Tá mo chroí trom ó sheol mé na páistí beaga ar scoil agus mascanna orthu  

Tuigim go raibh gá le beartas nua chun dul i ngleic le scaipeadh an víris i measc páistí bunscoile, ach fós féin is mór an t-údar bróin é…

Tá mo chroí trom ó sheol mé na páistí beaga ar scoil agus mascanna orthu  

Tá mo chroí trom  ó mhaidin Dé Céadaoin nuair a sheol mé an Bheainín agus an Cailín Mór Beag ag an scoil agus mascanna aghaidhe orthu.

Fógraíodh tráthnóna Dé Máirt go raibh ar pháistí bunscoile os cionn naoi mbliana d’aois masc aghaidhe a chaitheamh sa seomra ranga agus in áiteanna poiblí ar nós siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí.

Anois agus muid bliain agus ocht mí isteach sa bpaindéim airíonn sé amhail is gur céimeanna ar gcúl atá á dtógáil againn agus aghaidh á tabhairt againn ar an dara Nollaig faoi scáth Covid-19. Tuigim go raibh gá le beartas nua chun dul i ngleic le scaipeadh an víris in aoisghrúpa na bpáistí bunscoile, ach fós fhéin is mór an t-údar bróin é.

Tháinig an fógra maidir leis na rialacha nua sna bunscoileanna ón rialtas gan mórán rabhaidh agus chaithfeadh go raibh go leor páistí ar fud na tíre maidin Dé Céadaoin ag dul isteach go dtí an scoil gan aon mhasc orthu ná aon réiteach ceart déanta dóibh.

Níl aon amhras ach go gcuireann an fógra seo leis an strus agus an imní atá ar pháistí cheana féin faoin ngalar Covid-19 agus níor chabhraigh sé go ndearnadh an fógra go tobann agus gan míniú ceart tugtha roimh ré le go bhféadfadh múinteoirí agus tuismitheoirí réiteach i gceart.

Tuairiscítear go mbeifear in ann cead isteach go dtí an scoil a dhiúltú do pháiste mura gcaithfidh siad an masc, ach amháin sa gcás is go bhfuil teastas leighis dochtúra acu a dhearbhaíonn nach gá don pháiste masc a chaitheamh ar chúinsí sláinte.

Níor chóir go ndiúltófaí cead isteach sa scoil d’aon pháiste bunscoile mura bhfuil masc acu. Ní hiad na gasúir atá freagrach as ceannacht ná caitheamh an mhaisc agus tá sé riachtanach go gcuirfí soláthar mascanna ar fáil do scoileanna go mbeidh siad in ann cabhrú le gasúir a thagann ag an ngeata ar maidin gan aon mhasc.

Níl aon dáta críche curtha leis an treoir seo do pháistí bunscoile ach amháin go ndéanfar athbhreithniú air i lár mhí Feabhra. Cé go bhfuil sé ráite i dtreoirlínte an WHO go bhfuil sé sábháilte go fisiciúil ag páistí atá os cionn 6 bliana d’aois masc aghaidhe a chaitheamh nuair a bhíonn gá lena leithéid, caithfear a aithint gur beag taighde eolaíochtúil atá déanta ar thionchar an mhaisc aghaidhe thar thréimhse fhada agus gur minic nuair a luaitear taighde gur taighde ar dhaoine fásta a bhíonn i gceist.

Ó tháinig caitheamh na mascanna aghaidhe chun cinn i rith na paindéime tá sé feicthe againn go bhfuil siad in ann scaipeadh an víris a laghdú agus is maith ann é sin. Ina dhiaidh sin féin, níor chóir go nglacfadh muid leis go fadtéarmach gan athbhreithniú rialta a dhéanamh air i gcomhthéacs scoile do pháistí óga atá ag brath go mór ar ghothaí gnúise agus iad i mbun cumarsáide agus foghlama.

Fág freagra ar 'Tá mo chroí trom ó sheol mé na páistí beaga ar scoil agus mascanna orthu  '

  • Antóin

    Léiríonn na focail a úsáideann tú san alt seo an imní agus an t-amhras atá ort faoin chinneadh a rinne tú. Instinn mháthar.

    Luann tú féin an tábhacht a bhaineann le gothaí gnúise i gcomhthéacs na foghlama agus na cumarsáide agus tagaim leat ansin. Seachtain ó shin bhí páistí scoile os comhair múinteora, a n-aghaidh, trína bhfeictear éagsúlachtaí a bpearsantachtaí, le feiceáil go soiléir; gach straois, gach místá, gach ruainne amhrais, gach ceist gan rá. Céard a fheiceann an múinteoir anois ? Tríocha masc os a chomhair. An bhfuil aon rud níos neamhphearsanta? An aon iontas go bhfuil do chroí trom?

    Tá go leor taighde eolaíoch déanta ag eolaithe agus dochtúirí agus síceolaithe ar thionchar mascanna aghaidhe ar dhaoine ach ní thugtar cluas dóibh ar na mórmheáin. Léiríonn siad gur mó an dochar ná an sochar a dhéanann mascanna agus nach bhfuil siad in ann scaipeadh an víris a laghdú ach ní cheadaítear an díospóireacht sin ar na mórmheáin.

    Agus ní mór an cheist a chur. Cén sórt daoine a chuireann litir chuig príomhoidí ag iarraidh orthu gan ligint do pháistí teacht isteach thar thairseach na scoile mura bhfuil masc á chaitheamh acu?