Tá oideachas ag baint leis an bpictiúir ar an mballa bíodh sé i scoil an Spidéil nó sa Ghailearaí Náisiúnta

Ba é an Gailearaí Náisiúnta Ealaíne a chuir oideachas ar George Bernard Shaw agus ní dhearna sé dearmad air sin riamh

Tá oideachas ag baint leis an bpictiúir ar an mballa bíodh sé i scoil an Spidéil nó sa Ghailearaí Náisiúnta

Bhí an grianghraf stróicthe ina dhá leath nuair a tháinig mé air sa bhosca marcáilte ‘Doire Locháin’. Ach le cabhair beagán sellotape d’éirigh liom é a chur le chéile in athuair.

Bhí sé ag freastal ar Scoil Mhichíl Naofa sa Spidéal nuair a roghnaíodh pictiúr a rinne Eoin, don chomórtas náisiúnta Ealaíon na bPáistí. A mhúinteoir Bairbre Hergett a ghríosaigh é chun an pictiúr a dhéanamh.

Beidh cuimhne agam go deo ar an lá mór sin, slua mór páistí ó cheann ceann na tíre bailithe le chéile sa nGailearaí Náisiúnta le haghaidh an taispeántais. Agus bhí saothar ealaíne le gach duine díobh crochta le taobh saothar cáiliúil le duine de na ‘máistrí’ ealaíne. Is cuimhin liom go raibh saothar le Pieter Brueghel in aice lenár mbord snúcair.

Bhraith mé an bród céanna i measc an tslua a bhí ag tabhairt cuairt ar an nGailearaí an lá cheana chun féachaint ar na pictiúir i dtaispeántas na bPortráidí, urraithe ag Zurich. Bhí rannóg ar leith ann do pháistí agus bhí daoine tagtha isteach ag breathnú ar a gcuid saothar féin, crochta den chéad uair sa nGailearaí.

Bhí bean amháin ag glacadh pictiúir dá hiníon le hais a saothair ealaíne. Chuir sé mo sheanghrianghraf féin i gcuimhne dom ar an bpointe. Bhíodar breá sásta labhairt liom.

‘I was bored,’ a dúirt Zihan He liom agus í ag trácht ar an tréimhse a raibh sí faoi dhianghlasáil. Ach chaith sí go leor ama os comhair an scátháin, dúirt sí liom, ag sceitseáil le peann luaidhe agus ag déanamh portráidí di féin.

‘Tá mé 11 bliain anois ach bhí mé deich mbliana nuair a tharraing mé an pictiúr.’

Bhí a máthair, a hathair agus a deirfiúr Wendy in éindí léi agus iad ar fad ag baint sásaimh as an onóir a bhí bronnta ar Zihan agus a pictiúr crochta san institiúid ealaíne is tábhachtaí sa tír.

Gar go maith do thaispeántas na bPortráidí, tá taispeántas eile ag comóradh an fhir a chinntigh go mbeadh an gailearaí sin againne cáiliúil i measc institiúidí náisiúnta an domhain – George Bernard Shaw.

Seachtó bliain go ham seo a bhásaigh an drámadóir agus an scríbhneoir clúiteach i Londain. Ach ba in Éirinn a rugadh é agus mar a dúirt sé féin, ba é an Gailearaí Náisiúnta Ealaíne a chuir oideachas air. Ba mhinic é ar iarraidh ón mbaile agus gan éinne ag tabhairt aon aird air – ach istigh ansin a bhíodh sé, ag déanamh staidéir ar na saothair ealaíne.

Ní raibh aon chlann ar na Shaws agus nuair a bhásaigh sé, chinn sé a shaibhreas a fhágáil ag trí institiúid – Músaem na Breataine, an tAcadamh Drámaíochta i Londain agus an Gailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Bhí an tiomnacht sin bunaithe ar na dleachta a thiocfadh óna shaothar litríochta san am a bhí le teacht. Ba dheacair luach a chur air ag an am.

Ach mhéadaigh an tsuim airgid sin as cuimse le himeacht ama, toisc gur éirigh chomh maith sin lena dhráma Pygmalion ar an stáitse agus an scannán a bhí bunaithe air, My Fair Lady ina dhiaidh sin. Tháinig sruth láidir airgid ó na dleachta údair chuig an nGailearaí ar feadh na mblianta.

Ag deireadh na bliana seo, tiocfaidh deireadh leis na cearta sin, agus deireadh dá réir leis an sruth ioncaim sin chuig an nGailearaí. Meastar anois, gurbh fhiú €12.5 milliún an t-ioncam sin i gcaitheamh na mblianta.

Lena chur i gcomhthéacs – nuair a fuair George Bernard Shaw bás seachtó bliain ó shin, bhí £1,000 punt ag Stiúrthóir an Ghailearaí, le caitheamh ar shaothair ealaíne. Faoin am go raibh sruth foirfe airgid ag teacht ó thiomnacht Shaw, bhí an scéal scaipthe i measc an domhain ealaíne go raibh ciste maith i mBaile Átha Cliath.

Thosaigh gníomhairí ealaíne ag cur scéala ag an stiúrthóir aon uair go raibh pictiúr maith le díol acu.

Faoi láthair agus tú ag dul thart ar na saothair éagsúla, feicfidh tú lipéad le ‘Purchased, (Shaw Fund)’ in aice le go leor, leor saothar ealaíne. Chonaic mé pictiúir le Murillo, Tintoretto, Nathaniel Hone, William Scott agus Jack B Yeats ar mo sciuird thart ann – iad uilig ceannaithe le cabhair an chiste. In áit eile, tá balla iomlán clúdaithe le híocóin agus ealaín altóra ón Rúis agus ó oirthear domhain – cuid acu na céadta bliain d’aois, arís ceannaithe ag an gciste.

Deirtear gurbh é Stiúrthóir na Dánlainne, James White, a bhí i mbarr a réime sna seascaidí, ba mhó a bhain ceart as airgead Shaw agus é ag ceannach ealaíon ar fud an domhain ar son na hÉireann. Ní bheadh seans ar bith ag stiúrthóir dánlainne poiblí anois dul go dtí an margadh ealaíne agus margadh a dhéanamh ar son pictiúir le Tintoretto. Theastódh roinnt milliún euro le pictiúr maith le Murillo nó Tintoretto a cheannach anois.

Drochsheans go n-airgeadódh Paschal Donoghue an ceannachán sin sa lá atá inniu ann.

Nach orainne atá an t-ádh go raibh Shaw chomh flaithiúil sin agus, cé gur chaith sé a shaol mar dhuine fásta i Sasana, gur thuig sé an tairbhe a fuair sé as a chuid ‘scolaíochta’ sa Dánlann Náisiúnta agus gur aige sin a d’fhág sé an tríú cuid dá shaibhreas?

Samhlaím go mbeadh miongháire ar a bhéal dá mbeadh sé in ann breathnú ar scoláire óg as Baile Átha Cliath, Zihan He, agus í ag treorú a muintire thart ar thaispeántas portráidí Zurich. Dúirt Shaw gur chuma lena chlann féin cén áit a mbíodh a thriall tar éis na scoile – ní mórán aire a thug aon duine dó. Agus istigh sa Dánlann a bhí sé, formhór an ama.

Tá roinnt cosúlachtaí aige le Zihan, a dúirt go raibh sí ‘bored’ an t-am ar fad, i rith na paindéime. Agus fuair sí sólás os comhair an scátháin ina seomra féin lena cuid pinn luaidhe agus leabhar sceitseála.

Agus b’fhéidir níos faide siar, gur thug Bairbre Hergett faoi deara go raibh leaid óg sa Spidéal a raibh cumas ealaíne aige agus go raibh oideachas le fáil san ealaín freisin? Agus gur cuma faoin dá phóca breise a chuir sé ar an mbord snúcair – nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ceadúnas ealaíontóra?

Fág freagra ar 'Tá oideachas ag baint leis an bpictiúir ar an mballa bíodh sé i scoil an Spidéil nó sa Ghailearaí Náisiúnta'