Tá na torthaí don Teastas Sóisearach amuigh agus briseadh síos ar fáil don Ghaeilge

Thart ar 54,000 dalta a rinne scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana, i gcomparáid le beagnach 62,000 dalta i gcás na Matamaitice agus 61,898 i gcás an Bhéarla

Tá na torthaí don Teastas Sóisearach amuigh agus briseadh síos ar fáil don Ghaeilge

Tháinig méadú beag i mbliana ar líon na ndaoine a rinne an scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach agus ar líon na ndaltaí a bhain na marcanna is airde amach ag an ardleibhéal.

54,382 dalta a rinne scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana, i gcomparáid le 61,941 dalta i gcás na Matamaitice agus 61,898 i gcás an Bhéarla.

Fágann sin go bhfuil difríocht shuntasach i gcónaí idir líon na ndaoine a thug faoin scrúdú Gaeilge ach a rinne scrúdú Béarla nó Matamaitice in 2018.

Tá conspóid mhór le fada faoi líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge, cé nach gá go raibh díolúine acu siúd ar fad nach ndearna scrúdú Gaeilge.

31,472 dalta a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana, ardú beag, 1.2%, ar an 31,092 a rinne amhlaidh in 2017. Tháinig ardú 1.5% ar líon na ndaltaí a rinne an Teastas Sóisearach féin in 2018. 62,562 dalta a rinne scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mbliana, 30,744 cailín agus 31,818 buachaill.

Tá ardú 5.7% tagtha ar líon na ndaoine a dhéanann an scrúdú Gaeilge ardleibhéil ó 2016.

Fuair 11.4% de na daltaí a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal in 2018 grád A, ardú beag ón 11% ar éirigh leo an grád sin a bhaint amach anuraidh. 35.4% a fuair grád B i mbliana, méadú ar an 32.9% a rinne amhlaidh in 2017. Bhí titim bheag i gceist i gcéatadán na ndaoine a fuair grád C i mbliana, 37.3% le hais 37.9% in 2017.

Tháinig laghdú i mbliana ar chéatadán na ndaoine a fuair grád D, 14.3%, i gcomparáid le 2017 nuair a fuair 16.3% an grád sin. 1.4% a fuair grád E i mbliana, laghdú beag ar an 1.7% a fuair an grád sin anuraidh. 0.2% a fuair grád F i mbliana an céatadán céanna a fuair an grád sin in 2017 agus in 2016.

Gaeilge (Ardleibhéal)

Bliain Iomlán A B C D E F NG
2018 31,472 11.4 35.4 37.3 14.3 1.4 0.2 0.0
2017 31,092 11.0 32.9 37.9 16.3 1.7 0.2 0.0
2016 29,770 11.9 35.8 36.6 14.5 1.1 0.2 0.0

Gaeilge (Gnáthleibhéal)

Bliain Iomlán A B C D E F NG
2018 21,822 3.2 28.7 40.2 22.8 4.4 0.6 0.1
2017 21,738 3.1 23.7 39.3 26.6 6.1 1.1 0.1
2016 21,566 2.5 29.8 43.8 20.2 3.1 0.5 0.0

Gaeilge (Bonnleibhéal)

Bliain Iomlán A B C D E F NG
2018 1,088 9.7 32.4 34.7 18.4 3.1 1.3 0.3
2017 1,008 8.2 33.2 36.8 17.9 3.0 0.6 0.3
2016 1,224 8.4 32.2 38.1 19.0 2.0 0.2 0.0

Fág freagra ar 'Tá na torthaí don Teastas Sóisearach amuigh agus briseadh síos ar fáil don Ghaeilge'