Deir an dílseoir aitheanta óg Joel Keys gur féidir leis comhaireamh go dtí a 10 i nGaeilge.
I dteachtaireacht a chuir Keys, as oirthear Bhéal Feirste, amach ar na meáin shóisialta, dúirt sé gur féidir leis comhaireamh go “muiníneach” go dtí a deich i nGaeilge agus gan ach rang amháin Gaeilge déanta aige.
Bhí Keys go mór i mbéal an phobail in 2021 nuair a thug sé rabhadh do choiste in Westminster go bhféadfadh dílseoirí filleadh ar an fhoréigean chun cur i gcoinne Phrótacal an Tuaiscirt.
Ní raibh sé ach 19 ag an am agus bhain a neamhbhailbhe agus a dheisbhéalaí is a bhí an dílseoir óg siar as daoine.
A bhuíochas dá “mhúinteoir iontach”, an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine, atá ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste, atá beagán Gaeilge aige, a dúirt sé.
I can confidently count to 10 in Irish, thanks to @ErvineLinda. I can not-so-confidently count to 20. She’s a fantastic teacher.
That’s about it. For now at least 🤣 pic.twitter.com/inuXxmeXA9
— Joel Keys (@JoelKeysNI) April 23, 2023
“D’fhreastail mé ar rang Gaeilge amháin le cara liom. Bhí orainn imeacht leath bealaigh fríd, ach cuimhním féin (agus mo chara freisin an uair dheireanach ar sheiceáil mé) ar an chantaireacht bheag a múineadh dúinn le cuimhneamh ar na huimhreacha.
“Murab in múinteoir den scoth, níl a fhios agam céard é?” a dúirt Keys.
Thug Keys an méid sin le fios i ndiaidh dó iarraidh ar a chuid leantóirí ar Twitter ceisteanna “faoi aon ábhar” a chur air.
Chuir duine amháin ceist air faoin “tuairim” a bhí aige maidir leis an Ghaeilge.
“Ar thriail tú riamh frása nó dhó a fhoghlaim?” a fiafraíodh dó.
Dúirt Keys go raibh sé ábalta comhaireamh go dtí a deich i nGaeilge ach nach mbeadh sé chomh muiníneach céanna ag comhaireamh go dtí 20.
Ar na freagraí eile a thug Keys ar cheisteanna a cuireadh air, dúirt sé gur cheap sé gur cheart don DUP “deireadh” a chur lena mbaghcat ar Stormont, gur shíl sé gur faoi stiúir an UUP a bheadh an “seans is fearr” ag an aontas agus nár cheap sé go n-éireodh le reifreann faoi Éire Aontaithe go dtí go ndéanfaí “sainmhíniú” ar cad is Éire Aontaithe ann.
Dúirt sé le déanaí go bhfuil sé ag iarraidh go bhfanfadh Tuaisceart Éireann ina chuid den Ríocht Aontaithe ach go mba “amadán” é dá gceapfadh sé nach bhféadfadh athrú teacht ar an tuairim sin amach anseo.
Bhí Keys páirteach le déanaí i bplé faoi Éirinn Nua ag comhdháil de chuid an SDLP i nDoire.
Fág freagra ar '‘Tá mé go maith in ann comhaireamh go dtí a 10 i nGaeilge’ a deir dílseoir óg aitheanta'