Tá na míolta móra amach ó chósta na hÉireann i mbaol ó NATO

Traenáil chabhlaigh a bhíonn ar siúl ag fórsaí NATO siar ó Éirinn a ghoilleann ar na míolta móra

Tá na míolta móra amach ó chósta na hÉireann i mbaol ó NATO

Tá 380 caisealóid amach ó chósta na hÉireann. Focal é caisealóid nach gcloistear go minic. Míol mór de chineál áirithe atá i gceist.

De bharr suirbhé a rinne Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo a frítheadh amach cá mhéad acu atá sa bhfarraige siar uainn.

Déarfá leat féin go mbeadh sé deacair iad a chomhaireamh. Tá bealach ann lena dhéanamh.

Micreafóin ar a dtugtar hidreafóin a chuirtear faoin uisce agus déantar taifeadadh ar an nglór a bhíonn ag na caisealóidí agus iad ag déanamh cumarsáide lena chéile. Bíonn glór na caisealóide níos láidre ná glór aon ainmhí eile.

Cloistear na ciliméadair ó bhaile é.

Tá an t-ádh ar na caisealóidí seo nó cuirfidh fórsaí NATO chun báis cuid acu go hindíreach.

Cloiseann muid go minic faoin líon daoine a mharaíonn fórsaí NATO ar fud an domhain. Damáiste comhthaobhach a thugann siad ar chuid den slad –daoine á marú nach raibh aon bhaint acu le treallchogaíocht, ná le cogaíocht ar bith eile ach an oiread.

Traenáil chabhlaigh a bhíonn ar siúl ag fórsaí NATO siar ó Éirinn a ghoilleann ar na míolta móra.

Is maith a thuigeann an eagraíocht ar a dtugtar an IWDG, an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna, go dtarlaíonn sé. Sin eagraíocht a cuireadh ar bun sa mbliain 1991 le súil a choinneáil ar na míolta móra, ar na scabhairneacha agus ar na muca mara.

Tá nuachtlitir acu dar teideal FLUKES. Is é Pádraic De Bhaldraithe atá ina eagarthóir uirthi.

Is acu atá an bád an Celtic Mist a bhronn Charlie Haughey orthu. Bád cruach 54 troigh ar fad a rinneadh sa bhFrainc atá inti. Tá áit chodlata d’ochtar inti.

Bhí Pádraic De Bhaldraithe ina scipéir uirthi ar dhá ócáid in 2016—ón Inbhear Mór go Dún na Séad agus ón bhFianait go Gaillimh.

Idir Lúnasa agus Deireadh Fómhair 2018 cuireadh 70 míol mór, míolta socacha agus míolta bolgshrónacha, i dtír ar chóstaí na hÉireann agus na hAlban. Bhí siad ar fad marbh agus iad ag morgadh go tréan, rud a léirigh gur sa bhfarraige thiar a cuireadh den tsaol iad.

Tharla sléacht den chineál céanna aríst i Lúnasa na bliana seo. Is cuimhin linn go maith na cinn a tháinig isteach i mBá Dhún na nGall.

Ar an sonóir míleata atá NATO a úsáid a chuirfeadh an IWDG an milleán. Scanraíonn an fhuaim ón sonóir sin na míolta móra, ardaíonn ráta a gcroí agus nuair a thumann siad de sciotán buaileann arraingeacha díbhrú iad.

Faoi dhó sa mbliain tagann longa de chuid NATO le chéile i gcomhair traenála siar ó Albain agus ó thuaidh d’Éirinn. Caitheann siad aon lá dhéag ar an gceird sin.

Is le linn dóibh a bheith ann a dhéantar an scrios ar na míolta móra.

Sa mbliain 2004 rinne údaráis na Spáinne scrúdú ar an gcaoi ar sáinníodh a lán míolta móra in aice leis na hOileáin Chanáracha. Bhí na Spáinnigh lánchinnte gurbh iad NATO a bhí freagrach.

Chuir siad cosc le húsáid an tsonóra míleata sna huiscí sin.

Tá tearmann míolta móra agus deilfeanna in ainm is a bheith ag Éirinn siar ón gcósta. D’fhéadfadh an rialtas sin againne éileamh a dhéanamh go gcoiscfí an sonóir míleata sa tearmann.

An ndéanfaidh siad é? Nuair nach raibh siad sásta ceist a chur faoi na hairm atá ag dul trí Aerfort na Sionainne le daoine a mharú is deacair a shamhlú go bhfuil marú na míolta móra ag cur mórán imní orthu.

Ní hé sin le rá nár cheart do dhuine eicínt an cás a tharraingt anuas sa Dáil.

Fág freagra ar 'Tá na míolta móra amach ó chósta na hÉireann i mbaol ó NATO'