Tá moladh ag fear an Guardian don Ghael. Bíodh eagla orainn…

Mar sin féin, dá gcreidfeá an Guardian, is inár gcónaí ar oileán na naomh agus na scoláirí atá muid

Tá moladh ag fear an Guardian don Ghael. Bíodh eagla orainn…

Casadh colúnaí de chuid an Guardian orm fadó fadó le linn an drochshaoil sa Tuaisceart. Fear measartha clúiteach a bhí ann lena sholas – tá sé ar shlí na fírinne le tamall – agus tháinig sé anonn le caint a thabhairt ar chúrsaí polaitíochta.

Chuirfeá cár ort féin lena chuid Béarla, an cineál Béarla a chluinfeá i seanscannáin chogaíochta de chuid na Breataine: “Fluffy bought it over the Channel today. Demned bad show!”

Bhí sé aisteach bheith ag éisteacht leis nó shíl mé, an t-am sin, gur bhain an Guardian leis an lucht oibre sa Bhreatain. Níorbh fhada gur thuig mé nár bhain. Bhain an Guardian go teoiriciúil leis an lucht oibre ach bhain an nuachtán féin leis an ard-mheánaicme agus a mores.

Dá olcas a chuid Béarla, chuirfeá cár ort féin fosta lena chur síos ar an Tuaisceart agus ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn go ginearálta. Dia beag d’iriseoir a bhí ann sa Bhreatain ach bhí frig all ar eolas aige faoin oileán seo againn. Aineolach? Abair é, a dhuine, aineolas agus éirí in airde in aon bheart amháin. Shíl sé a mhór de féin ach ní raibh ann ach gligín; bhí gráin aige ar Thatcher agus bhí gráin ag Thatcher ar phoblachtánaigh agus bhí, dá réir sin, gean aige féin ar phoblachtánaigh. Sea, sin an anailís a bhí aige ar chúrsaí casta corracha.

Tháinig an t-aineolas agus an t-éirí in airde chun cuimhne chugam arís agus eagarfhocal de chuid an Guardian á léamh agam an lá faoi dheireadh. A Thiarna, ba é a bhí filiúnta mar eagarfhocal: ‘In the archipelago of offshore European islands we inhabit, a new nation is growing in importance … The new nation if the Irish Republic.’

(M’anam le Dia, chuala mé Mise Éire Uí Riada agus sin á léamh agam.)

Is fada fada ó chonaic mé an focal ‘archipelago’ in úsáid agus focal an-choitianta a bhí ann lá den tsaol. Is minic a bhain lucht acadúil agus polaitiúil úsáid as mar iarracht leis an ghoimh a bhaint as stair chasta chorrach na hÉireann agus na Breataine. An bhfeiceann tú, is oileánaigh uilig sinn, deartháireacha agus deirfiúracha, ó Thoraigh go Dover. Íomhá dheas ach íomhá bhréige chomh maith.

Ba é príomhchuspóir an eagarfhocail an comhrialtas nua idir Fine Gael agus Fianna Fáil a mholadh – “two ancient rivals”; an dóigh ar dhéileáil rialtas Varadkar leis an ulpóg uile-dhomhanda agus cumhacht taidhleoireachta ‘Ireland’ ar an stáitse domhanda san Aontas Eorpach agus sna Náisiúin Aontaithe.

(An mise amháin atá tinn tuirseach de hijeackeáil an fhocail ‘Ireland’ le cur síos a dhéanamh ar Bhananaphoblacht na 26 contae? Is oileán 32 contae é Ireland. Mura bhfuil cead ag  Shinners hijeackeáil a dhéanamh den Ghaeilge, cad chuige a mbeadh cead ag léinte gorma Fhine Gael agus léinte not just so gorm Fhianna Fáil giall a dhéanamh d’Éirinn? Níl in ‘Ireland’ seo Martin agus Varadkar ach Leath Moga. Sea, dúirt mé é.)

Mar sin féin, dá gcreidfeá an Guardian, is inár gcónaí ar oileán na naomh agus na scoláirí atá muid. Tosóidh muid ar dtús leis an chumann idir an bheirt “ancient rivals”.

Níl sa chaidreamh seo ach saint ghránna lom chun cumhachta, socrú idir dhá pháirtí a chaill, faoi dhó, dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile. Theip ar an dá pháirtí na vótóirí a cheannach agus, dá réir sin, dhíol siad iad féin lena chéile. Shocraigh siad ar an chíoch a thabhairt dá chéile agus ní raibh i gceist leis na cainteanna eatarthu ach fáil amach an raibh contúirt ar bith ann go gcuirfeadh duine ar bith fiacail leis an chíoch dheas bhog.

Síleann Guardian na gaoise gur “enviable beauty” – ó féach, tá dán de chuid Yeats ar eolas ag duine inteacht sa Guardian – atá ar siúl i bpolaitíocht an Deiscirt.

Ó? Dá ndéanfadh, abair, Boris Johnson agus Sior Keir Starmer socrú den tsórt chéanna, an molfadh an Guardian iad? Dá ndéanfadh poblachtánaigh Trump agus daonlathaigh Biden, ‘ancient rivals’ eile, socrú den chineál, an molfadh an Guardian iad?

Déarfainn nach molfadh.

Agus amharc go gcreideann siad go bhfuil gean ag an phobal ar Phil Hogan, coimisinéir de chuid an Aontais Eorpaigh. Há! Is léir nach dtuigeann an Guardian go gcuireann páirtithe na hÉireann, iad uilig, polaiteoirí nach bhfuil uathu níos mó anonn chun na Bruiséile.

Níl i bpolaitíocht na hEorpa ach deis chun pinsin ar an mhór-roinn ag polaiteoirí nach bhfuil toil an phobail leo sa bhaile. Ní chreideann duine ar bith go bhfuil tábhacht, gan a bheith ag caint ar fheidhm, le polaiteoirí an Aontais Eorpaigh. Tuigeann gach aon duine an cluiche faoin am seo. Míghnaoi ag daoine sa bhaile ort? Ar shiúl chun na Bruiséile leat le go mbaine tú súp as beoir agus pommes frites na Beilge. Bonne chance, mon brave agus slán.

Rinne Fine Gael agus Fianna Fáil socrú soiniciúil fealltach ar a gcuid vótóirí. Rinne siad socrú nár cheart dóibh a dhéanamh agus rinne siad an socrú sin mar gheall gur theastaigh cumhacht uathu agus nár mhaith leo an chumhacht sin a roinnt le Sinn Féin.

(‘Some fret that Sinn Féin’s strings are being pulled by the (officially disarmed) IRA,’ a scríobhann an Guardian. No foicín bealach, mo chara! I ndáiríre?!)

Sea, bhí mórán ball i bhFine Fáil agus Fianna Gael sásta le comhrialtas a bhunú ach is léiriú é sin ar dhrochstaid an dá pháirtí. Is léiriú é go bhfuil cuid mhór daoine ar son cumhachta agus beagán ar son prionsabal. Is cuma le ceannairí agus baill na bpáirtithe faoi vótóirí, faoi stair a bpáirtithe agus, níos tábhachtaí, faoi rogha a thabhairt do vótóirí an Stáit: ‘Mura dtacaíonn tú linn, déanfaidh muid socrú eadrainn féin. Má thacaíonn tú leis an dream eile, coinneoidh muid as cumhacht iad.’

Sin an rogha. I ndáiríre.

Luaigh Eoin Ó Murchú ar an tsuíomh seo cheana féin é – údarás morálta. Níl údarás morálta ar bith ag an chomhrialtas seo. Tuigeann muid uilig go gcuirfidh siad scian i ndroim a chéile a luaithe agus a bheas beannacht na bpobalbhreitheanna leo.

Enviable beauty?

Áilleacht ailseach, déarfainn.

Fág freagra ar 'Tá moladh ag fear an Guardian don Ghael. Bíodh eagla orainn…'

  • Tash

    Dáiríre, molaim Valium nú rud éigin mar sin, duit.
    Cé ná fuil rudaí foirfe (agus i bhfad as atá siad) níl gach rud ina bpraiseach sa “bhananaphoblacht” seo.
    Téir amach ar siúlóid deas sa dúlra. Tá an saol go maith, bain súp as. Agus b’fhéidir tar éis píosa, bheadh radharc agus barúil níos dearfaí agat.

  • Bernadette

    Dar ndóigh tá an t-alt sách dona ach ansin, mar bharr ar an donas, caitheann sé isteach cúpla masla do na mná lena iomhánna gnéis!!

  • An Daonlathach

    Nach ndúirt FF agus FG araon roimh an toghchán nach rabhadar chun dul isteach i Rialtas le SF.
    Is éard atá déanta acu cloí go macánta leis an ngeallúint sin. Ní soiniciúil atá sin ach díreach a mhalairt. Ní thuigim cén fáth a bhfuil sin ag cur isteach ar Phól Ó Muirí .. agus é ag rá go bhfuil an socrú soiniciúil!!
    agus rud eile de is mó cár a chuireann an focal “bhananaphoblacht” orm ná aon ní a chonaic mé riamh ar leathanaig an Guardian

  • Diarmuid

    Aontaím, níl an t-alt go hiontach ach tá sé níos fearr ná an ceann san Irish Times an tseachtain seo caite, tá ríméad orthu mar gheall go ndúirt The Guardian agus The Economist rudaí deasa fúinn. Bhí siad sásta pat a fháil ar an ceann, tá an cineál sin an-chiotach dúinn.

  • Pádraig

    Lena cheart a thabhairt dóibh is é ‘Éire’ nó ‘Ireland’ an t-ainm oifigiúil ar an stát, taitneodh sé linn nó ná taitneodh. Nuair a bunaíodh an phoblacht bhí sé de cheart acu ‘Poblacht na hÉireann’ a thabhairt ar an stát i ndáiríre. Is beag tír ar domhan nach bhfuil ainm oifigiúil fada acu mar aon leis an ‘ngnáthainm’.

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím le Pól Ó Muirí. Ar ór ná ar airgead ní ligfidh FG agus FF Sinn Féin isteach cé gur thug cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a vóta don Sinn Féin céanna. Baineadh úsáid as an ngéarchéim le dul sa leaba leis na Glasaigh, ceann de na dreamantaí is measa dá bhfuil ann i bpolaitíocht na tíre seo, le greim a fháil ar an gcumhacht. Beidh seans eile ar thoghchán amach anseo againn agus beidh le feiceáil nuair a chuirfeas Sinn Féin níos mó iarrthóirí ar aghaidh an chéad uair eile.