Tá nóisean ag Brokenshire go gcuirfear brú ar an DUP agus Sinn Féin filleadh ar Stormont. Go bhfóire Dia ar a chiall…

Má theastaigh meabhrú ó éinne nach bhfuil polaiteoirí ag riaradh ná ag rialú Thuaisceart Éireann rinne Ophelia an gnó

Tá nóisean ag Brokenshire go gcuirfear brú ar an DUP agus Sinn Féin filleadh ar Stormont. Go bhfóire Dia ar a chiall…

Ba é scéal mhadra na n-ocht gcos é ar na sráideanna, an léarscáil aimsire ó Mheiriceá a thaispeáin an spéirling Ophelia ina lánstad ag an teorainn. Meon na críochdheighilte ag Ophelia! Í sáinnithe sa deisceart mar go raibh teorainn chrua ann de bharr an Bhreatimeachta! Caithfidh sé gur aontachtach í Ophelia, a tvuíteáil polaiteoir.

Ní raibh sé baileach chomh greannmhar gur chosúil gur chreid cibé údaráis atá i réim i dTuaisceart Éireann nach dtiocfadh an spéirling aneas.

Murab ionann agus an Phoblacht níor fógraíodh foláireamh nó comhairle faoi shábháilteacht le linn na stoirme go dtí an nóiméad deiridh abhus. Bhí múinteoirí agus tuismitheoirí an-mhíshásta faoin chaoi ar láimhseáil an státseirbhís dúnadh scoileanna. Eisíodh ráiteas ag 10.22 istoíche Dé Domhnaigh ag moladh go ndúnfaí scoileanna Dé Luain. Ní raibh a fhios ar threoir a bhí ansin agus bhíothas feargach mar nach mbeadh am ag teaghlaigh chun socruithe a dhéanamh faoi chúram páistí. Níor fógraíodh go dtí an Luan nach n-osclódh ollscoileanna agus rinne daoine gearáin freisin nach bhfuair siad treoir ná rabhadh in am faoi chúrsaí sábháilteachta ar bhóithre agus le cósta.

D’admhaigh ceannaire na státseirbhíse David Sterling gur cheart comhairle agus eolas a bheith curtha ar fáil don phobal níos túisce ná mar a rinneadh. Ó am lóin ar an Luan bhí an grúpa pleanála teagmhais i mbun oibre agus sruth leanúnach eolais á sholáthar. Deireanach sa lá dúirt an Státrúnaí James Brokenshire go mbeadh Arm na Breataine faoi réir le theacht i gcabhair ar dhaoine dá mba ghá. Ní milleán ar bith ar an státseirbhís é, ní hé a ngnó sin a bheith réamhghníomhach, sin é dualgas na bpolaiteoirí.

Má theastaigh meabhrú ó éinne nach bhfuil polaiteoirí ag riaradh ná ag rialú Thuaisceart Éireann rinne Ophelia an gnó. Ní hamháin gur chuir sí moill ar iarracht réitigh iar-uachtarán Mheiriceá, Bill Clinton, ach tharraing sí aird ar an bhfolús agus ar an éidreoir pholaitiúil, díreach mar a rinne easnaimh eile.

Ina measc sin bhí easpa ionchuir ó Stormont faoin mBreatimeacht tráth a bhfuil idirbheartaíocht leis an mBruiséil i sáinn, fadhbanna sa chóras sláinte, sa chóras oideachais, sa chóras leasa shóisialaigh, i gcúrsaí tithíochta agus, chomh maith, le heaspa gnímh an Státrúnaí Brokenshire atá in ainm is a bheith freagrach as gnóthaí inmheánacha cheal rialtas díláraithe.

Níl barántas ar bith againn go láimhseálfadh na polaiteoirí logánta na fadhbanna sin go héifeachtach dá mbeadh Feidhmeannas ar ais i Stormont. Bhí roinnt daoine ag tuar an tseachtain seo caite go raibh réiteach ar na bacáin d’ainneoin cibé cainteanna a bhí ar siúl idir an DUP agus Sinn Féin le míonna anuas a bheith níos rúnda ná dreas ar bith eile den scéal fadálach seo. Chuir an DUP agus Sinn Féin stop go borb leis an tuairimíocht sin ar an Satharn, Arlene Foster agus Gerry Adams ag rá, fá seach, go raibh mór-údair easaontais fós gan réiteach. Sin jab duitse, Bill Clinton.

Seans maith go bhfuil na difríochtaí nó na neamhréireanna idir an DUP agus Sinn Féin chomh bunúsach sin go bhfuil sé dodhéanta Feidhmeannas marthanach a bhunú. Naoi mí tar éis titim Stormont níl sé soiléir cá seasann ceachtar páirtí agus an baol ann go mbeadh margadh, dá ndéanfaí ceann, neamhsheasmhach. Anuas air sin, tá an tsiléig ceadaithe ag James Brokenshire. Is minic a deir sé go gcaithfidh rialtas na Breataine gníomhú mura ndéanann an DUP agus Sinn Féin margadh, ansin tugann sé síneadh ama dóibh, arís agus arís eile.

Bhí an t-ádh dearg ar Brokenshire nár tharla tubaiste de bharr Ophelia nó easpa ullmhúchán di. Ach ní thig leis talamh slán a dhéanamh de nach dtarlóidh géarchéim agus gan éinne i gceannas. Cé chomh fada is a cheadóidh sé an éidreoir? Is cosúil go bhfuil nóisean aige go gcuirfidh a lucht tacaíochta brú ar an DUP agus Sinn Féin chun filleadh ar Stormont. Go bhfóire Dia ar a chiall. Teastaíonn Stormont ó lucht tacaíochta an DUP fad is nach ngéilleann an páirtí tada. Ní theastaíonn Stormont ó lucht tacaíochta Shinn Féin mura ngéilleann an DUP. Maidí gach éinne ag imeacht le sruth.