‘Tá mo bhrionglóid á fíorú, a bhuíochas de mo mhuintir’ – dialann na mná óige a thug dúshlán an Stáit faoi thorthaí Ardteiste

Más mall is mithid… Bhí Rebecca Carter i mbéal an phobail le déanaí mar gheall ar an gcás Ard-Chúirte a thug sí in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit de bharr botún a rinneadh ina cuid torthaí Ardteiste. Choinnigh sí dialann dúinn dá céad sheachtain ar an ollscoil

‘Tá mo bhrionglóid á fíorú, a bhuíochas de mo mhuintir’ – dialann na mná óige a thug dúshlán an Stáit faoi thorthaí Ardteiste

@UCDSU/Twitter

Bhuel céard is féidir liom a rá, bhí mo chéad lá ar an ollscoil mar a bheadh cuaifeach ollmhór. Shiúil mé isteach le mo bhuachaill agus bhí ochtar ansin romham agus ceamaraí acu, chomh maith le lucht Aontas na mac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Mhothaigh mé an-neirbhíseach ach bhí sceitimíní orm ag an am céanna. Tar éis roinnt grianghrafanna, chuamar le haghaidh bricfeasta le lucht an Aontais agus bhaineamar uair an chloig amach ag caint is ag comhrá.

Thosaigh mo ranganna ag a deich a chlog. Nuair a bhí mé i mo shuí sa chéad léacht sin, níor thuig mé go leor dá raibh á rá ag an léachtóir agus bhí scanradh an domhain orm go dtí deireadh na ranga nuair a d’inis cailín a bhí ina suí in aice liom nár thuig sí féin aon rud ach an oiread! Thug sin suaimhneas dom mar thuig mé nach raibh mé i m’aonar. Bhí ranganna ar siúl an lá ar fad agus caithfidh mé a admháil go raibh mé ‘overwhelmed’ le gach rud. D’imigh mé abhaile tar éis mo chéad lae agus buairt an domhain orm go raibh mé i bhfad chun deiridh ar gach éinne agus nach dtuigfeadh mé aon rud. Ba é sin mo chéad lá i dtimpeallacht an-difriúil agus an rud ba mheasa ná go raibh aithne ag gach duine ormsa ach bhí mé fhéin mar a bheadh caora strae agus gan aithne agam ar éinne.

Le linn na seachtaine thosaigh mé ag bualadh le go leor daoine difriúla agus mhothaigh mé i bhfad níos fearr. Tá cairde á ndéanamh agam cheana féin, buíochas le Dia. Ar an gCéadaoin bhí mo chéad ‘dissection’ ar siúl. Gan aon amhras bhí mé an-neirbhíseach ach dúradh liom gan aon imní a bheith orm, fiú dá mothóinn go raibh an baol ann go dtitfinn i laige go mbeadh sin ceart go leor mar gur gnáthmhothúchán é sin ar dtús. Chuir mé mo wellies bándearga agus mo chóta bán orm agus ar aghaidh liom isteach sa tsaotharlann. Istigh ansin romham bhí go leor ainmhithe éagsúla, marbh dar ndóigh, agus gan dabht mhothaigh sé beagáinín ait. D’oibrigh mo ghrúpa ar chos caorach. Tá tionscnamh beag á dhéanamh againn agus bhí orainn an chos a thrasghearradh chun néaróg éigin a aimsiú. B’iontach ait an taithí é sin ach thaitin gach uile nóiméad di liom.

Bím ag obair go dian gach oíche ag iarraidh ‘catch up’ a dhéanamh ar an obair go léir atá déanta ag mo chomhghleacaithe. Tá leabhar amháin atá 90 leathanach críochnaithe acu cheana féin! Ní bheidh sé éasca ach beidh mé ceart go leor, tá súil agam.

Chuaigh mé amach ar mo chéad ‘oíche tréidliachta’. Seo oíche ina dtéann an mic léinn tréidliachta ar fad amach chuig teach tábhairne agus ansin chuig club oíche más mian leo. Thug sin deis dom bualadh le daltaí ó gach bliain den chúrsa. Bhain mé an-taitneamh as agus mhothaigh mé níos compordaí ag dul isteach an lá ina dhiaidh sin toisc go raibh aithne agam ar roinnt de na mic léinn i mo rang.

Táim ag tnúth leis an tseachtain seo chugainn agus mé ag súil nach mbeidh an oiread imní orm agus a bhí an tseachtain seo. Mar gheall ar an gcás cúirte, bíonn daoine ag teacht suas chugam ag déanamh comhghairdis liom agus ag rá ‘maith thú’ agus gan dabht is rud an-ait é sin.

Táim ag tnúth le socrú síos anois agus dearmad a dhéanamh ar gach rud a tharla le mí anuas mar bhí strus uafásach ag baint leis an gcás go léir. Gach duine a bhfuil aithne acu orm, feiceann siad a shásta atá mé anois mar go bhfuil mo bhrionglóid á fíorú faoi dheireadh, a bhuíochas d’iarracht mhór mo mhuintire. Is aoibhinn feasta beatha an tréidlia faoi oiliúint!

Fág freagra ar '‘Tá mo bhrionglóid á fíorú, a bhuíochas de mo mhuintir’ – dialann na mná óige a thug dúshlán an Stáit faoi thorthaí Ardteiste'