Tá nath cainte álainn i mo theanga dhúchais – ‘ag gabháil suas ar chamóga’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: scéalta ó charcair dhorcha na poncaíochta 

Tá nath cainte álainn i mo theanga dhúchais – ‘ag gabháil suas ar chamóga’

Tá nath cainte álainn i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, a thagann chun cuimhne go mion minic agus mé i mbun eagarthóireachta ar m’úrscéal nó ar mo chuid colún do Tuairisc.iekommaneuken, nó ‘ag gabháil suas ar chamóga’.

Mierenneuken, nó ‘seangáin a fhocáil’, an buntéarma. ‘A bheith róchriticiúil faoi mhionchúrsaí’ an bhrí atá leis. Ach ós rud é gur dream iad scríbhneoirí a bhfuil ealaín ar leith déanta acu de ‘a bheith róchriticiúil faoi mhionchúrsaí’, is dócha go bhfuil ciall leis gur chum duine acu nath cainte ar leith a thagraíonn do mionchúrsaí scríofa amháin.

Tá go leor rudaí i gcoitinne ag seangáin agus ag camóga, má smaoiníonn tú faoi. Tá siad dubh agus bídeach. Bíonn siad ag lúbarnaíl os comhair do chuid súl. Agus ní féidir craiceann a bhualadh leo.

Mar sin féin, sin é go díreach a bhíonn ar bun agamsa go minic agus mé i mbun eagarthóireachta. Camóga atá i gceist agam anois, gan dabht, seachas seangáin. Camóga, lánstadanna, idirstadanna, leathstadanna, daiseanna agus comharthaí focalbhá: tá dúil agam iontu uilig; leathstadanna go háirithe is baolach.

 Sháraigh mé mo churiarracht phearsanta an lá cheana: ceithre huaire an chloig ar abairt amháin, ag sá isteach camóga agus á dtarraingt amach arís, ag diúl ar dhaiseanna, ag lí leathstadanna agus ag cuimilt comharthaí ceiste agus uaillbhreasa. A leithéid de libídeo! B’fhada an lá ó mhair mé an t-achar céanna sa leaba. Síos liom go dtí an t-ionad aclaíochta ag ardú meáchan ach ní raibh mé réidh leis an abairt sin fós; níor luaithe ar ais i m’árasán mé nó chuaigh mé síos uirthi arís – chomh tréan sin go ndearna mé trí abairt di!

Tá tábhacht mhór leis an bponcaíocht sa scríbhneoireacht gan dabht. Gan an chamóg agus an lánstad, ní bheadh a fhios ag an léitheoir cén áit le hanáil a tharraingt (fiú más san intinn féin é). Ba dheacair an dlúthcheangal idir abairtí áirithe a léiriú d’uireasa an idirstad, an leathstad agus na daise. Agus cá mbeadh lucht na híoróine gan an comhartha focalbhá… (nó go deimhin, gan an comhartha ceiste ba chóir a theacht i ndiaidh ceiste i gcónaí, fiú más ceist reitriciúil féin í…?)

Ó a dhiabhail, lúibíní tarraingthe isteach sa scéal agam san abairt thuas anuas ar chuile shórt eile! (Glais láimhe na poncaíchollaíochta iad na lúibíní agus ná cuir ceist orm faoi uaschamóga – níor mhaith leat fáil amach.)

Is leor sin, tá mo phointe sách déanta agam cheapfainn. Tá an phian sa tóin a thugann an phoncaíocht don scríbhneoir sách dona ach is é an rud is measa faoi bheith ag gabháil suas ar chamóga agus ar stríocaí lúbarnacha eile ná nach mbaineann an scríbhneoir súnás amach nuair a bhíonn sé réidh le colún. Mo leithscéal. Andúileach mé is léir agus beidh orm cabhair phroifisiúnta a lorg.

Fág freagra ar 'Tá nath cainte álainn i mo theanga dhúchais – ‘ag gabháil suas ar chamóga’'