Tá na Gaeilgeoirí go breá ach ní gá go mbeadh fonn ar dhuine ceann acu a bheith aige ‘about the place’

Tá níos mó ná ceist na Gaeilge agus cearta do Ghaeilgeoirí i gceist le himní aontachtaithe faoi theacht an gheimhridh Ghaelaigh

Tá na Gaeilgeoirí go breá ach ní gá go mbeadh fonn ar dhuine ceann acu a bheith aige ‘about the place’

Muna mbeadh fios a mhalairt agat, déarfá go raibh Jim Allister bocht faoi lúba chomhairle an fhile agus a intinn dúnta ag fear an TUV ‘ar ar tharla ó buaileadh Cath Chionn tSáile’.

Fear é Allister nach gcúbann riamh roimh aon deis a bhronntar air a chuid aineolais a léiriú, ach bhí sé os cionn a bhuille ar fad an tseachtain seo nuair a mhaígh sé go slogfadh “Gaelic Ireland” an Tuaisceart dá dtabharfaí isteach acht Gaeilge.

Fuirist dúinne a mhaireann sa tsaol iar-theitheadh-na-n-iarlaí leithéidí Allister a chrústáil lena chiútaí féin, ach bímis tuisceanach dó mar ní galar aon duine amháin é seo.

Cé go bhfuil lucht an lóiste Oráistaigh in Ollscoil na Banríona – Queen’s LOL 1845 – cúpla céad bliain chun tosaigh ar Jim, bhíodar chomh ciapaithe cráite céanna leis. 

“When the pages of history are written there are two ways in which the events of the coming days may be remembered. Either it will be remembered as the occasion Unionism stood firm and defeated an Act which paved the way for a Republican state in all but name. Or, alternatively, it will see the current crop of DUP politicians, and grassroots members, remembered as the people who failed Ulster in her hour of need; the people who chose political expediency and self-preservation over the needs of the people they were elected to represent,” arsa lucht Queen’s LOL 1845.

LOL, go deimhin.

Fear eile a bhfuil lámh na staire ag luí go trom ar a ghualainn le tamall is ea iarcheannaire an UUP Reg Empey. Ní raibh rí ná ridire chomh sásta le Reg an tseachtain seo agus é ag maíomh gurb ionann an t-éileamh ar acht Gaeilge agus an cor deiridh i scéal athghabháil na hÉireann. “They want to transform the face of Northern Ireland,” dar le Reg.

Creideann Empey chomh maith “that Sinn Féin hijacked the GAA in the 19th century and [that] they  are doing the same with Irish today”. 

I 1905 a bunaíodh Sinn Féin, ach ní fhéadfá, is dócha, a bheith ag súil go n-éireodh le haontachtaithe áirithe snáithíní na staire ar fad a fhí le chéile nuair nach n-aithníonn siad go bhfuil fiú spré bheag den íoróin ag baint lena gcuid cainte faoi “cultural supremacy”.

Ach fágaimis ansan go fóill Jim, Reg agus a gcairde ar an dtaobh ó thuaidh den teorainn ag rámhaillí faoi theacht an gheimhridh Ghaelaigh agus tugaimis sracfhéachaint ar an ‘Gaelic Ireland’ seo atá ag teacht idir aontachtaithe agus codladh na hoíche.

Seo an ‘Gaelic Ireland’ céanna ina bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus €100,000 in aghaidh an cheantair á thairiscint mar chiste tarrthála. 

Seo an ‘Gaelic Ireland’ céanna ina mbíonn 99.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i mBéarla, an ‘Gaelic Ireland’ céanna ina raibh 29 post den 19,795 post bhí sa státseirbhís ag deireadh na bliana seo caite aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo. Seo an ‘Gaelic Ireland’ céanna ina bhfuil sé níos éasca díolúine a fháil ón nGaeilge ‘éigeantach’ ná mar atá sé teacht ar mhúinteoir oilte chun a teagaisc.

Agus seo an ‘Gaelic Ireland’ céanna ina bhfuil acht teanga ann agus stádas bunreachtúil ag an nGaeilge. 

’Sea, mo ghraidhin iad Jim agus a chairde agus imní gan údar orthu faoi acht Gaeilge agus briseadh an tseanghnáthaimh. 

B’fhéidir gurb í an tseift is fearr chun iad a mhealladh ná an fhírinne a chur ar a súile dóibh: ní inniu ná inné a chuaigh na hiarlaí ar a dteitheadh. 

Nó b’fhéidir gur fearr an tuiscint atá acu ar an scéal ná mar atáid ag ligint orthu féin, an dream seo atá ag iarraidh barr a bhaint dá chéile maidir le dul i bhfeidhm ar an gcuid is táire de nádúr a lucht tacaíochta.  

De réir dealraimh, ghéill Arlene Foster faoi dheireadh do bhrú na ndaoine seo agus don bhrú laistigh dá páirtí féin.

Bhí socrú déanta ag Sinn Féin le Foster agus lucht idirbheartaíochta an DUP i dtaobh cheist na Gaeilge agus athbhunú an fheidhmeannais.

Is cosúil mar chuid den socrú sin, go raibh reachtaíocht á tairiscint don Ultais, an ‘hamely tongue’ go ndúirt Wallace Thompson, duine de bhunaitheoirí an DUP, fúithi nach teanga in aon chor í agus gur seafóid í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge. Gealladh chomh maith reachtaíocht eile do chúrsaí cultúir mar chuid den chomhréiteach.

Níorbh leor na geallúintí sin sa deireadh chun na fíréin a chur ar a suaimhneas agus ní raibh sé de mhisneach ag Foster a ndúshlán a thabhairt in ainneoin go ndúirt sí nach raibh an bhréagnuacht a bhí á scaipeadh acu faoin reachtaíocht “grounded in any sort of reality at all”.

Agus teip na gcainteanna á fógairt aici Dé Céadaoin, dúirt sí go raibh “meas” aici “ar an nGaeilge agus lucht a labhartha”. 

Nár bhuail sí le cuid acu i ndiaidh thoghchán na bliana seo caite in iarracht tuiscint níos fearr a fháil orthu agus a mbéasaí aite?

Ach dá mhéid a cion ar an nGaeilge, ní fhéadfadh Foster anois glacadh le margadh “aontaobhach”, a dúirt sí.

An lá roimhe sin, Dé Máirt, mhaígh sí go raibh “bealach chun cinn” á lorg aici a léireodh meas ar Ghaeilgeoirí ach “nach gcuirfeadh isteach ar shaol na ndaoine nach Gaeilgeoirí iad”.

“What we are trying to find is an accommodation and a way forward that values those people who are Irish speakers but doesn’t impinge on the lives of those who aren’t Irish speakers and I think that’s important.”

Tá na Gaeilgeoirí go breá ach, fearacht Basil Brooke agus na Caitlicigh i 1933, ní gá go mbeadh fonn ar dhuine ceann acu a bheith aige ‘about the place’.

Dála na staire féin, ina choiscéimeanna agus ní de léim a thagann an tuiscint.

Fág freagra ar 'Tá na Gaeilgeoirí go breá ach ní gá go mbeadh fonn ar dhuine ceann acu a bheith aige ‘about the place’'

  • Stiofán Ó Cathmhaoil

    Iontach an t-alt é seo, sár-obair go deo. Suimiúil agus faisnéiseach.

  • Ben

    Is bac uafásach roimh an dul chun cinn sóisialta ar an oileán seo é an DUP. Níl’s agam bhfuil aon pháirtí eile a mbíonn siabhráin chraiceáiltí orthu mar a bhíonn ar Arlene et al. Ach sin mar a bhíonn aicme ceannasach ar bith nuair a chuirtear a gcumhacht agus a bpríbhléidí i mbaol – binbeach agus trodach. Bhí smacht iomlán acu ar na sé chontae ar feadh i bhfad agus tá olc deamhain orthu anois go bhfuil sin faoi bhagairt. Seacht mallacht orthu.