‘Tá Meiriceá ag dul i dtigh an diabhail’ –  a fhadhbanna dlí curtha i lár an aonaigh pholaitiúil ag Trump

Dul ar an ionsaí an freagra a bhí ag Donald Trump ar a bheith ar an gcéad iaruachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a cúisíodh i gcoir

‘Tá Meiriceá ag dul i dtigh an diabhail’ –  a fhadhbanna dlí curtha i lár an aonaigh pholaitiúil ag Trump

In óráid fhada scaoilte a bhí lán d’fhearg, thug iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi lucht a cháinte cúpla uair an chloig i ndiaidh 34 cúis choiriúil a bheith curtha ina leith sa chúirt in Manhattan.

D’fhill Trump ar Mar-a-Lago, a áit chónaithe in Florida, chun labhairt le grúpa dá lucht tacaíochta. Dúirt sé ina óráid go raibh Meiriceá “ag dul i dtigh an diabhail”, agus dhein sé neamhaird ar an achainí a dhein an breitheamh air níos luaithe sa lá an chaint ghríosaitheach a sheachaint. Ina áit sin, dhein Trump ionsaí ar iníon an Bhreithimh féin.

“Tá breitheamh agam a bhfuil an ghráin aige ar Trump agus a bhfuil an ghráin ag a bhean agus a chlann ar Trump agus ar oibrigh a iníon do Kamala Harris.”

Thagair Trump do chuid de na cásanna eile atá á dtabhairt ina aghaidh, ina measc an fiosrúchán faoina iarracht cur isteach ar thoradh an toghcháin in Georgia agus an fiosrúchán faoin mhíláimhseáil a dhein sé ar cháipéisí rúnda in Mar-a-Lago.

Thug sé sciolladh teanga d’Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan Alvin Bragg, agus thagair sé do go leor de na húdair ghearáin a bhíonn go minic aige, “an táinseamh bréige uimhir a haon”, “an táinseamh bréige uimhir a dó” agus “na milliúin vótaí a sacadh go mídhleathach i mboscaí ballóide”.

Chuir sé é féin i láthair mar íobartach i rith na hóráide agus mhaígh sé go raibh géarleanúint pholaitiúil á déanamh air agus go raibh an córas dlí “gan dlí” ag iarraidh deireadh a chur lena shaol sa pholaitíocht.

Ní raibh ón ionchúisitheoir ach Trump a bhualadh ba chuma cén costas a bhainfeadh leis, ar sé. Ní raibh aon chás ann ná ní raibh aon choir déanta, a dúirt sé.

“Masla é dár dtír tráth a bhfuil an domhan mór ag magadh fúinn cheana féin,” arsa Trump.

Léirigh an óráid go bhfuil sé i gceist ag an iaruachtarán a chuid fadhbanna dlí a chur i lár an aonaigh ina fheachtas d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh do thoghchán uachtaránachta 2024.

“Náisiún sinn atá ag dul i léig. Agus anois ba mhaith leis na gealta radacacha seo ar an eite chlé cur isteach ar ár dtoghcháin le forfheidhmiú an dlí. Ní féidir linn ligean dó sin tarlú.

“Níl aon amhras orm, ina ainneoin sin, go mbeidh Meiriceá i mbarr a réime arís againn”.

Phléadáil Donald Trump neamhchiontach i gcúirt in Manhattan tráthnóna inné i ngach ceann de 34 cúis a cuireadh ina leith maidir lena bhaint le cás inar íocadh airgead ionas nach sceithfí eolas faoi.

Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg. gur inis Trump bréaga “arís is arís eile” chun coireanna a bhain le toghchán uachtaránachta 2016 a cheilt.

Baineann an cás le híocaíochtaí a deineadh le linn an toghcháin sin – íocaíochtaí le haisteoir i scannáin phornagrafaíochta, le mainicín Playboy agus le doirseoir.

Baineann an 34 cúis leis an íocaíocht a deineadh leis an aisteoir amháin.

Seo an chéad uair riamh go bhfuil cúiseanna coiriúla á dtabhairt in aghaidh iaruachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Baineann na cúiseanna go sonrach le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt.

“Sháraigh an tseift seo dlí toghchánaíochta Nua-Eabhrac, a deir gur coir atá ann dul i mbun comhcheilge chun iarrthóir a chur chun cinn go mídhleathach,” a dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg.

Sa chúirt in Manhattan, dúirt an Breitheamh Juan Manuel Merchan gur i mí na Nollag a bheidh Trump os comhair na cúirte arís. Leagfar síos sceideal do réamhthriail Trump ansin, ach ní thosnóidh an triail féin go dtí 2024.

Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg, go bhféadfaí tús a chur leis an triail mí Eanáir na bliana seo chugainn ach thug lucht dlí Trump le fios go mbeidh siad ag iarraidh go gcaithfí amach an cás.

Tá tús á chur i mí Feabhra leis an réamhthoghchán d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh do thoghchán uachtaránachta 2024.

Tógadh méarlorg ag an díotchúiseamh, ach d’aontaigh a lucht dlí le hionchúisitheoir dúiche Manhattan nach gcuirfí glais lámh ar an iar-Uachtarán atá ag seasamh don Teach Bán arís.

Nuair a tháinig deireadh leis an díotchúiseamh, scaoileadh saor Trump le filleadh ar Florida.

D’eagraigh cuid de lucht tacaíochta agus cuid de lucht cáinte Trump agóidí gar de chúirt choiriúil Manhattan.

Ní chuirfidh an cúiseamh áirithe seo aon chosc ar Donald Trump a bheith mar iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh ná a bheith ina Uachtarán arís ar na Stáit Aontaithe.

Vótáil Ard-Ghiúiré Déardaoin seo caite ar son Trump a dhíotáil mar chuid d’fhiosrúchán fada a rinne Oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan.

Bhain an fiosrúchán agus na cúiseanna coiriúla leis na líomhaintí gur íoc Trump $130,000 ar ais lena iar-aturnae, Michael Cohen, mar chúiteamh ar íocaíocht a deineadh le Stormy Daniels, aisteoir a deir go raibh caidreamh gnéis aici leis an iaruachtarán.

Rinne Cohen an íocaíocht le Daniels sna laethanta roimh thoghchán uachtaránachta 2016, ionas nach sceithfeadh sí an scéal faoin gcaidreamh a deir sise a bhí aici le Trump.

Deir Trump nár tharla a leithéid de chaidreamh. Géilleann sé gur thug sé an t-airgead ar ais do Cohen, ach deir sé nach ndearna sé aon rud a sháraigh aon dlí.

Cé go raibh díotáil Trump dírithe ar chás Stormy Daniels, tá dhá íocaíocht eile luaite leis an gcás chomh maith.

I gcás amháin acu, d’íoc an National Enquirer, $30,000 le fear a bhí ina dhoirseoir tráth ag Trump Tower, fear a mhaígh go raibh eolas aige faoi pháiste a bhí ag Trump taobh amuigh den phósadh.

Bhain an cás eile le híocaíocht a dhein an National Enquirer le Karen McDougal, mainicín Playboy, a bhí ag iarraidh scéal faoi chaidreamh gnéis a dhíol.

Tá an-mhuinín ag Trump go mbeidh sé in ann leas a bhaint as an díotáil seo le tuilleadh tacaíochta a bhailiú dá fheachtas le filleadh ar an Teach Bán.

Fág freagra ar '‘Tá Meiriceá ag dul i dtigh an diabhail’ –  a fhadhbanna dlí curtha i lár an aonaigh pholaitiúil ag Trump'