Bíodh trua againn do cheannaire an DUP, Arlene Foster. Tá ceisteanna teanga á mealladh ar bhealach a haimhleasa.
Tharla gur labhair sí cúpla focal Gaeilge sa Tionól an lá faoi dheireadh.
Agus í ag caint ar chúrsaí reachtaíochta, dúirt sí: “I am almost tempted to say ‘sin é’ but maybe not.”
Mar sin féin, “sin é” a dúirt sí. Sin é, sin é agus sin é. Is deas an cúpla focal iad “sin é” ag polaiteoir ar bith. Bíonn feidhm le “sin é” go minic.
Mar sin féin, bíodh trua againn d’Arlene Foster. Cá bhfuil an cainteoir Gaeilge nach n-aithíonn go bhfuil na chéad chomharthaí de ghalar na Gaeilge uirthi? “Sin é but maybe not”.
An créatúr!
Síleann sí go bhfuil smacht aici ar an teanga agus ar a cuid taomanna. Síleann sí go dtig léi droim láimhe a thabhairt leis an teanga de réir mar is mian léi. Ní thuigeann sí go bhfuil an teanga i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil uirthi.
Sin é. Dhá fhocal bheaga Ghaeilge a dúirt sí as a stuaim féin le linn agallaimh sa Tionól. Ní raibh fiacha uirthi “sin é” a rá. Tá Béarla ar “sin é” ann. Seans go bhfuil Ultais air fosta.
Ach, bhláthaigh an dá fhocal Ghaeilge gan choinne ina sícé ar nós lus an chromchinn. Bhí an dá fhocal bheaga thíos in ithir a haigne ag fanacht leis an deis an dorchadas a fhágáil ina ndiaidh agus a gcuid piotal a thiontú i dtreo na gréine.
Sin é, a dúirt Foster, ach ní hé sin é, mheasfá.
Má thuigeann muidinne, lucht na Gaeilge, rud ar bith faoi chúrsaí teanga, tuigeann muid go dtiocfaidh focal sna sála ar fhocal eile. Sin mar a fhaigheann an teanga greim ort. Sin é, inniu aici agus an chéad lá eile, beidh cruinniú mór fada ag Arlene le Michelle O’Neill agus déarfaidh sí léi: “An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?”
(Seans mór nach mbeidh fonn uirthi dul go dtí an leithreas. Cá mhéad uair a d’iarr tú cead chun leithris siocair go raibh tú dubh dóite sa rang? Sin an cúpla focal eile a thabharfas bealach éalaithe d’Arlene as cruinniú leadránach agus beidh sí buíoch as an chúpla focal sin agus tuigfidh sí an fheidhm atá le teanga i ndáiríre.)
Rachaidh an craos chun teanga in olcas agus an samhradh ag teacht. Sea, ar theacht an tsamhraidh, tiocfaidh cumha ar a croí agus smaointeoidh sí ar an Earagail agus an ceantar thart faoi. Tiocfaidh tú ar Arlene ag bun na hEaragaile agus í ag déanamh a hanama ag sliabh spiordálta na nGael thuaidh.
(Chonaic tú Close Encouters of the Third Kind agus mar a chruinnigh an pobal le chéile os comhair an spásárthaigh ag deireadh an scannáin? Sin an tionchar a bhíonn ag an Earagail ar Ghaeil Uladh; seasann siad faoin tsliabh agus éisteann siad leis an cheol.)
Beidh sí i mbun oilithreachta sa Ghaeltacht agus í idir dhá chomhairle cé acu a rachaidh sí go Rann na Feirste nó Gaoth Dobhair. Seans go mbeidh díomá uirthi faoin am seo agus a laghad sin Gaeilge le cluinstin i gcuid mhór den Ghaeltacht oifigiúil. Ar éigean gur aimsigh sí focal ar an Fhal Charrach ach ní raibh Gort an Choirce chomh holc.
B’fhéidir nach mbainfeadh sí Rann na Feirste ná Gaoth Dobhair féin amach ar chor ar bith. Seans, agus í ina seasamh faoin tsliabh, seans go gcluine sí guth fann aneas ina cluasa: “Arlene! Arlene! Is mise d’oide!” Obi Wan Ó Cuinneagáin a bheas ann agus meallfaidh sé lena ghlórtha í. Rachaidh sí ar cúrsa in Oideas Gael, bunrang ar maidin agus rang bodhráin tráthnóna. Éireoidh an galar níos láidre; tiocfaidh saint na leabhar gramadaí uirthi, mearbhall na gcanúintí agus mire na mbriathra mírialta.
Sin é, a déarfaidh sí léi féin agus í ag léamh leabhar eile gramadaí. Sin é, a déarfaidh sí agus í ag léamh cnuasach eile síscéalta as Tír Chonaill. Sin é, a déarfaidh sí agus í ag léamh leabhair eile de chuid Mháire. (Má tá greim mar is ceart ag an ghalar uirthi faoin am seo, beidh sí ag smaoineamh gur deas leabhair uilig Mháire a bhailiú.)
Ach ní bheidh “sin é” ar bith ann go deo. Ní bhíonn “sin é” ar bith ann agus galar na Gaeilge ort.
Mar bharr ar an olcas, beidh cruinniú aici le Micheál Martin agus Leo agus beidh cúpla focal acu féin agus éistfidh sí go múinte leo ach, ina croí istigh, beidh sí á rá léi féin: “It’s Ulster Irish we have here.”
Sin é. Nó b’fhéidir nach ea.
Donnchadh Ó Seaghdha
An – greannmhar agus an fhírinne tríd
Meadhbh
B’in é? Lean ort a Phóil, ag súil le Cuid 2