TÁ NÓ NÍL?: Toradh vóta cinniúnach faoi chomhrialtas stairiúil le fógairt

Deir an Taoiseach Leo Varadkar gurb é a thuar féin go nglacfadh baill na dtrí pháirtí leis an gclár rialtais rud a réiteodh an bóthar do thoghadh Micheál Martin ina Thaoiseach amárach

TÁ NÓ NÍL?: Toradh vóta cinniúnach faoi chomhrialtas stairiúil le fógairt

Fógróidh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas na torthaí ar vóta inmheánach na bpáirtithe ar an gclár comhrialtais inniu.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir gurb é a thuar féin go nglacfadh baill na dtrí pháirtí leis an gclár rialtais, rud a réiteodh an bóthar do thoghadh Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, ina Thaoiseach amárach.

Dúirt Varadkar gur dóigh leis go mbeadh an vóta ar son ‘Tá’ níos airde ná mar a shíleann daoine agus go mbeadh rialtas nua amárach ann.

Má thugann cosmhuintir na bpáirtithe a mbeannacht don rialtas nua, d’fhágfadh sé go mbeadh deargnaimhde na polaitíochta, Fianna Fáil agus Fine Gael, i gcomhrialtas le chéile beagnach céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha as ar eascair an dá pháirtí.

Bheadh sé ar an dara huair ag an gComhaontas Glas dul i mbun rialtais.

Tá formhór mór na vótaí caite faoin tráth seo agus deirtear go bhfuil an toradh i gcás an Chomhaontais Ghlais idir dhá cheann na meá.

Deir foinsí éagsúla gur deacair a rá an Tá nó Níl a déarfaidh an móramh is gá, dhá thrian de na baill.

Chuir an Comhaontas Glas leis an líon daoine a bhí i dteideal vótáil faoin gclár ar an bhfón.

Cuireadh ríomhphost chuig na baill lena chur in iúl dóibh go bhféadfadh aon bhall a bhí cláraithe agus nach bhfuair a bpáipéar ballóide vótáil ar an bhfón.

Bhí daoine aitheanta ar an dá thaobh den mholadh i mbun feachtais le roinnt laethanta agus na mílte glaoch gutháin á ndéanamh acu.

Ag meán lae inniu a thosóidh an comhaireamh ar vótaí an Chomhaontais Ghlais agus táthar ag súil le toradh idir a sé agus a seacht a chlog tráthnóna.

1,962 duine a bhí i dteideal vótáil sa pháirtí agus ceaptar go vótálfaidh formhór an 195 ball atá ag an bpáirtí ó thuaidh den teorainn i gcoinne an mhargaidh.

Beidh an córas polaitíochta “i gcruachás” ag deireadh na seachtaine má dhiúltaíonn baill an Chomhaontais Ghlais don chomhrialtas atá á mholadh, a dúirt ceannaire an pháirtí sin, Eamon Ryan.

Sular tosaíodh ag comhaireamh vótaí na mball faoin gcomhrialtas idir iad féin agus Fianna Fáil agus Fine Gael, dúirt Ryan nár phléigh na trí pháirtí a mhalairt de mhargadh seachas an ceann atá sa gclár rialtais.

“Tá muintir na hÉireann ag fanacht go bhfeicfidh siad an féidir rialtas a chur le chéile. Tá súil agamsa gur féidir agus murar féidir beidh an córas polaitíochta i gcruachás,” a dúirt sé.

Dúirt Eamon Ryan go raibh “na bearta gnímh ar son na haeráide is uaillmhianaí dá bhfacthas riamh in aon tír” sa gclár rialtais atá aontaithe.

“Is céim chomh mór sin chun cinn é sin go gcaithfidh chuile dhuine a bheith páirteach ann,” a dúirt an ceannaire.

Dúirt Ryan go gcreideann sé go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael “sásta tabhairt faoi na hathruithe a chaithfimid a dhéanamh” agus iad “breá sásta oibriú mar fhoireann” chun an gníomh sin a dhéanamh “ar bhealach a chuirfidh an obair sin i gcrích agus a chuideoidh linn an ghéarchéim eacnamaíochta a chur dínn”.

Idir an dá linn, dheimhnigh an Taoiseach Leo Varadkar aréir go mbeifear ag bogadh ar aghaidh Dé Luain go dtí Céim 3 de phlean díchuibhrithe an rialtais, mar a mbeidh deireadh le formhór mór na srianta dianghlasála.

“D’fhulaing muid go dona sa tír seo ach tháinig muid tríd agus táimid réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar lá nua,” a dúirt Leo Varadkar anocht.

Dúirt Leo Varadkar nár ghá dó an óráid a chríochnú le dán nó le sliocht, mar go raibh dóchas againn anois arís a bhuíochas don obair chrua a rinne muintir na hÉireann.

Ag labhairt dó ag preasócáid a d’fhéadfadh a bheith ar an gceann deireanach aige mar Thaoiseach go dtí 2022, dúirt Varadkar gurb é an “onóir is mó ina shaol” an post sin a bheith aige le trí bliana anuas.

“Tá trí bliana caite agam i mo Thaoiseach agus is é sin an onóir is mó a bhí agam ó rugadh mé. Is mó a d’fhoghlaim mé le trí mhí ná a d’fhoghlaim mé sa tréimhse ar fad atá caite agam leis an bpolaitíocht,” arsa an Taoiseach.

D’fhógair Varadkar chomh maith go mbeadh cead taisteal thar lear go dtí tíortha áirithe ar an 9 Iúil. Mhol sé do dhaoine gan laethanta saoire a chur in áirithe nó go bhfoilseofaí liosta na dtíortha atá i gceist.

Aon duine a bheidh ag taisteal go dtí ceann de na tíortha a bheidh ar an liosta, ní bheidh air dul ar choraintín ar feadh 14 lá ach a bhfillfidh sé ar Éirinn. Déanfar athbhreithniú ar an liosta gach coicís, bunaithe ar líon na gcásanna den choróinvíreas sna tíortha éagsúla.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go mbeidh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí. Ní bheidh aon phionós i gceist ar shárú na rialach.

Beidh cead taistil go dtí oileáin na tíre ag cách ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh. Tá éiginnteacht mhór ann le cúpla seachtain anuas faoi céard a bhí i ndán don chosc taistil i gcás na n-oileán agus easaontas ann faoin gcur chuige ab fhearr.

Mhol an Taoiseach muintir na hÉireann agus na hoibrithe tús líne go háirithe as a raibh curtha díobh acu ó thús na paindéime.

“D’fhoghlaim muid nach cultacha lucht leighis a bhíonn ar gach laoch, tugann cuid acu an post chugainn, agus éide na n-ollmhargaí a bhíonn ar chuid eile acu. Ní amhrán, ná dán, ná sliocht ná briathra inspioráide na focail deiridh atá agam daoibh anocht ach focail bhuíochais do gach uile dhuine agaibh, is agaibh féin amháin atá a fhios an t-ualach trom a bhí le hiompar agaibh.”

Dúirt Leo Varadkar go raibh súil aige nach mbeadh ar Éirinn dul trína leithéid seo go deo arís, ach go gcaithfí ceachtanna a fhoghlaim ón ráig seo agus a bheith faoi réir don dara maidhm den víreas.

Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh lá náisiúnta cuimhneacháin ann amach anseo i gcuimhne ar na daoine ar fad a chuir an coróinvíreas den saol.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe. 

11 cás nua den ghalar a deimhníodh. 

Ní raibh bás aon duine eile de thoradh an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt agus níor deimhníodh ach cás nua amháin ó thuaidh. 

2,274 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,727 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.

30,280 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,405 cás ó dheas den teorainn agus 4,875 cás ó thuaidh di.

Ní raibh aon chás nua le fógairt in aon cheann de na contaetha Gaeltachta. Tá níos mó ná seachtain ann ó aimsíodh cás nua ar bith i nGaillimh, i nDún na nGall ná i gCorcaigh.

Fág freagra ar 'TÁ NÓ NÍL?: Toradh vóta cinniúnach faoi chomhrialtas stairiúil le fógairt'

  • Lorcán Bermingham

    Prácas damanta i ndán don tír muna mbeidh cobhsaíocht pholaitiúila i bhfeidhm tráthnóna!