‘Tá muid i ré iontach beoga, iontach bríomhar i saol na Gaeilge faoi láthair’ – cathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge

Deir Regina Uí Chollatáin go raibh ‘cuid mhaith’ oibre le déanamh ó thaobh chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht

‘Tá muid i ré iontach beoga, iontach bríomhar i saol na Gaeilge faoi láthair’ – cathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge

Tá caomhnú agus cur chun cinn na Gaeltachta ar cheann de na dúshláin atá Cathaoirleach nua Bhord Fhoras na Gaeilge ag iarraidh tabhairt fúthu, ach deir sí gur “ré iontach beoga” atá linn ó thaobh na Gaeilge.

Dúirt Regina Uí Chollatáin go raibh “cuid mhaith” oibre le déanamh ó thaobh na teanga de sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, ach mheas sí go raibh daoine cumasacha ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Agus í ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Uí Chollatáin go raibh sé “rud beag luath” tosú ar spriocanna ar leith a leagan amach, ach go raibh sí dóchasach go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh le linn an téarma ceithre bliana a bheidh aici ina Cathaoirleach.

“Níl aon dabht nach n-éireoidh le gach pobal gach rud a chur i gcrích ach má chuirtear spriocanna ar leith os ár gcomhair, bheinn dóchasach,” a dúirt sí.

Dúirt Uí Chollatáin freisin go raibh sé tábhachtach go mbeadh “ról láidir” ag an nGaeilge i ngach leibhéal de shochaí na hÉireann.

Fógraíodh ceapachán Uí Chollatáin, Cathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, ag tús na míosa. Tagann sí i gcomharbhacht ar Phól Ó Gallachóir mar Chathaoirleach.

Dúirt sí go raibh “áthas an domhain” uirthi glacadh leis an ról nua agus mhol sí na comhaltaí eile a bheidh ar an mbord léi.

“Níl aon dabht ach go bhfuil bord den scoth curtha le chéile ansin agus tá mé ag dúil go mór le bheith ag obair leis na comhaltaí boird seo atá tofa.

“Is dóigh liom go bhfuil éagsúlacht tuairimíochta [ann] agus go bhfuil féidearthachtaí móra le baint amach nuair a thosaíonn muid ar an phlé sin,” a dúirt Uí Chollatáin. 

“Is dóigh liom go bhfuil muid i ré iontach beoga, iontach bríomhar, i saol na Gaeilge faoi láthair.”

“Cinnte, tá a lán rudaí ag tarlú ar an oileán seo i gcomhthéacs na teanga agus beidh dúshláin ann feasta,” a dúirt an Cathaoirleach nua.

Fág freagra ar '‘Tá muid i ré iontach beoga, iontach bríomhar i saol na Gaeilge faoi láthair’ – cathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge'

  • Eimear

    Go bhfóire Dia ar na ceantair Ghaeltachta…..