Tá maisiúcháin na Nollag crochta le seachtain againn…

Theastaigh caitheamh aimsire éadrom, meidhreach uainn uilig i mbliana mar chosaint in aghaidh imní na paindéime

Tá maisiúcháin na Nollag crochta le seachtain againn…

Rinne muid é. Chroch muid maisiúcháin na Nollag. Ní inniu ná inné a rinne muid é ach an oiread, bhí sé chomh maith agam é a rá leat. Tá siad thuas le seachtain.

Nuair a deirim ‘rinne muid é’, séard ba cheart dom a rá dháiríre ná ‘rinne siad é’. Sheas mé go buan blianta eile nach gcrochfaí an crann ná na maisiúcháin go mbeadh an chéad lá de mhí na Nollag tagtha, ach shíl mé gur theastaigh caitheamh aimsire éadrom, meidhreach uainn uilig i mbliana mar chosaint in aghaidh imní na paindéime.

Thug fear an tí na maisiúcháin Nollag anuas as an lochta an deireadh seachtaine seo caite. Bhí iontas orm nach raibh ann ach dhá mhála agus bosca an chrainn Nollag. Chaithfeadh go bhfuil mála eile imithe amú in áit éicint.

Nuair a d’oscail muid an bosca ina raibh an crann Nollag

stóráilte, chonaic muid go raibh cuma bhatráilte go maith ar an gcrann bocht. Tá sé againn le blianta fada anois agus cé nach mórán é le breathnú air is iomaí cuimhní deasa atá fite fuaite leis an tranglam géaga plaisteacha sin.

Murach gur crann bréige anall as an tSín é is nach bhfuil aon chraiceann air is ní raibh riamh, déarfá go raibh a chraiceann agus a luach bainte againn as faoin am seo.

D’aontaigh Beainín na Naíonáin Bheaga agus an Cailín Mór Beag go raibh sé in am againn an crainnín beag gioblach a chur amach san athchúrsáil agus tús a chur leis an tóraíocht ar chrann nua.

‘Má aontaíonn chuile dhuine, gabhfaidh muid ag cuartú ceann nua,’ a dúirt mé a cheapadh go mbeadh gach duine ar aon fhocal.

‘Bhuel, níl mise agree-áil leis, cuma liom céard a déarfaidh sibh!’ a d’fhógair an Babaí agus seasamh láidir tógtha aige ar cheist an chrainn Nollag.

‘Céard?’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga agus iontas uirthi. ‘An bhfuil tú ag rá go bhfuil tú ag iarraidh an seanchrann sin a choinneáil agus píosaí ag titim dhe?’ a d’fhiafraigh sí den Bhabaí.

‘Is maith liom an crann sin,’ a deir sé, ‘is níl sibh ag fáil réidh leis!’

Bhreathnaigh mé anonn arís ar an gcrann, ní raibh aon dhá ghéag ag pointeáil an treo céanna is bhí paistí móra maola sna háiteanna a raibh na spíonlacha bréige tite dhe.

Líon mo chroí le grá is cumha ag cuimhneamh siar ar gach Nollaig roimhe seo is an crann á chrochadh go guagach acu, is á líonadh le maisiúcháin lámhdhéanta, pictiúirí beaga scriobláilte le críáin, aingle amach as cairtchlár an pháipéir leithris…

‘Fágfaidh muid i mbliana é,’ a dúirt mé. ‘Is féadfaidh sibh cuimhneamh arís air an bhliain seo chugainn.’

Fág freagra ar 'Tá maisiúcháin na Nollag crochta le seachtain againn…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    :-) ar fheabhas ar fad! Fuair muid féin an chéad chárta Nollag inné 7 ós rud é go bhfuil a leithéid anois ar bun, sílim go mbeidh ár dteaichín féin á mhaisiú gan mhoill! :-)