Tá mé ag gabháil ag comhaireamh go dtí a trí…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí idir The Good, the Bad and the Ugly agus Die Hard ag an mbaile ag ár gcolúnaí agus í ag iarraidh na leanaí a réiteach le haghaidh na leapan. Ach cé acu ar éirigh leo teacht slán sa deireadh, Mamaí nó na leanaí?

gbu-clint-eastwood-the-good-the-bad-and-the-ugly-1939139605

“Tá mé ag gabháil ag comhaireamh go dtí a trí, is mura bhfuil do phitseámaí ort faoin am a bheas ‘trí’ ráite a’m… tabharfaidh mé don chat iad!”

Bhí na focail amuigh as mo bhéal sular chuimhnigh mé orm fhéin. Ní túisce go raibh sé ráite agam ná gur stop an chaint ar fad sa seomra codlata.

Stop an rí-rá.

Stop an ruaille buaille fhéin. Leagadh síos Elmo, leagadh síos Iggle Piggle agus thit ciúnas míchompordach orainn ar fad.

Níor chorraigh éinne.

Bhreathnaigh mé anonn ar m’iníon dhá bhliain d’aois a bhí cromtha thall sa gcoirnéal is a droim liom agus í ag réiteach Minnie Mouse ina bugaí beag lena tabhairt ar chamchuairt ar fud an tí.

Má bhí mo bhagairt cloiste aici níor lig sí tada uirthi fhéin. Níor chas sí timpeall, níor chorraigh sí a ceann, ach lean uirthi lena cuid oibre go díograiseach agus í ag cinntiú go raibh an bheilt dúnta go maith ar Mhinnie is go raibh ‘Bow-wow’ é fhéin ceangailte go maith don bhugaí sula mbuailfeadh sí thart ar a gcuid spaisteoireachta.

Bhí sé ar nós radhairc amach as The Good, The Bad and the Ugly.

Faoin am seo, bhí os cionn uair a’ chloig caite agam ag iarraidh iad a réiteach le haghaidh na leapan.

Ní raibh aon dul chun cinn déanta agam. Más tada é, bhí rudaí imithe chun donais.

Bhí mo chuid cleasanna uile úsáidte agam ach ní raibh ag éirí le ceann ar bith acu.

Anois bhí mé gaibhte i muinín an bhagartha díchéillí.

Bhí mé i dtrioblóid. Tá a fhios ag ‘chuile dhuine a bhfuil eagrán de Supernanny feicthe acu nó ceann de scannáin Die Hard go bhfuil riail amháin nach féidir a bhriseadh i gcúrsaí idirbheartaíochta ardriosca.

Tabhair faoi ghrúpa sceimhlitheoirí idirnáisiúnta i d’aonair más mian leat ach, ar chraiceann do chluasa, ná déan bagairt mura bhfuil tú in ann é a chomhlíonadh. Ba í an fhadhb ba lú a bhí agam ná nach bhfuil aon chat againn. Bhí mé i sáinn.

Coinnigh do mhisneach, a dúirt mé liom fhéin, tá an plean seo craiceáilte ach b’fhéidir, b’fhéidir, go n-oibreoidh sé.

“An bhfuil tú ag éisteacht liom, a Shíle?”

Níor chas sí timpeall, níor chorraigh sí a ceann ach dúirt, “Níl a Mhamaí. Níl.”

Bhí mo rás rite.

“Go breá!” a dúirt mé. “Beidh an cat teolaí anocht!” agus chas mé ar mo sháil amach as an seomra ar thóir cait.

Fág freagra ar 'Tá mé ag gabháil ag comhaireamh go dtí a trí…'

  • Mise Áine

    Bhain mé sult as an scéal seo – maith thú!

  • Úna

    Bíonn muid uile ag an bpointe sin anois is arís!

  • Jimmy Grisewood

    An-ghreannmhar Bridget. Ar cheannaigh tú cat?