‘Tá muid ag oibriú i dtreo 50/50 – ach tógfaidh sé cúpla bliain’  – ‘Fair plé’ á lorg do cheoltóirí ban

Tá breis agus 30 imeacht á reáchtáil in Éirinn agus thar lear amárach ag an ghrúpa Fair Plé d’fhonn aird a tharraingt ar cheist an chomhionannais agus na cothromaíochta inscne i saol an cheoil thraidisiúnta

‘Tá muid ag oibriú i dtreo 50/50 – ach tógfaidh sé cúpla bliain’  – ‘Fair plé’ á lorg do cheoltóirí ban

Idir sheisiúin agus cheolchoirmeacha, tá breis agus 30 imeacht á reáchtáil in Éirinn agus thar lear amárach, an 9 Meitheamh, ag an ghrúpa Fair Plé d’fhonn aird a tharraingt ar cheist an chomhionannais agus na cothromaíochta inscne i saol an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre, nó folk.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Pauline Scanlon, an t-amhránaí as an Daingean i gcontae Chiarraí, atá ina ball den ghrúpa Fair Plé, gur mian leo deis a thabhairt do cheoltóirí comhrá a dhéanamh faoi na bealaí go bhféadfaí cothromas inscne a bhaint amach i saol an cheoil.

“Is mian linn ardán a thabhairt do mhná agus d’fhir chun teacht le chéile agus seisiún nó ceolchoirm a bheith acu agus go labhróidís mar gheall ar an gceist,” a dúirt sí.

Dúirt Scanlon go bhfuil Fair Plé ag obair i dtreo cothromas 50/50 a bhaint amach sa cheol ach go dtógfadh sé “cúpla bliain ar a laghad” an sprioc sin a bhaint amach.

Ag díriú ar chothromas idir mná agus fir a bhaint amach ag féilte ceoil, ag ceolchoirmeacha agus sna meáin atá Fair Plé.

Dúirt Scanlon go bhfuil “dúshlán mór” ag baint leis an sprioc 50/50 sin toisc a laghad ban a bhíonn le feiceáil ar ardáin sa lá atá inniu ann.

“Tá muid ag caint mar gheall ar ionadaíocht chothrom a bheith againn le go mbeadh an seans céanna ag mná gigeanna maithe a fháil.

“Faoi láthair, tá an figiúr i bhfad níos lú ná 50%. Is minic nach mbíonn aon bhean le feiceáil ar ardán nó ar liosta ceoltóirí na bhféilte ceoil,” a dúirt sí.

Dúirt Scanlon go bhfuil Fair Plé ag iarraidh “misneach” a thabhairt do mhná gairm  bheatha a dhéanamh sa cheol agus gur ghá do mhná ar mian leo a bheith ag seinm ar bhonn proifisiúnta “iad féin a chur chun cinn”.

Seo an chéad mhórimeacht atá á reáchtáil ag Fair Plé, grúpa feasachta a bhunaigh amhránaithe agus ceoltóirí aitheanta, Karan Casey, Pauline Scanlon, Pádraigín Ní Uallacháin, Úna Ní Mhonacháin, Síle Denvir, Muireann Nic Amhlaoibh agus ceoltóirí eile sa Mhárta seo caite.

Beidh Pauline Scanlon ag canadh in ionad cultúrtha The Black Gate i nGaillimh ag a 8in san oíche amárach agus ina teannta beidh Cathy Jordon, Ruth Smith, Nicola Joyce, Liz Coleman, Eamon Murray agus Fergal Scahill.

I measc na mórimeachtaí eile atá beartaithe, beidh seisiún mór ar siúl i dTeach an Ardmhéara amárach idir 1-3in mar a mbeidh Muireann Nic Amhlaoibh, Síle Denvir, Donal Lunny, Barry Devlin agus go leor leor eile.

Ag meán lae san ionad céanna, déanfaidh an tArdmhéara, Mícheál Mac Donncha comóradh céad bliain ‘Lá na mBan’ a sheoladh agus beidh an seisiún ceoil ar siúl ina dhiaidh sin. Tuilleadh eolais faoin imeacht sin agus na himeachtaí eile ar fad anseo.

Fág freagra ar '‘Tá muid ag oibriú i dtreo 50/50 – ach tógfaidh sé cúpla bliain’  – ‘Fair plé’ á lorg do cheoltóirí ban'