‘Tá muid sásta an scéal seo a thabhairt chuig Dáil Éireann más gá’ – feachtas ar bun in aghaidh dúnadh scoil Ghaeltachta 

Cé go bhfuil glactha ag roinnt tuismitheoirí leis an gcinneadh Scoil Bhríde Leitir Calaidh a dhúnadh ag deireadh na scoilbhliana, tá grúpa eile tagtha le chéile chun dúshlán an chinnidh a thabhairt 

Tá ráite ag dream atá i mbun feachtais in aghaidh dúnadh scoil bheag Ghaeltachta go rachaidh siad ag agóid taobh amuigh de Theach Laighean más sin atá ag teastáil chun an scoil a choinneáil oscailte.

Fógraíodh mí Feabhra go raibh bunscoil Ghaeltachta, Scoil Bhríde Leitir Calaidh i gConamara, le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana ceal uimhreacha agus go raibh iarrachtaí ar bun cónascadh a dhéanamh le scoil eile sa cheantar.

Tá feachtas ar bun ag dream beag tuismitheoirí in aghaidh an chinnidh sin, agus é ráite acu go bhfuil pátrún agus Bord Bainistíochta na scoile ag diúltú bualadh leo chun an scéal a phlé.

Ochtar gasúr atá ag freastal ar an scoil Ghaeltachta, a bheidh 130 bliain ar an bhfód in 2023, ach beidh triúr díobh ag tosú ar an iarbhunscoil sa bhfómhar. Tugadh le fios ag cruinniú poiblí sa cheantar an mhí seo caite go bhféadfadh nach mbeadh ach beirt ag freastal ar an scoil nuair a thosódh an chéad scoilbhliain eile sa bhfómhar.

Cé go bhfuil glactha ag roinnt tuismitheoirí leis an gcinneadh an scoil a dhúnadh, tá grúpa eile tagtha le chéile, Coiste Scoil Bhríde Leitir Calaidh in aghaidh Dhúnadh na Scoile, chun dúshlán an chinnidh a thabhairt.

Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa, Mary B. Nic Dhonnacha, le Tuairisc go raibh iarracht déanta teagmháil a dhéanamh le Deoise na Gaillimhe, pátrún na scoile, le Deoise Thuama, pátrún roinnt scoileanna eile sa gceantar a bhféadfaí cónascadh leo, agus le Bord Bainistíochta Scoil Bhríde féin chun cruinniú a eagrú ach nach bhfuarthas freagra.

“D’iarr an coiste cruinniú práinneach ar Easpag na Gaillimhe agus ar Easpag Thuama chomh maith le Bord Bainistíochta na scoile roimh an 1 Aibreán, 2022,” a dúirt Mary B. Nic Dhonnacha. 

“Rinneadh an t-iarratas seo i scríbhinn agus níl muid an-sásta, agus breathnaíonn sé an-aisteach dúinn, nach bhfuair muid aon fhreagra ar ais ó cheachtar den bheirt easpag agus freisin ní bhfuair muid aon chruinniú leis an mBord Bainistíochta fós.”

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, níor thug an bord bainistíochta le fios an raibh sé i gceist bualadh leis an gcoiste nua ach dúradh go raibh tuismitheoirí coinnithe ar an eolas maidir leis an scéal is deireanaí.

“Tá Bord Bainistíochta na scoile i mbun comhráite le pátrún na scoile agus leis an Roinn Oideachais i láthair na huaire. Tá tuismitheoirí na scoile suas chun dáta maidir leis seo,” a dúirt an cathaoirleach, Mícheál S. Mac Donnacha.

Dúirt Mac Donnacha cheana go rabhthas ag iarraidh gach iarracht a dhéanamh an bheirt mhúinteoirí atá ag múineadh sa scoil a choinneáil sa gceantar.

Dúirt Mary B. Nic Dhonnacha go raibh “feachtas láidir” ar bun in aghaidh dhúnadh na scoile agus go raibh an cás pléite le polaiteoirí áitiúla.

“Tá muid i dteagmháil le Teachtaí Dála i nGaillimh Thiar agus tá muid sásta an scéal seo a thabhairt suas chuig Dáil Éireann má theastaíonn sé,” a dúirt sí. 

Luaigh an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly scéal Scoil Bhríde sa Dáil an mhí seo caite nuair a lorg sí soiléiriú faoin mbealach “aisteach” ar fógraíodh go raibh cinneadh déanta an scoil a dhúnadh.

I ríomhphost a cuireadh chuig tuismitheoirí dúradh go raibh an scoil le dúnadh ach dúirt bainistíocht na scoile go raibh an scéal pléite “go neamhfhoirmiúil” le tuismitheoirí roimhe sin.

Deimhníodh do Catherine Connolly nach raibh aon teagmháil déanta ag Bord Bainistíochta na scoile leis an Roinn Oideachais faoi Scoil Bhríde a dhúnadh in ainneoin gur cuireadh in iúl do thuismitheoirí go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo.

Mar fhreagra ar cheist eile ón Teachta Dála neamhspleách, dúirt an tAire Oideachais nach raibh aon iarratas maidir le cónascadh scoile déanta ag pátrún Scoil Bhríde. Dúirt an tAire go ndearna lucht bainistíochta na scoile fiosrúchán maidir leis an bpróiseas cónasctha mí na Samhna 2021.

Dúirt Mary B. Nic Dhonnacha go raibh an coiste ag iarraidh go ndéanfadh aon tuismitheoirí atá ag iarraidh gasúir a chur chuig Scoil Bhríde teagmháil leo.

Fág freagra ar '‘Tá muid sásta an scéal seo a thabhairt chuig Dáil Éireann más gá’ – feachtas ar bun in aghaidh dúnadh scoil Ghaeltachta '

  • Tadhg Mac Dhónaill

    Bíonn in Éirinn le cloisteáil go rómhinic faoi dhóigheanna chun daoine a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Dóigh amháin ná gan chosc a chur ar ghaeiligeoirí óga ag cur a dteanga féin chun cinn ina bpobal féin. Ná caith glúin eile de chainteoirí líofa amach ar nós bruscair.

  • Seán

    Náireach an bealach gur caitheadh le pobal na scoile seo. Ceachtanna le foghlaim ag daoine áirithe!! Iontach go bhfuil pobal na scoile ag seasamh suas do chearta a gcuid páistí agus nach bhfuil siad ag ceadú do lucht an chur i gcéil gur cuma leo faoin oideachas Gaeltachta ní áirim cearta óige na Gaeltachta!! Leanaigí oraibh leis an gcath in aghaidh lucht an chur i gcéil.