‘Tá mé ag iarraidh haló a fhás le 39 bliain anuas’ – Greann á bhaint ag Dáithí Ó Sé as a dhealramh le ‘Íosa’

Tá an craoltóir ag baint súip as an scéal go bhfuil pictiúr de féin agus pictiúr de dheilbhín Íosa a bhfuil dealramh aige leis á scaipeadh go tréan ar líne

Daithi o Se

‘Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin’ a deirtear sa Bhíobla Naofa ach is cosúil gur ar dheilbh an linbh Íosa a chruthaigh sé Dáithí Ó Sé.

Is mór an chosúlacht idir an deilbhín den leanbh Íosa atá i mbeithilín i mbaile Shligigh agus an craoltóir cáiliúil as Corca Dhuibhne.

Tá an craoltóir ag baint súip as an scéal go bhfuil pictiúr de féin agus pictiúr de dheilbhín Íosa a bhfuil dealramh aige leis á scaipeadh go tréan ar líne.

“Chuir bean éigin chugam ar Twitter é dhá lá ó shin nó mar sin agus chuireas ar mo leathanach Facebook é; tá sé faighte ag an Daily Edge ó shin.

“Tá sé ana-ghreannmhar ar fad, tá ana-dhealramh agam leis. Bhíos  ag iarraidh an haló a fhás le naoi mbliana is tríocha anuas, ach is dócha gurb é seo an rud is giorra dó a gheobhaidh mé!” a dúirt Ó Sé le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag iarraidh haló a fhás le 39 bliain anuas’ – Greann á bhaint ag Dáithí Ó Sé as a dhealramh le ‘Íosa’'