An t-am seo anuraidh, bhí sé déanta agam.
Bhí an fhoirmle fhoirfe do na campaí samhraidh oibrithe amach agam.
Ba gheall le mapa misin as lároifig NASA an féilire a bhí crochta sa gcoirnéal sa gcistineach againn.
B’aoibhinn an radharc é.
Cheannaigh mé marcóirí aibhsithe i ndathanna neoin éagsúla chun códáil dathanna a dhéanamh.
Dath amháin don champa scoile, dath eile don champa spóirt, dath eile arís do na laethanta saoire ón obair nuair a bheadh muid ar fad ag taisteal le chéile agus nach mbeadh aon champa samhraidh ann.
Bhí sharpie agam. Ceann mór dubh le go bhféadfá breathnú anonn ón taobh eile den seomra agus go mbeadh a fhios agat láithreach cén campa a bhí ann lá arna mhárach, cén t-am a raibh siad le bailiú agus le fágáil ann. Cén áit agus, nuair nach raibh gach duine sa gcampa céanna ar an lá céanna, bhí an t-eolas sin ann freisin.
Ba é mí Iúil ar fhéilire na bliana seo caite mo mhórshaothar saoil, m’opus. Níl a fhios agam an sroichfidh mé an leibhéal eagrúcháin sin arís go brách.
Ba mhór an áilleacht é, théis na mblianta ag streachailt, an réiteach ar amchlár an tsamhraidh a aimsiú, fiú más ar feadh tréimhse bheag féin é. Bhí an Soitheach-fhéilire naofa aimsithe.
Scaití ceistím mé féin.
‘Ar tharla sé sin dháiríre? An raibh códáil dathanna in úsáid, dháiríre?’
Ansin tarraingíonn mé amach féilire na bliana seo caite ó chúl an chófra agus bainim lán mo dhá shúil as arís.
Mmmm… marcóirí aibhsithe neoin.
Bhí gach plean réidh agam, bhí an rún déanta amach agam, an t-ollsceideal a d’oibreodh gach bliain…
Nach mé a bhí soineanta?
Níor rith sé liom ag deireadh an tsamhraidh anuraidh go mbeadh an domhan ar fad buailte ag paindéim faoin am go dtiocfadh campaí samhraidh na bliana seo.
Ní féidir pleanáil do chuile shórt.
Inné, den chéad uair i mbliana, d’oscail mé leathanach mhí Iúil ar an bhféilire. Blianta eile, bheadh muid á oscailt go rialta ó lár mhí Aibreáin ar a laghad, agus dátaí do champaí samhraidh á líonadh isteach, turais bheaga, dátaí taistil agus eile.
I mbliana, tá an bhileog glan ar fad, níl oiread agus rud amháin scríofa air. Seans gur fearr é sin dúinn i mbliana, nach mbeadh aon ghá againn a bheith in aon áit, ach glacadh le gach lá mar a thagann sé chugainn.
Samhradh mar sin a theastaíonn uainn i mbliana sílim, is gan aon amharc ar fhéilire ná marcóirí.
Fág freagra ar 'Tá mí Iúil glan ar fad ar fhéilire na bliana seo agus an marcóir aibhsithe sa gcófra'