‘Tá mo chroí ag pléascadh le bród as an tacaíocht atá faighte agam ó phobal na Gaeilge’ – Bláthnaid Ní Chofaigh ag súil le Nationwide

Tá an craoltóir Gaeltachta Bláthnaid Ní Chofaigh ag súil go roinnfidh daoine scéalta léi i mBéarla agus i nGaeilge nuair a thosóidh sí mar láithreoir ar an gclár mór-ráchairte ‘Nationwide’ ar RTÉ in 2020

‘Tá mo chroí ag pléascadh le bród as an tacaíocht atá faighte agam ó phobal na Gaeilge’ – Bláthnaid Ní Chofaigh ag súil le Nationwide

Deir RTÉ go bhfuil áthas orthu duine chomh “paiseanta” ó thaobh na Gaeilge le Bláthnaid Ní Chofaigh a bheith roghnaithe acu mar láithreoir ar chlár chomh “lárnach” ina sceideal le Nationwide.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Chofaigh go ndeachaigh an méid teachtaireachtaí dea-ghuí a bhí faighte aici ó phobal na Gaeilge go croí inti ó fógraíodh gurb í a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mary Kennedy mar chomhláithreoir ar an chlár teilifíse mór-ráchairte ar RTÉ.

“Tá mo chroí ag pléascadh le bród as an oiread tacaíochta atá faighte agam ó phobal na Gaeilge.  Tá mé ag súil go mór le bheith ar ais i lár an aonaigh ó thaobh na teilifíse de. Tá mé ag súil go roinnfidh daoine scéalta liom i mBéarla agus i nGaeilge agus go dtiocfaidh scéalta chugam ó chuile chearn den tír. Mura bhfuil daoine sásta labhairt leat níl aon chlár agat. 

“Tá brú ann le clár mór mar Nationwide agus freagracht mhór ort an lucht leanúna a choinneáil agus a mhéadú ach tá mé ag súil leis.”

D’fhógair RTÉ gurb í an craoltóir aitheanta, ar cainteoir dúchais as Gaeltacht Ráth Chairn í, a bheidh ag cur Nationwide i láthair feasta in éineacht le Anne Cassin.

Tá Mary Kennedy, cainteoir líofa Gaeilge as Cluain Dolcáin, a bhí ag obair ar an chlár le fada tar éis dul ar scor ón stáisiún.

Dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh go raibh sí “an-sásta” teacht  i gcomharbacht ar “láithreoir iontach” amhail Mary Kennedy.

Bíonn thart ar 250,000 ar an meán ag féachaint ar Nationwide gach Luan, Céadaoin agus Aoine ag a 7.00 pm ar RTÉ 1 agus meascán scéalta agus tuairimí le fáil air ó phobail ar fud na hÉireann. 

Beirt láithreoirí a bheidh ar an chlár Bláthnaid Ní Chofaigh agus Anne Cassin agus i mí Eanáir 2020 a thabharfaidh Ní Chofaigh faoina cúram nua. 

Chuireadh Ní Chofaigh an clár Bláthnaid Libh i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le tamall anuas agus bhí baint aici leis an iliomad clár eile ar RTÉ ó chuaigh sí ag obair ann i 1990.

Fág freagra ar '‘Tá mo chroí ag pléascadh le bród as an tacaíocht atá faighte agam ó phobal na Gaeilge’ – Bláthnaid Ní Chofaigh ag súil le Nationwide'