Tá Mamaí Crosta Macnas ag filleadh ar pháirc na himeartha agus seachain a ndéanfaí feall ar aon duine as Maigh Eo

Ní fada go mbeidh ár gcolúnaí ag réiteach na gceapairí do Pháirc Mhic Éil, mar a raibh sí féin i lár an aonaigh lena ‘handbag’ breis is tríocha bliain ó shin

Tá Mamaí Crosta Macnas ag filleadh ar pháirc na himeartha agus seachain a ndéanfaí feall ar aon duine as Maigh Eo

‘Hey, Ollie, I can’t see out of John Donnellan’s ear!’ Tháinig an chasaoid ó áit éigin istigh sa chloigeann mór plástair. Tá mé ar ais i 1987 agus i ré na gcloigne móra le Macnas. Bhí siad cruthaithe ar bhealach go bhféadfadh duine breathnú amach tríd an gcluais – bhí na súile chomh fada sin ó ionad na súl.

Bhíomar ag tabhairt cuairt ar Chaisleán an Bharraigh do Chluiche Ceannais Chonnacht agus bhí mé féin páirteach le Macnas ann – ní mar pheileadóir ná mar chloigeann mór – ach tiocfaidh mé chuige sin.

Tugadh siar ar bhóithrín na smaointe mé agus mé ag déanamh iarracht ticéid a aimsiú don athimirt idir Maigh Eo agus Dún na nGall ar Pháirc Mhic Éil i gceann coicíse. Turas in aisce a bhí agam chuig SuperValu, ach d’éirigh liom ar deireadh péire a fháisceadh as an ríomhaire baile.

Beidh mé ag filleadh ar Pháirc Mhic Éil den chéad uair ó d’imir mé ann le foireann Ollie Jennings agus Pháraic Breathnach.

Bhí na cloigne móra bunaithe ar fhoireann pheile cháiliúil na Gaillimhe sna seascaidí a bhuaigh trí chraobh na hÉireann as a chéile. Ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid den scléip. Léigh mé píosa faoin taispeántas an lá cheana in alt ar líne le Tom Kenny, ó shiopa leabhar Uí Chionnaith, ina ndearna sé comóradh ar thríocha bliain den chompántas Macnas.

Thagair Tom don ‘chluiche’ áirithe sin ar Pháirc Mhic Éil, i gCaisleán an Bharraigh i 1987. Thug sé chun cuimhne rudaí a bhí dearmadta agam féin.

Chinn Macnas cluiche peile ‘bréige’ a chur ar siúl díreach roimh Chluiche Ceannais Chonnacht. Bhí chuile cheann de na drámaí beaga a tharlaíonn le linn cluiche peile againn – an t-easpag ag caitheamh isteach na liathróide (balún a d’imigh le gaoth); an peileadóir ar theastaigh spéaclaí móra millteacha uaidh; ‘tarraingt na muinchille’ (bhí sí cúpla méadar ar fhad); an peileadóir ar imríodh feall air agus a gortaíodh.

Sin an áit a dtáinig mé féin isteach sa scéal. Mise agus mo mhála láimhe.

Deir Tom Kenny ina alt go raibh a laghad sin eolais ag lucht Macnas faoin pheil Ghaelach go mb’éigean iad a thraenáil roimh dhul ar an bpáirc.

Ach mo léan, níor thraenáil siad gach duine.

Agus mé i bpáirt mháthair an pheileadóra ghortaithe, bhí orm rith trasna na páirce chun buille a thabhairt don imreoir ‘ciontach’ le mo mhála. Bhuel, níor inis éinne domsa cé chomh leathan is atá páirc pheile. Bhí mé tugtha faoin am ar shroich mé láthair an uafáis. Ach rinne mé mo dhícheall leis an handbag.

Bhí mír ag Tommie Gorman faoi ina dhiaidh sin ar an Nuacht nó ar Nationwide, b’fhéidir. De réir Tom Kenny, nuair a thosaigh an cluiche ‘bréige’ cheap cuid den slua go raibh cluiche mionúir tosaithe.

Ach déarfainn gur scéal é sin a chuir Ollie Jennings nó Páraic Breathnach amach- fir iontacha a bhí iontu i gcónaí  i mbun poiblíochta do Mhacnas. Thug siad cuid den fhoireann ‘three-in-a-row’ chun casadh le criú Mhacnas roimh an gcluiche – mar phoiblíocht – agus ba as sin a tháinig an smaoineamh cloigne móra plástair den fhoireann sin a chruthú. D’úsáid siad an cleas céanna blianta ina dhiaidh sin le U2 nuair a d’oibrigh Macnas leo.

Ar aon chaoi, d’éirigh le duine éicint obráid chluaise a dhéanamh ar chloigeann mór John Donnellan agus bhí an t-amharc ar ais aige don pharáid mhór trí Chaisleán an Bharraigh.

Tháinig na smaointe seo ar ais chugam nuair a chríochnaigh an cluiche idir Dún na nGall agus Ciarraí ar comhscór an lá cheana. Ar an bpointe, dúirt mé liom féin go gcaithfinn dul ar ais go dtí Páirc Mhic Éil.

Ar ndóigh, mar a mhínigh mé anseo cúpla seachtain ó shin, bíonn dhá sheans agamsa chuile bhliain sa chluiche ceannais – ceann le Ros Comáin agus ceann le Maigh Eo.

Is léir tar éis sléacht Bhaile Átha Cliath ar Ros Comáin bocht go bhfuil na huibheacha ar fad i gciseán Mhaigh Eo anois agam. (Agus cé gur luadh 1951 le linn na tráchtaireachta gailf i bPort Rois an lá cheana, as ucht Dé ná habair tada eile faoi.)

B’fhearr liom i bhfad dul chuig cluiche i gceann de na páirceanna réigiúnacha ná triall ar Pháirc an Chrócaigh. Agus sin é an fáth go mbeidh mé ag réiteach na gceapairí, ag ceannach ribíní dearg agus uaine, ag pacáil cóta báistí agus uachtar gréine agus á gcur uilig isteach i mo ‘handbag’.

Agus má theastaíonn láimh chúnta ó aon imreoir a ndearnadh feall air, beidh Mamaí Crosta (a bhfuil taithí aici) ar fáil ón taobhlíne.

Fág freagra ar 'Tá Mamaí Crosta Macnas ag filleadh ar pháirc na himeartha agus seachain a ndéanfaí feall ar aon duine as Maigh Eo'