‘Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís’ – Ryan Tubridy

TG4 is cúis cuid mhaith leis an bhfonn atá ar an gcraoltóir Ryan Tubridy an Ghaeilge a fhoghlaim, a deir sé

‘Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís’ – Ryan Tubridy

Tá ráite ag an gcraoltóir cáiliúil Ryan Tubridy gur mhaith leis an Ghaeilge a thabhairt ar ais ina shaol.

Dúirt an craoltóir an méid sin agus é ag fógairt ar a chlár raidió ar maidin go mbeadh RTÉ Home School Hub ag teacht ar ais ar an scáileán.

Is nuair a seoladh téacs isteach chuige le rá go mbeadh Cúla4 ar Scoil ag tosú arís chomh maith ar TG4 a luaigh  Tubridy  a spéis féin sa teanga.

“Is breá liom TG4. Ba mhaith liom an Ghaeilge a thabhairt ar ais i mo shaol ar bhealach éigin, agus déarfainn gur rud é a dtabharfainn faoi nuair a bheidh an rud seo curtha dínn againn.

“Dá bhféadfainn í a fhoghlaim ar bhealach atá éasca. Bealach éasca atá uaim. Í a fhoghlaim ar bhealach atá éasca agus cairdiúil.

“Níl mé ag iarraidh a bheith ag déanamh imní faoin modh coinníollach. Níl uaim dáiríre mar thús ach ‘Chuaigh mé go dtí an siopa’ agus feicfimid linn ansin.

“Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís agus a bhuíochas sin ar fad do TG4. Is é TG4 is cúis leis agus rudaí eile. Ach is cinnte go bhfuil baint ag TG4 leis.

“Ní geallúint dhaingean í sin, bíodh a fhios agaibh. Níl mé ag iarraidh go mbeidh aiféala orm fúithi. B’fhéidir nach bhfuil ann ach scal beag an Covid.”

Ar ndóigh bhí sin-seantuismitheoirí an chraoltóra ina múinteoirí i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara agus bhí a sheanathair Seán Tubridy ina Theachta Dála i gConamara agus bainteach leis an eagraíocht Muintir na Gaeltachta a bhunú le Máirtín Ó Cadhain.

Labhair Ryan Tubridy cheana faoin “ardú croí” a bhaineann lena chuairteanna ar Chonamara.

Fág freagra ar '‘Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís’ – Ryan Tubridy'

  • Eoghan O Neill

    Ní thuigim an doicheall seo i dtaobh an Modh Coinníollach mar tá sé i ngach teanga – if I were a carpenter I would …., Wenn ich eine Mühle hätt’ und ein schönes Weib im Bett …. Sí fueras más grande podrías …. Is é an MC a thugann deis don tsamhlaíocht. Modh Connaíollach hasta siempre!

  • Cristine ui Labhra

    Is maith an rud e go bfhuil Ryan ag cuir suim sa Gaeilge. BFHEIDIR go bfhuil fhios aige gur buntaiste gaeilge a bheith aige mar gheall gur craoltoir e ar radio naisunta Eire

  • Liam Mac Lochlainn

    Is triail ghramadúil é. Más féidir le scoláire an modh coinníollach a úsáid , is léir don scrúdaitheoir go bhfuil sé ábalta an aimsir chaite agus an aimsir fháistineach a úsáid. Gramadach ar son gramadaí atá i gceist. Ar an drochuair, ní chuidíonn sé go mór le cumarsáid.

  • Éamonn Ó hÓgáin

    Ná bac tharat an ghramadach go fóill. Tosnaigh ag caint leis an méid atá agat – bí ag éisteacht le Gaeilgeoirí maithe – agus bainfidh tú ceann scríbe amach. Ádh mór ort!

    Éamonn Ó hÓgáin