Tá moladh tuillte ag Arlene Foster as freastal ar chluiche ceannais Chúige Uladh ach ní scaoth breac

Níor ghníomh gan chontúirt do cheannaire an DUP é freastal ar an gcluiche peile i gCluain Eois ar an Domhnach, ach an gcuirfidh sé cor i scéal na polaitíochta?

Tá moladh tuillte ag Arlene Foster as freastal ar chluiche ceannais Chúige Uladh ach ní scaoth breac

An chéad cheannaire aontachtach a d’fhreastail ar chluiche ceannais Chúige Uladh. An chéad cheannaire ar an DUP a sheas le haghaidh Amhrán na bhFiann ag cluiche Gaelach. Is minice ná a mhalairt an focal cáinteach againn faoi Arlene Foster ach molaimis í nuair atá sé tuillte aici.

or ghníomh gan chontúirt do cheannaire an DUP é freastal ar an gcluiche peile i gCluain Eois ar an Domhnach. Ní gach aontachtach a bhí sásta ach beart tábhachtach ab ea é sa chaidreamh trasphobail agus ní beag sin.

Mar a bheifeá ag súil leis chuir an slua i bPáirc Naomh Tiarnach na múrtha fáilte roimh Arlene Foster, mar a tharla cheana ar shochraid Martin McGuinness. Ba mhór acu an comhartha athmhuintearais agus aitheantais. Céim dhearfach ab ea é ón mbean a chuir a cos ann lena cuid cainte faoi ‘crogaill’ agus ‘rogues and renegades’, í anois ag síneadh a lámh amach ag an bpobal náisiúnach- idir a comharsana i gContae Fhear Manach agus an pobal níos leithne a leanann Cumann Lúthchleas Gael. Bhí súil ag lucht tacaíochta na foirne i gcontae Fhear Manach go mbainfeadh siad Craobh Uladh den chéad uair. Bhí sé fánach acu, ach chinntigh Arlene Foster go mba lá stairiúil é.

Bhí a réamhtheachtaí, Peter Robinson, ar chluiche peile i bhfochair Martin McGuinness sé bliana ó shin ach tháinig sé isteach nuair a bhí Amhrán na bhFiann thart. Bhí sé sin sothuigthe mar gur i dTuaisceart Éireann, Iúr Chinn Trá, a bhí an ócáid; ceistíonn aontachtaithe seinm Amhrán na bhFiann sa dlínse seo. Rinne James Brokenshire an cleas céanna níos deireanaí nuair a bhí sé ina státrúnaí. Níor sheachain Arlene ná a comhghleacaí Christopher Stalford an t-amhrán náisiúnta; sheas siad le gach duine eile. Mhínigh Stalford ina dhiaidh nach raibh ansin ach dea-iompar ag léiriú measa ar amhrán náisiúnta na tíre ina raibh siad.

Bhí a freastal ar an gcluiche i gCluain Eois ag teacht le hathrú poirt cheannaire an DUP le cúpla seachtain anuas. Bhuail Arlene Foster le Moslamaigh, lucht CLG agus níos deireanaí an tseachtain seo tá sí chun freastal ar ócáid LADT (leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach). Bhí stair chorrach ag an DUP le gach ceann de na grúpaí sin agus ba mhithid tabhairt faoi leigheas. Ní hé sin le rá go raibh lántacaíocht aontachtach aici. Cháin an TUV go géar í as ucht freastal ar an gcluiche agus as ucht é a dhéanamh ar an Domhnach. Bhí roinnt aontachtaithe eile den bharúil chéanna, cuid acu ag rá gur náire é an tSabóid a bhriseadh, a thuilleadh ag maíomh gur chéim thar fóir é teannadh le CLG.

Ba é míniú Arlene Foster féin ar an bhfeachtas gnaíúlachta nua seo gur ceannaire í ar pháirtí ar theastaigh uaidh ‘sochaí chomhroinnte a chothú do gach éinne’. Chreid, sí a dúirt sí leis an mBBC, go gcuideodh sé sin le Tuaisceart Éireann a bhuanú mar chuid den Ríocht Aontaithe. ‘Tá súil agam’, ar sí, ‘go n-aithneofar gur iarracht ionraic é ó dhuine atá ag iarraidh Tuaisceart Éireann a thógáil ina mbeidh gach duine compordach, ina mbeidh ár bpáistí in ann a bheith ina mBriotanaigh agus ina nÉireannaigh, ina dTuaisceartaigh agus a mBriotanaigh nó ina mBriotanaigh amháin’.

Tá tús curtha ag Foster mar sin leis an bhfeachtas a mhol Peter Robinson le gairid: go léireodh ceannairí aontachtacha buanna na Ríochta Aontaithe chun go meallfaí daoine nach den phobal sin iad chun fanacht sa ríocht seachas a bheith ag iarraidh Éire aontaithe. Lena ceart a thabhairt di thagair sí féin don gcur chuige sin in óráid i Londain níos luaithe i mbliana cé go raibh sí pas beag níos doiléire. An é sin an t-iomlán? Nó an bhfágfaidh an DUP ‘cairdiúil’ seo a lorg dáiríre ar an bpolaitíocht logánta?

An gcuideoidh an feachtas dearfach seo leis an gcaidreamh le Sinn Féin a fheabhsú? An ndéanfaidh sé difríocht dá laghad i dtaca leis an bpairilis in Stormont? D’fháiltigh Sinn Féin roimh fhreastal Arlene Foster ar an gcluiche i gCluain Eois agus roimh na céimeanna siombalacha eile uaithi. Dúirt Mary Lou McDonald go raibh na comharthaí measa agus cúirtéise an-tábhachtach, gur fheabhsaigh siad an t-atmaisféar ach go raibh gá le fuascailt na sáinne.

Ba dheacair a thuar gur ghearr uainn an fhuascailt sin. Is maith ann na comharthaí athmhuintearais ó Arlene Foster agus na cinn a chonacthas le gairid nuair a bhuail scata d’ionadaithe Shinn Féin le cuairteoirí ríoga.

Ach ní scaoth breac.

Fág freagra ar 'Tá moladh tuillte ag Arlene Foster as freastal ar chluiche ceannais Chúige Uladh ach ní scaoth breac'

  • Seán Mac Gearailt

    Ar mhaithe leis féin a níos an cat crónán. Níl ann ach coischéim choiligh ach coischéim sa treo ceart agus tá Arlene le moladh. Neosfaidh an aimsir cé comh dáirire is atá sí.