Tá na hUltaigh ag teacht…

Seachtain roimh an gcluiche idir Éire agus Albain sa sacar, tabharfaidh an dá thir aghaidh ar a chéile i gcomórtas i bhfad níos Gaelaí...

Tabharfaidh Cúige Uladh agus Albain aghaidh ar a chéile i nGlaschú an deireadh seachtaine seo le linn Fhéile Iomána Cholmcille 2014.
Tabharfaidh Cúige Uladh agus Albain aghaidh ar a chéile i nGlaschú an deireadh seachtaine seo le linn Fhéile Iomána Cholmcille 2014.

Seachtain roimh an gcluiche idir Éire agus Albain sa sacar, tabharfaidh an dá thír aghaidh ar a chéile i gcomórtas i bhfad níos Gaelaí. An Satharn beag seo, i bPáirc Lochinch i nGlaschú, beidh féile Iomána Cholmcille ar siúl idir foireann Uladh agus foireann na hAlban don seachtó babhta.

Is cluiche iomána/camánachta é idir an dá fhoireann atá á reáchtáil ag Colmcille, grúpa atá ag iarraidh an nasc idir na Gaeil in Éireann agus Alban a neartú.

Ar nós na gcluichí idirnáisiúnta iomána/camánachta idir Éire agus Albain, tá meascán de rialacha ón dá chód i gceist.

Cé go mbeidh camáin á n-úsáid ag fir Uladh, níl cead acu breith ar an liathróid ná í a chiceáil.

Nuair a bhí an comórtas i gConamara anuraidh, níor chaill fir Uladh oiread is cluiche amháin agus tá siad ag taisteal go hAlban le foireann láidir arís i mbliana.

Ón scuad de 21, tá seachtar imreoirí ó Slaught Néil, a bhuaigh craobhacha iomána agus peile sinsearacha Dhoire i mbliana. Chomh maith leo siúd, tá sáriománaithe eile ag Ulaidh, ar nós imreoir chontae Ard Mhacha, Aidan Nultey agus iarimreoirí Aontrama, Ainle Ó Cairealláin agus Colm Duffin.

Is léir go mbeidh an fhoireann chumasach seo ag teastáil in Albain mar ó thosaigh féile Iomána Cholmcille i 2007 níl sé buaite ag an bhfoireann as baile ach uair amháin, b’shin i 2007 nuair a thug iománaithe Mhícheál Breathnach as Conamara an lá leo.

Deir Cóilín Ó Dubhthaigh, atá ag obair le hIomain Cholmcille, gurb iontach an rud é go bhfuil foireann Ultach ag glacadh páirte sa chomórtas. “Nuair atá foireann cúige agat, scaipeann sé an scéal agus tugann sé níos mó seasaimh don chomórtas. Gan dabht, ta fás ag teacht ar an chomórtas.”

“Is é seo an chéad bhliain go mbeidh an comórtas ar siúl i gcathair. Go dtí seo, bhí sé i gConamara, ar Oban, ar Oileáin Sgitheanach, bailte beaga cosúil leo sin. Tá sé iontach don chomórtas agus do na nGaeil i nGlaschú agus tá súil againn go mbeidh slua mór ann ar an Satharn.”

Cé go mbeidh coimhlint ar an bpáirc, deir Ó Dubhthaigh go mbíonn an-spraoi ann idir na foirne tar éis an chluiche agus go bhfuil an-dúil ag na himreoirí sa chomórtas.

“Chomh maith leis an gcluiche, bíonn neart craic agus ceoil ann. Cruthaíonn sé nasc idir na himreoirí agus, ar fhoireann na hAlban, tá cuid de na leaids céanna ann le cúpla bliain mar go bhfuil an oiread sin tóir acu air.”

Is léir go mbeidh imeachtaí ar bun do chuile dhuine, idir óg agus aosta, ag Páirc Lochinch an deireadh seachtaine seo.

Tá an cluiche ar siúl tráthnóna amárach ag 1.30i.n.

Beidh neart rudaí eile ar siúl i rith an lae chun an nasc idir an dá chultúr a láidriú. Beidh imeachtaí ann do phaistí, ina measc taispeántais ó na himreoirí ar cén chaoi iománaíocht agus camánacht a imirt.

Buíon Chúige Uladh: Joe Ó Dochartaigh, Cathaoir Ó Caiside, Joe Ó Lochlainn, Liam Óg Ó Flannagáin, Éanna Ó Caiside, Frankie Ó Ceallaigh (Sleacht Néill, Doire); Pádraig Ó Tiarnaigh, Pádraig Ó Mianáin (Eoghan Rua, Doire); Malachaí Ó hÁgáin (An Suaitreach, Doire), Déaglán Ó Laithbheartaigh (Leamhaigh, Doire), Conchúr Ó Muirí (Baile na Scríne, Doire), Colm Duffin (Tír na nÓg, Co. Aontrama), Seán Ó Corráin (Naomh Gall, Co. Aontrama), Brian Mac an tSionnaigh (An Cairdinéal Ó Dónaill, Co. Aontrama), Éamonn Mac Lochlainn (Seamróga Bhéal Feirste, Co. Aontrama), Oisín Mac an Bhiocáire (Ó Donnabháin Rosa, Co. Aontrama), Naoise Ó Cairealláin (Naomh Pól, Co. Aontrama), Ainle Ó Cairealláin (Na Piarsaigh, Corcaigh), Aodhán Nutley (Craobh Rua Camlocha, Ard Mhacha), Caoimhín Ó Daimhín (Clann na nGael, Ard Mhacha), Damian Ó Néill (Naomh Colum Cille, Tír Eoghan).

 Buíon na hAlban: Sean MacLeod, Paddy Sinclair, Ally Lamont, Innes Lamont, Paul Duke (Camanachd Leòdhais), Alex Dunnings (Oban Camanachd) Doneil MacLeod (Boleskine), Kenneth Campbell (Tayforth), Alasdair Ferguson, Graham Black (Aberdeen University/Uist), Mark Fraser (Aberdeen University), Gilleasbuig Macdonald, David MacInnes, John Angus MacInnes, Alasdair “Spod” MacLeod, Iain “Spod” MacLeod, Alasdair “Digg” Macdonald, David Grant (Skye Camanachd), Crisdean Finlayson (Lochcarron), Iain Nicolson (Lovat)

Fág freagra ar 'Tá na hUltaigh ag teacht…'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Go n-éirí le na hUltaigh in Albain.
    Ar ábhar eile, an é go bhfuil Múscraí díbeartha as an nGaeltacht ag Tuairisc.ie nó tá Naomh Abán ó Bhaile Mhúirne ag imirt dhá chluiche mhór ag an deireadh seachtaine – Craobh an Chontae v Achadh Bhoilg ag am lón Dé Domhnaigh i gCorcaigh i ngrád na mionúr agus Cluiche Ceannais Soisir B v Cill Mhuire ar an Satharn. Is olc an scéal é má tá Tuairisc.ie ag teacht roimh chinneadh Aire na Gaeltachta…..