‘Tá mé ag súil leis an gcéad dráma scoile eile a bheidh ag mo chuid gasúr’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2022 le Jo Ní Chéide ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus 'Glór Tíre'

‘Tá mé ag súil leis an gcéad dráma scoile eile a bheidh ag mo chuid gasúr’

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2022?  

Ba mhaith liom a bheith níos aclaí. Bíonn sé deacair am a fháil dom fhéin mar gheall ar chúrsaí oibre agus ag tógáil clainne ach tá plean leagtha síos agam don bhliain nua. Tá bís orm tús a chur leis. 

2. Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2022?  

Tá mo dheirfiúr ar dualgas sa Liobáin le hÓglaigh na hÉireann faoi láthair. Is Ceannaire Airm í agus bíonn sí thar lear go minic. Is fada liom go dtiocfaidh sí abhaile i mí an Mheithimh.     

3. Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2022?  

Tá mé ag súil go mór le ceol beo arís mar go bhfuil deireadh curtha leis go tús na bliana. Tá mé ag súil leis an chéad dráma scoile eile a bheidh ag mo chuid gasúr, mar nár éirigh leo a bheith i ndráma in 2021 de bharr Covid-19.  

4. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2022?

Bheadh sé go deas gan an focal Covid a chloisteáil. Tá dhá bhliain an-chrua curtha isteach ag óg is aosta. D’fhulaing go leor daoine de bharr na géarchéime seo agus táim dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus go mbeidh muid ag maireachtáil i saol saor ó Chovid le cúnamh Dé.   

5. Céard é an rud is mó a mhaith leat a bhaint amach in 2022?

Tá mé ag smaoineamh filleadh ar an Ollscoil arís. Thaitin an Ollscoil go mór liom. Bhí sé ar na bacáin agam filleadh anuraidh ach mar gheall ar an bpaindéim, cuireadh ar an méar fhada é.  

Fág freagra ar '‘Tá mé ag súil leis an gcéad dráma scoile eile a bheidh ag mo chuid gasúr’'