean gan an dara hanáil a tharraingt.

Is sa gcistineach in Oideas Gael a casadh dom Paddy Beag. Má tá Peatsaí Dan Mac Ruairí ina rí ar Oileán Thoraí, seans go bhfuil mianach rí i Paddy Beag, nó mianach taoisigh ar a laghad. Tá seanchas na háite ar a thoil aige, agus is fial a roinneann sé a chuid eolais. D’fhiafraigh mé de Phaddy Bheag an bhfuil ainm faoi leith ar leithinis ó Ard an Rátha agus Na Cealla Beaga siar. Freagra níor thug sé orm ach gur cuid de Thír Chonaill atá ann.

Ní fada a bheas duine sa taobh seo tíre go gcloise sé iomrá ar an seal a chaith Dylan Thomas ann ar mhaithe lena shláinte, nó ar an seal a chaith an t-ealaíontóir Meiriceánach Rockwell Kent ann ceithre scór bliain ó shin. Strainséirí: sin iad na daoine is mó a bhfuil cuimhne orthu san áit de réir cosúlachta. Is le Rann na Feirste a luaitear scríbhneoirí an chontae, mura gcuirfí ach an bheirt Ghrianach san áireamh, agus le Gort an Choirce, mura mbeadh ann ach Cathal Ó Searcaigh. Tá iardheisceart Thír Chonaill fós ag súil le fear pinn a chuirfeadh scéal na háite ar pháipéar mar a rinne An Direánach, an Cadhnach, an Conaireach, nó an Conghaileach i gConamara, ní áirím go leor eile nach iad.

Ní hin le rá nach bhfuil bunadh na háite i mbun pinn ná scuaibe in Iardheisceart Thír Chonaill. Osclaíodh taispeántas pictiúr leis an ealaíontóir Conall Mac an tSaoir i sráidbhaile an Chaisil, Gleann Cholm Cille, ar an 9ú Iúil, agus bhí comhluadar ilteangach ann ag baint lán na súl as an saothar. s ag trácht é ar imeachtaí cultúir san áit, déanaigí fiosrú faoi ‘Cheol na gConallach’ i gCill Charthaigh má bhíonn sibh ag dul an bealach, sraith atá á heagrú ag Seán Ó Beirn san Áislann. Focal scoir: is é ‘cé mos atá sibh?’ an gnáthbheannú a chloistear anseo. Sin ‘cé mar is atá tú?’ ó thús. Is ó thuaidh d’Ard an Rátha a deirtear ‘caidé mar atá tú?’. Ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Tá oiread Gaeilge i nGleann Cholm Cille fós is atá i gCúige Mumhan ar fad!'

  • Lillis Ó Laoire

    Shíl mé gur ‘Caidé nó goidé mars tá tú?’ a bhí ann.

  • Diarmuid Johnson

    Ah! Is dóigh é freisin. Grma.

  • Amhrasach

    Ní raibh aon Ghaeilge á labhairt sa teach ósta ach tá an oiread Gaeilge i nGleann Cholm Cille is atá i gCúige Mumhan ar fad? Níl’s agam cén chaoi ar tháinig tú aníos leis an tuairim sin! Agus cén chaoi a bhfuil a fhios agat gur beag duine a bhí ann nach mbeadh in acmhainn comhrá a dhéanamh i nGaeilge?!

    Ar ndóigh ba cheart tacú leis an teanga i nGleann Cholm Cille agus muintir na háite a ghríosú le hí a labhairt ach ní fíor-Ghaeltacht í. Lonnaíodh RnaG, oifigí an Údaráis srl. i dtuaisceart an chontae an chéad lá ariamh mar bhí an Ghaeilge níos láidre ann sa chéad áit. Ní a mhalairt. Agus ní féidir a rá nach ndearnadh aon infheistíocht i nGleann Cholm Cille. Tá ag éirí go seoigh le hOideas Gael ach is léir gur beag tionchar atá sé a imirt ar nósanna teanga an phobail. Ar bhealach is trua nach bhfuil sé lonnaithe i gceantar níos láidre Gaeltachta. Is trua liom na foghlaimeoirí bochta mar ní féidir leo an Ghaeilge atá foghlamtha acu a chloisteáil ná a úsáid mórán i measc an phobail!

  • Mánus

    An teanga ina gcodladh fós i measc go leor sa cheantair ach bíonn an “pop up Gaeltacht” is mó ar domhain ag Oideas Gael ins an Ghleann sa samhradh! Nach fearr go mbíonn foghlaimeoirí an choláiste ag cur brú ar mhuintir iardheiscirt Dhún na nGall an Ghaeilge a labhairt leo ná go mbeadh táirneoirí agus siopadóirí ag cur brú urthu na scoláirí an Béarla a labhairt mar a bhíonn san ‘”FhíorGhaeltacht” níos faide ó thuaidh?

  • Feardorcha

    Dealraíonn sé go mbeadh muintir Ghleann Cholm Cille sásta Gaeilge a labhairt ina measc féin sa phub, bail ó Dhia orthu, dá bhfaighidís: oifig Údaráis na Gaeltachta, amharclann mhaith, stiúideo Raidió na Gaeltachta, craobh d’institiúid tríú leibhéal Gaeilge, stiúideo de chuid TG4, agus aerstráice.
    Chanfaí amhrán breá Gaelach agus dhéanfaí steipeadaíl leath-Ghaelach in aghaidh na hoíche dá dtógfaí oifig de chuid Fhoras na Gaeilge agus Internet Café beag deas sa cheantar.

  • Donncha

    ‘Is beag duine tigh Uí Dhomhnaill an oíche sin nach mbeadh in acmhainn comhrá a dhéanamh i nGaeilge, ach bíodh sin mar atá, is i mBéarla a bhí na daoine ag labhairt lena chéile……..

    Fós féin, de réir mo thaithí féin, tá oiread Gaeilge sa gceantar seo fós is atá i gCúige Mumhan ar fad!’

    AN BHUIL AON BHUNÚS LEIS AN RÁITEAS SEO?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An sciar den phobal (3bhl+) a deireann sa daonáireamh gach 5 bhliain go n-usáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oireachais, an tomhais is fearr a usáid le comparáid a dhéanamh ar staid na Gaeilge agus usáid na Gaeilge idir ceantair éagsúla Gaeltachta. Níl sé foirfe mar thomhais ach sé an tomhais is fearr atá againnn. Cainteoirí Gníomhacha a thugaim ar daoine a mhaíonn go nusáideann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

    Do réir torthaí ón Daonáireamh a tógadh i 2016 bhí 3,388 Cainteoirí Gníomhacha Gaeilge i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile. Bhí 322 sa gceantar Gaeltachta (Iardheisceart Dhún na nGall) atá i gceist ag Diarmaid san alt thuas: Teileann, Gleann Cholmcille, Mín na Croise, Mín na Saileach, Cill Chártha, agus An Charraig suite. Tá sé le tuiscint ó sin go bhfuil 10 oiread níos mó Cainteoirí Gníomhacha i gCúige Mumhan ná mar atá in Iardheisceart Dhún na nGall.

    Ar ndóigh tá daonra níos mó ann chomh maith, 14,500 i nGaeltachtaí na Mumhan gcomparáid le 3,036 in Iardheisceart Dhún na nGall.

    Tá an daonra beagnach céanna i Múscaí ach tá 500 níos mó Cainteoirí Gníomhacha i Múscaí ná mar atá i Iardheisceart Dhún na nGall. Fiú amháin sna Déise le daonra faoi bhun 2,000 duine, tuairiscíodh 145 níos mó cainteoirí gníomhacha Gaeilge ann, ná mar a tuairiscíodh in Iardheisceart Dhún na nGall.

    Sin iad na fíricí loma.

  • Gearóid de Grás

    Níor léigh mé a leithéid de sheafóid is atá san alt seo le tamall fada!

  • Diarmuid Johnson

    Dia dhaoibh, a chairde! Míle buíochas as ucht bhur gcuid tuairimí. Oiread Gaeilge in Iar-Dheisceart Thír Chonaill is atá i gCúige Mumhan? Tá rian na háibhéile ar an ráiteas céanna! (Is é an t-eagarthóir a chuir ‘Gleann Cholmcille’ sa gceannteideal.) De réir mo thaithí féin, a deirim. Sin taithí míosa uair sa mbliain le trí bliana anuas. Ráithe. An té a shíl mé a bheith ina Bhéarlóir an chéad bhliain, mheabhraigh seo dhom nach mar a síltear a bítear. N.B. agus an ceart ag an té a dúirt: ní labhraíonn mórán daoine an Ghaeilge ann ‘achan lá’. Is rud é idir bás agus beatha atá ann a dtugtar ‘dormancy’ air. Ach cuir fadú faoin tine, agus beidh téamh na mbos ann. N.B. aríst. Ceist na canúna. Ní thuigeann muintir na háite Gaeilge na Galltachta. Ach labhair Gaeilge na Gaeltachta leo, agus tabhair leat beagán den chanúint, agus tiocfaidh rud ar ais chugat. Go raibh maith agaibh. DJ

  • Éadóchasach

    An bhfuil sé sin cloiste agat anois, a Dhonncha: Tá an t-alt so bunaithe ar ‘thaithí’ an údair féin (.i. ar na trí fichid de laethanta atá caite aige in Iardheisceart Thír Chonaill i gcaitheamh na trí bliana seo caite, agus n’fheadar éinne an mó lá atá caite aige i gCúige Mumhan ná in aon cheann desna Gaeltachtaí atá ann…agus is leor san!).

    Ní theastaíonn do chuid fíricí uainne, tá taithí aon dhuine amháin againn!

    Mar a dúirt an té a dúirt é (.i. mo dhuine seo thuas): A leithéid de sheafóid nár léas le tamall fada…

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Caithfear coinnigh i gcuimhne gur “tuairimíocht” atá i gceist anseo… agus mo thuairimse féin ná go raibh Gaeilge lena cloisteáil chuile chúinne i nGleann agus mé féin ann na blianta fadó :-)