Tá níos mó ná mótair idir chamáin i Le Mans’66

Is éard atá againn i gcuid mhaith de scannán nua James Mangold ná lucht na gcairteacha in éadan lucht na gcultacha agus bainfidh idir andúiligh is aineolaigh sásamh as

Tá níos mó ná mótair idir chamáin i Le Mans’66

Le Mans’66

Stiúrthóir: James Mangold

Cliar: Matt Damon, Christian Bale, Jon Bernthal, Caitriona Balfe, Josh Lucas, Tracy Letts

Ba bheag é mo chur amach ar rás gluaisteán Le Mans sara dtugas faoin saothar seo. Rás é seo in mbíonn ar na hiomaitheoirí an bóthar a bhualadh ar feadh 24 uair an chloig ar chúrsa Circuit de la Sarthe in Le Mans, cathair i dTuaisceart na Fraince.

Tástáil seasmhachta don tiománaí agus don mhótar araon. Ní chiallaíonn easpa tuisceana ar Le Mans nó rásaíocht ghluaisteán i gcoitinne nach féidir taitneamh a bhaint as an saothar seo, ach is cinnte go mbainfidh siad siúd atá gafa leis an spórt seo súp as an scannán. Go deimhin b’amhlaidh a bhí le Rush (2013), scannán le Ron Howard a thug éachtaint ar an ngéarchoimhlint idir Niki Lauda agus James Hunt sna seachtóidí.

Ach oiread le saothar Howard tá níos mó ná mótair idir chamáin sa saothar seo. Ag tús an scannáin címid Carroll Shelby (Damon) ag buachtaint rás Le Mans i 1959. I radharc díreach ina dhiaidh sin tá a dhochtúir ag fógairt air a hata a chaitheamh leis an gceird óir go bhfuil máchail ar a chroí. Maireann an dúil mhíchuibheasach atá aige sna cairteacha agus sa rásaíocht, áfach.

Bhí a chomhlacht déantúsaíochta gluaisteán féin aige nuair a tháinig Lee Iacocca (Bernthal) a fhad leis i lár na seascaidí le tathant air dul i mbun comhghuaillíochta le Ford le rás Le Mans a bhuachan i 1966. Cé go raibh an bhreis ina n-aghaidh (bhí an rás buaite ag Ferrari sna sé bliana roimhe sin) ní fhéadfadh Shelby an t-eiteach a thabhairt do thairiscint chomh mealltach léi.

Earcaíonn sé an Sasanach Ken Miles (Bale), tiománaí, dearthóir agus meicneoir oilte, le dul i mbun oibre. An breac sa bhainne ná go bhfuil Miles ciotrúnta teasaí agus achrannach; fear é nach leasc leis dorn nó castaire a chaitheamh. Bhí cairdeas idir an bheirt roimhe agus cé go mbíonn siad i bpíobáin a chéile i rith an ama eascraíonn dlúthchairdeas eatarthu. Mar is gnáth éiríonn le Damon carachtar báúil, geanúil a chur os ár gcomhair agus téann Bale go feirc ina charachtar siúd, cé gur chuir sé pip orm ar uairibh ar chúis éigin. 

Fágtar fé lucht na gcultacha é ról na mbithiúnach a ghlacadh chucu féin. Fad is atá Shelby is Miles ag paidhceáil leo go cumasach samhlaíoch níl ag déanamh tinnis do leithéidí Leo Beebe (Lucas) ach margaíocht agus íomhá an chomhlachta. Ní nach ionadh ní thagann Miles leis an íomhá sin.

Is éard atá againn i gcuid mhaith den scannán ná lucht na gcairteacha in éadan lucht na gcultacha.

Is é an naimhdeas idir Enzo Ferrari agus Henry Ford II (Letts) a chuireann iomaíocht na gcomhlachtaí gluaisteán sa tsiúl. D’fhéadfaí scannán ann féin a dhéanamh ar Ford agus a chuid slaiseála. Fear mustrach, glic, amaideach é agus tugann Letts faoi le flosc.

Tá na comhráite liobarnacha go maith in áiteanna, go mórmhór le mac Miles, ach is saothar taitneamhach, éadromchroíoch atá ann go dtí go dtagann an chríoch bhrónach sa mhullach orainn. Déantar na radharcanna rásaíochta a chur os ár gcomhair go réalaíoch spleodrach agus bainfidh mórán, idir andúiligh is aineolaigh ghluaisteán, sásamh astu.

Fág freagra ar 'Tá níos mó ná mótair idir chamáin i Le Mans’66'