Teastaíonn tuilleadh tithe. Teastaíonn a aithint go bhfuil ganntanas tithe sa tír. Teastaíonn breathnú ar bhealach córasach fadtéarmach leis an bhfadhb a leigheas agus le díriú ar an easpa soláthair sa mhargadh tithíochta.
Tá na déaga de bhlianta ann ó tharla an ghéarchéim airgeadais agus mar chuid di, an tubaiste i dtionscal na tógála agus margadh na tithíochta. Tar éis an méid sin ar fad deir Cathaoirleach an Choimisiúin Tithíochta, ar foilsíodh a dtuarascáil an tseachtain seo, go bhfuil sé in am a aithint go bhfuil fadhb tithíochta sa tír agus go gcaithfear díriú ar an bhfadhb a réiteach.
Cén chaoi nach bhfuil muid fós ach ag an staid seo sa scéal? Nach bhfuil sé aitheanta ó roimh an olltoghcháin in 2020 go bhfuil fadhb sa gcóras tithíochta agus go háirithe easpa ollmhór i dtaobh tithíocht shóisialta? Tá, dar le John O’Connor, cathaoirleach an Choimisiúin Tithíochta, ach tá gá i gcónaí a bheith soiléir faoin bhfadhb atá le réiteach agus na bealaí le dul ina bhun.
Tá muid i bhfoisceacht seachtaine do shraith eile toghchán agus tá fadhb na tithíochta gan réiteach. Tá iarrthóirí ag rá chuile lá gurb í an tithíocht, chomh maith le pleanáil, na ceisteanna móra atá rompu ar na doirse. Tá muid fós i lár géarchéime agus más cóir géilleadh do chathaoirleach an choimisiúin tithíochta níl baol orainn a bheith ag dul i ngleic léi.
Teastaíonn thart lr ceathrú milliún teach leis an easnamh sa mhargadh a líonadh. Teastaíonn rudaí chomh bunúsach le córais uisce a chinntiú agus talamh a roghnú ar ar féidir forbairt a dhéanamh. Teastaíonn a chinntiú go bhfuil an Stát ag tabhairt aghaidh ar an líon tithe sóisialta a theastaíonn a chur ar fáil agus ag cinntiú, más féidir, go dtugtar aghaidh ar phraghas tithe a laghdú. Cuirim an cheist arís – cén chaoi nach bhfuil seo tarlaithe cheana féin agus ag tarlú?
Tá pleananna agus scéimeanna go leor curtha le chéile leis an bhfadhb a réiteach. Is faoi ‘Tithíocht do chách’ a bunaíodh an Coimisiún Tithíochta agus is uathusan atá an léamh is déanaí anois ar an ngéarchéim. Léamh sách gruama agus duairc ar chóras infreastruchtúir agus pleanála na tíre, go deimhin.
Thug mé suntas do rud amháin a dúirt John O’Connor arís agus arís eile agus é ag trácht ar thuarascáil an Choimisiúin. Tá moltaí ann a leigheasfaidh an fhadhb ach iad a chur i bhfeidhm. Ní mór iad a chur i bhfeidhm thar thréimhse áirithe blianta agus gan a bheith ag síor-athrú cur chuige.
Meas tú nach fainic a bhí ansin do na polaiteoirí ar fad – idir rialtas agus freasúra – a bheidh ag tabhairt faoi na doirse ag stocaireacht as seo go ceann bliana nár cheart go mbeadh an t-ábhar seo mar uirlis troda acu? Ceist phráinneach í agus ceist nach leigheasfar gan dua ach má bhítear ag baint ón obair trí bheith á cur in oiriúint do pholasaithe páirtithe ar leith, is obair amú a bheidh inti.
JP
Cén chaoi a leigheasfear an ghéarchéim tithíochta nuair is ag méadú as cuimse atá an daonra agus ní hamháin anseo in Éirinn?
Má tá freagra na ceiste ag John O Connor nó ag MnG scaoil chugainn é.
Is léir nach raghaidh aon laghdú ar líon na dteifeach ná na n-imirceach a bheidh ag plódú isteach sa tír, ach a mhalairt ar fad.
Má thógtar X áras cónaithe i mbliana, cuir i gcás, beidh X ++ ag teastáil an bhliain seo chugainn agus gach bliain eile ina dhiaidh sin….
Is í fírinne an scéil ná go bhfuil an iomarca daoine ar an bpláinéad seo, ins gach aon diabhal áit……
ach amháin sa Ghaeltacht!
realtán
Bíonn na forbróirí agus an rialtas ag obair as láimh a chéile