‘Tá mé ag súil le neart barróga móra fada fáisciúla in 2021’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2021 le Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste

‘Tá mé ag súil le neart barróga móra fada fáisciúla in 2021’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2021?

Níl a dhath ar bith ar leith ar intinn agam seachas, b’fhéidir, leanúint le cúpla dea-nós a bhunaigh mé in 2020, go háirithe sna míonna sin ina raibh muid faoi dhianghlasáil. Rinne mé níos mó siúlóidí agus aclaíochta, bhí nósanna itheacháin níos fearr agam (cuid den am) agus rinne mé iarracht níos mó fanacht i dteagmháil le mo chuid cairde agus gaolta nach bhfeicim go rómhinic.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Cuid mhór ama a chaitheamh le mo neacht bheag i Sasana nach bhfaca mé ach uair amháin le bliain anuas agus le páistí eile sa teaghlach. Sciuird go Conamara le cairde liom a fheiceáil. Saoire thar lear – tá Beirlín, Budaipeist, an Iodáil, Cúba, an India uilig ar an liosta ach bheinn sásta le ceann nó dhó acu. Agus croí isteach – tá mé ag súil le neart barróga móra fada fáisciúla in 2021.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2021?

Drochiarmhairtí an Bhreatimeachta.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2021?

An chéad uair a bheas mé in ann suí sa seomra céanna ina bhfuil ceol beo á chasadh. Is cuma liom cén cineál ceoil é féin, cé a bheas ag seinm, agus cén áit ina mbeimid – níl uaim ach an draíocht a mhothú arís.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2021?

Is doiligh spiorad an duine a chloí agus creidim go dtuigimid níos fearr mar shochaí an tábhacht atá le comhar na gcomharsan. D’éirigh muid níos cineálta le chéile in 2020 agus tá mé dóchasach go rachaidh an tréith sin i dtreis.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2021?

Thosaigh mé ar phost úr sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh agus ba mhaith liom mo chuid a dhéanamh le cabhrú leis an fhoireann iontach atá ann cur leis na héachtaí atá bainte amach cheana féin sa dóigh go dtig linn seirbhísí níos fearr fós a chur ar fáil do mhuintir Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Tá an Chultúrlann ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód in 2021 agus tá súil agam go mbeidh saoirse ag an phobal le páirt lárnach a ghlacadh sa chlár imeachtaí atá beartaithe againn.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2021, céard a d’athrófá?

Tá fadhb mhór chiníochais in Éirinn agus daoine dubha agus an Lucht Taistil go mór mór thíos leis. Dá bhféadfaí é sin a chur ina cheart, tús maith a bheadh ann. Sochar uilíoch a thabhairt isteach fosta ionas nach mbeadh ar aon duine a bheith ag déanamh imní faoi bhunriachtanais an tsaoil.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag súil le neart barróga móra fada fáisciúla in 2021’'

  • Cíara Uí Choisteala

    Ag guí gach rath ort i do phost nua, a Ghráinne! Le gach dea-ghuí ó sheanchara leat ónár laethanta trasna an bhóthair i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Go n-éirí leat! Cíara