‘Tá mé ag súil le teacht le chéile gan fad dhá chamán eadrainn!’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2021 le hAengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Shinn Féin

‘Tá mé ag súil le teacht le chéile gan fad dhá chamán eadrainn!’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2021?

Níos mó leabhar a léamh agus meáchan a chailliúint.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Bheith in ann saoire cheart a ghlacadh agus ócáidí clainne agus mar sin a cheiliúradh mar ba chóir gan fad dhá chamán eadrainn.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Srianta Covid-19 ag leanúint ar aghaidh.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Éire aontaithe nó ar a laghad dáta do reifreann ar athaontú na tíre, go háirithe tar éis céad bliain den chríochdheighilt a bheith curtha dínn againn agus anois an Breatimeacht.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2021?

Tá daoine ar bís le bheith níos cruthaithí agus níos gníomhaí ina gceantar áitiúil, ina n-eagrais agus i leith na timpeallachta.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2021?

Cuidiú le Mary Lou McDonald a bheith ina Taoiseach tar éis an toghcháin a bheas romhainn in 2021, toghchán, i mo thuairimse, a bhuafaimid.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2021, céard a d’athrófá?

Covid-19.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag súil le teacht le chéile gan fad dhá chamán eadrainn!’'