Tá múrmhaisiú álainn ar chúl an tí – Seán Ó Ríordáin ina shaothar ealaíne sráide i gCorcaigh

Tá múrmhaisiú nua de Sheán Ó Ríordáin, duine de mhórfhilí na hÉireann nochta i gCorcaigh

Tá múrmhaisiú álainn ar chúl an tí – Seán Ó Ríordáin ina shaothar ealaíne sráide i gCorcaigh

Tá múrmhaisiú nua de Sheán Ó Ríordáin nochta sa Sciobairín in iarthar Chorcaí.

Beirt ealaíontóirí as Corcaigh, Kevin O’Brien ó Viva Media, agus Alan Hurley a rinne an múrmhaisiú ar a bhfuil léaráid den fhile iomráiteach chomh maith leis an chéad líne as ceann de na dánta is cáiliúla aige, ‘Cúl an Tí’.

Is do Sheirbhísí Mheabhairshláinte Iarthar Chorcaí atá lonnaithe ag 49 An tSráid Thuaidh a rinne na healaíontóirí an múrmhaisiú.

Ba iad Gael Linn a thug do na healaíontóirí an grianghraf cáiliúil den Ríordánach ar a bhfuil an múrmhaisiú bunaithe agus Cló Iar-Chonnacht a roghnaigh an líne filíochta dóibh.

D’fhág an drochshláinte lorg mór ar shaol agus ar shaothar an Ríordánaigh agus ba mhinic leis ina chuid filíochta agus ina dhialanna aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhain leis an tsláinte mheabhrach agus choirp.

Fág freagra ar 'Tá múrmhaisiú álainn ar chúl an tí – Seán Ó Ríordáin ina shaothar ealaíne sráide i gCorcaigh'

  • leitheoir

    Déantar tuilleadh de na múrmhaisiúcháin sin i nGaeilge.