Níl ciall ar bith le ‘Solas’ mar ainm ar fhoras stáit, toisc nach mbaineann solas ná soilsiú in aon chor lena ghnó. Ní foláir mar sin gach uair a thagraítear sna meáin don eagraíocht ar a dtugtar Solas ceithre fhocal breise a scríobh ionas go dtuigfear go bhfuiltear ag tagairt don Údarás Breis-Oideachais agus Oiliúna.
D’fhéadfaí colún iomlán a scríobh faoi leibideacht stáit dá leithéid, fiú gan tagairt do ‘Tusla’, an neamhfhocal a cumadh mar theideal ar an eagraíocht a dhéanann fóirithint ar pháistí cé nach bhfuil (nó b’fhéidir toisc nach bhfuil) ciall ar bith leis, i nGaeilge ná i mBéarla. Ach féach, b’fhearr gan an iomarca ama a chaitheamh ar raiméis, go háirithe agus ábhar fiúntach cainte agus machnaimh curtha os ár gcomhair ag Solas.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh, maireann fir na hÉireann ar an meán go mbíonn siad 78.4 bliain d’aois, agus mná ar an meán go dtí 82.8. Is i gclaonadh na bhfigiúirí atá an dea-scéal: tá ár n-ionchas saoil ag síneadh leis i gcónaí.
Idir 2006 agus 2011, tháinig fad breise 1.6 bliain ar mheánfhad saoil na bhfear, agus fad breise 1.2 bliain ar mheánfhad saoil na mban. Breis agus bliain sa bhreis ar an saol seo mar sin, in imeacht chúig bliana, agus deir na saineolaithe go leanfar leis an gclaonadh sin.
Cé a dúirt nach mbíonn dea-scéalta ar Tuairisc.ie?
Is ar an aoisghrúpa atá idir 50 agus 59 bliain d’aois atá an tuairisc a d’eisigh Solas dírithe, cé gur léir a tábhacht d’oibrithe atá níos sine. Deir an tuairisc gur mó an seans atá ann go n-éireoidh daoine atá sna caogaidí, seachas in aoisghrúpaí eile as a gcuid oibre.
Moltar athoiliúint agus sceidil oibre níos solúbtha mar bheartais a bheas níos
riachtanaí le himeacht aimsire chun daoine a ghríosú chun leanacht ar aghaidh mar oibrithe. Ní hionann leanacht ar aghaidh ag obair agus leanacht leis an obair chéanna, mar is eol do gach oibrí, agus dúisíonn an ráiteas simplí ceisteanna nach féidir le Solas a réiteach go hiomlán.
Tá dualgas ar fhostóirí, a deir an tuairisc, deiseanna athoiliúna a thabhairt d’oibrithe, go háirithe má chuireann athruithe teicneolaíochta imní orthu. Faraor, ní leor gríosú dá leithéid chun nósanna a athrú. Beidh athrú meoin riachtanach freisin, chomh maith le hoiliúint oiriúnach.
Beidh córas fabhrach pinsin ag teastáil, ionas nach laghdóidh an pinsean atá ag duine mar gheall ar laghdú ar a uaireanta oibre sna blianta deireanacha roimh éirí as an obair dó.
Níor thagair Joan McNaboe, bainisteoir taighde an údaráis, do chúrsaí pinsin agus cur síos á dhéanamh aici ar phríomhphointí na tuairisce, ach ní cóir do pholaiteoirí neamhshuim a dhéanamh d’ábhar chomh tábhachtach. Ba chóir d’fhostóirí súil a choimeád ar chaighdeán agus ar leagan amach na gcúrsaí athoiliúna a chuireann Solas ar fáil, d’fhonn a dheimhniú go n-oireann siad go hiomlán do riachtanais (a) an oibrí agus (b) an fhostóra.
Ní beag an t-amhras a chuireann leithéid na tuairisce a d’fhoilsigh Solas ar mhórán toisc nach mbaineann siad le fadhbanna a chaithfear a réiteach inniu nó amárach. Sin ráite, ní hacmhainn don stát dearmad a dhéanamh ar an gceist seo.
De réir mar a théann ár n-ionchas saoil i bhfad, beidh ar ár bhformhór breis ama a chaitheamh ag obair. Beidh dualgas nach féidir a chur i leataobh ar an rialtas agus ar rialtais eile amach anseo aghaidh a thabhairt ar na hathruithe a thug Solas (gabh mo leithscéal, a léitheoir dhil) chun solais.
Fág freagra ar 'Tá oibrithe aosta de dhíth ar an tír, agus cabhair de dhíth orthu'