‘Tá muintir na Gaeltachta ag iarraidh cónaí san áit arb as dóibh’ – Gaeilgeoirí Nua na Dála

Sa tsraith seo castar leis na Gaeilgeoirí a toghadh chuig an Dáil den chéad uair in olltoghchán na míosa seo. An geábh seo, tá Pa Daly ó Shinn Féin linn

‘Tá muintir na Gaeltachta ag iarraidh cónaí san áit arb as dóibh’ – Gaeilgeoirí Nua na Dála

Pa Daly, Sinn Féin, Ciarraí

1. Inis dom fút féin agus an Ghaeilge

D’fhoghlaim mé Gaolainn ar dtús i Scoil na mBráithre, an Fhaiche, i dTrá Lí. Ansin, nuair a bhíomar inár gcónaí i mBaile Átha Cliath, bhí mo bhean chéile ag múineadh i nGaelscoil sa chathair agus bhímis ag dul amach chuig Club an Chonartha agus áiteanna eile le foireann na scoile agus bhímis ar fad ag labhairt na Gaolainne. Tá beirt leanaí anois againn i nGaelscoil Mhic Easmainn agus beirt eile i nGaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí. Bhí mé ar bhord bainistíochta an Ghaelcholáiste go dtí le déanaí.

2) Cé chomh minic atá sé i gceist agat an Ghaeilge a labhairt sa Dáil?

Labhair mé Gaolainn anois agus arís sa chomhairle contae ach beidh orm níos mó Gaolainne a labhairt chun go mbeidh mé ar mo chompord i mbun díospóireachta. Dá mbeinn ar dhuine de phainéal cainteoirí bheinn sásta go maith ach dá mbeadh diancheisteanna á gcur orm bheadh brú orm. Tá deireadh seachtaine i mBaile an Fheirtéaraigh ag teastáil go géar orm! Tá mé san oifig chéanna le Donncha Ó Laoghaire sa Dáil agus mar sin beidh neart deiseanna agam an Ghaolainn a labhairt.

3) Cad é ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tú i do Theachta Dála?

Tá na rialacha mar gheall ar phleanáil ana-dhian agus tá fadhb mhór ann sa Ghaeltacht ó thaobh cead pleanála. Bhí go leor cainte i nGaeltacht Chiarraí mar gheall ar an bhfadhb seo le linn an fheachtais toghcháin. Ba cheart go mbeadh deiseanna níos mó ag muintir na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Tá daoine ag iarraidh cónaí san áit arb as dóibh agus caithfear an fhadhb sin a leigheas.

Fág freagra ar '‘Tá muintir na Gaeltachta ag iarraidh cónaí san áit arb as dóibh’ – Gaeilgeoirí Nua na Dála'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Bulai fir! Nach é an duine seo a rinne an dán seo a leanas…

    At a match in Gníomh go Leith
    I asked a local to translate
    But just the anglicised version was he
    able to relate
    A gníomh it is five acres
    Go leith makes 7.5
    But maintaining English spelling
    Means that the Gaelic is not. . . alive
    The spelling of gneeve
    It pierced me like a thorn
    But there was worse than that to come
    When I passed through Gattabawn
    Bhí ár teanga dhúchais cosúil le
    drúcht ar fud na tíre
    Ach le brat an Bhéarla orainn tá na caora
    Scaipithe ón Aoire
    Léigh mé faoi logainm
    Agus go bhfuilid dofheicthe
    Agus cén fáth atá an . . . new version
    Clóite in airde
    The anglicised version is like
    An assault upon the ears
    The placenames’ truth disguised
    By the Royal Engineers
    No the business interests say
    It is marketing and it’s nice
    But the colonisers’ grip
    Is a stultifying device
    So we’re stuck with names like Beaufort
    Snave and Newtownsandes
    And I’d be the first to say
    That they do sound very grand
    But I’m for Lios a’ Phúca
    Snámh, Maigh Mheáin agus Cathair Saidhbhín
    Cill Orglan, An Gleann Gearr
    Gleann Beithe agus Bealach Oisín
    But look around the country
    To the towns that bucked the trend
    Have visitors to Port Laoise
    Driven down a dead end?
    Have trucks for Dún Laoghaire
    Failed to catch the ferry
    Or misread the road signs
    And for the road to . . . Londonderry?
    I’m asking councillors and management
    To do what’s surely right
    And the coloniser’s legacy
    At last we’ll surely spite
    Withstand the business interests
    Ignore the greasy purse
    And rid us for all time
    Of this coloniser’s curse
    We can see there’s been an erosion of tradition
    Brian Friel called it a sort of eviction
    The seanchas in Kerry we like to hold so tight
    But the title of our placenames was where we lost the fight
    To the empire’s engineers who came from over the waves
    Now we should take action our heritage to save.