Tá Maigh Eo gonta gortaithe ach tá speach iontu fós

Tá Maigh Eo ag breith chucu féin anois go n-éireodh leis an nGaillimh san áit ar theip orthu féin chomh minic

Tá Maigh Eo gonta gortaithe ach tá speach iontu fós

Bhíos thall i bPáirc na nGael i Nua Eabhrac Dé Domhnaigh seo caite ach ar cuireadh tús le craobh caide na bliana 2018. Níorbh é seo an chéad uair agam ag freastal ar thús chraobh Chúige Chonnacht i bPáirc an nGael, ach murab ionann agus blianta eile, bhí sé le braistint go láidir ins na nóimeataí tar éis an chluiche idir fhoireann na háite agus contae Liatroma, go raibh an dearg-mhí-ádh ar Nua-Eabhrac gan a gcéad chluiche craoibhe a bhuachtaint in imeacht fiche bliain iarrachta.

Ní raibh an lá leo agus bhí sé le feiscint go soiléir gurb é an easpa taithí sraithe a chnag sa chraobh iad. Níl aon teora le taithí ins na nóimeataí deireanacha de chluiche craoibhe agus nuair ba dhéine an teas, ba iad imreoirí Liatroma ba mhinicí a dhein an cinneadh ceart.

Meastar coitianta go ndéanfar an gníomh ceart níos minicí ná a mhalairt nuair a thabharfaidh piardaí móra Chonnacht, Gaillimh agus Maigh Eo, aghaidh ar a chéile i bPáirc Mhic Éil amáireach.

Ba bheag a bhí bun os cionn le gníomhartha na Gaillimhe ó thús na bliana, fiú agus iad ag teip agus iad ag iarraidh barrthuisle a bhaint as Áth Cliath i gcluiche ceannais na sraithe sé seachtaine ó shin.

Ach is iad seo Maigh Eo atá rompu Dé Domhnaigh, iad ar a bpaiste féin, gonta agus gortaithe tar éis don nGaillimh buachtaint fé dhó sa chraobh orthu le blianta beaga anuas. Táid ag breith chucu féin anois go n-éireoidh leis an nGaillimh san áit ar theip orthu féin chomh minic.

Is cuma cén tslí a fhéachann tú air seo, ba cheart go mbeadh Maigh Eo dainséarach amáireach.

Tá mórán cainte déanta faoi Lee Keegan bheith ar lár, faoi Andy Moran bheith ag géilleadh dos na blianta fada atá curtha isteach aige, faoi dhul chun cinn na Gaillimhe le dhá mhí dhéag anuas agus faoin tslí go raibh Maigh Eo ag brath ar phointe déanach ó Kevin McLoughlin i mBealach Féich chun a ngreim a choimeád i Roinn 1 na sraithe níos túisce i mbliana.

B’fhéidir go bhfuil níos mó ná smid bheag den bhfírinne i ngach a bhfuil á rá ó dheireadh na sraithe, ach braithim go bhfuil níos mó brú ar fhoireann na Gaillimhe ná ar Mhaigh Eo amáireach.

Tá a fhios ag Maigh Eo gur féidir leo cúrsa a leagadh amach dóibh féin beag beann ar bhris nó bua i dtús an tsamhraidh. Is gearr go mbeidh sárimreoirí ar nós Chris Barrett agus Lee Keegan ar a seanléim arís agus, más aon slat tomhais na cúig bliana atá gafa tharainn, aimseoidh siad a mbuille luath nó mall.

Níl aon locht ar an nGaillimh dá bharr, ach tá i bhfad níos mó ceisteanna le freagairt acu. Ainneoin a sárthaispeántas i gcaitheamh na sraithe, tá leithéidí Sheán Aindí Ó Ceallaigh, Ciarán Duggan agus Barry McHugh fós gan tástáil cheart chraoibhe. Níl ach Eoin O’Donoghue amhlaidh i gcás Mhaigh Eo agus ní bheadh aon imní orm faoi fhear Bhéal an Mhuirthead.

Kevin Walsh ©INPHO/Bryan Keane

Nuair a chuimhnítear ar dhéine na himeartha nuair a chasadar ar a chéile sa chluiche sraithe i mBóthar na Trá i mí Feabhra táthar den dtuairim go mbeidh ról ana-thábhachtach ag an réiteoir, Conor Lane ó Chorcaigh, ach ní i gcónaí a thagann tuar ar an dtairngreacht i gcásanna mar seo. Dála na n-imreoirí, beidh fonn ar an uile réiteoir a rian a fhágaint ar an imirt i dtús na craoibhe agus beifear ag coimeád súil níos géire orthu chomh maith féachaint an bhfuil na treoracha nua, a bhfuil oiread cainte déanta fúthu an tseachtain seo, á gcur i bhfeidhm. Ní chabhróidh an chaint ar fad atá déanta ar thionchar Paddy Tally ar chur chuige na Gaillimhe i mbliana. Ba dhóigh leat uaireanta ná raibh aon chruas iontu roimhe seo agus deintear faillí iomlán ar thaicticí Kevin Walsh a bhí chomh héifeachtach ar feadh dhá bhliain roimhe seo i gcoinne Mhaigh Eo.

Ar an láimh eile, tá neamhaird déanta air gurb iad Maigh Eo an fhoireann is fearr sa tír le blianta chun seilbh na caide a bhaint díot agus tú ag dul isteach sa tranglam tráchta. Tá oiliúint Donie Buckley dulta chomh mór sin i bhfeidhm ar a chuid imreoirí i Maigh Eo ná deintear iontas a thuilleadh dó ach níor chóir é a ligint i ndíchuimhne ach an oiread.

Is geall le cliché faoin dtráth seo é nach bhfuil an stuif amuigh chun tosaigh ag Maigh Eo chun cluichí móra a bhuachtaint agus ná fuilid fuarchúiseach a ndóthain chun satailt ar fhoirne nuair a thosnaíonn siad ag fáil an láimh in uachtar orthu. Léiríonn na figiúirí (3-85 aimsithe i seacht gcluiche, an líon is lú sa roinn) agus fianaise cluichí áirithe (an cluiche in aghaidh Thír Eoghain i gCaisleán an Bharraigh nuair nár aimsigh oiread is tosaí amháin oiread is pointe amháin) go bhfuil níos mó ná smut den bhfírinne sa chaint.

Ach seo Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo – an dá threibh ag tabhairt aghaidh ar a cheil agus gach aon chliché a ghabhann leis sin. Ná cuireadh sé aon iontas ort má bhíonn speach eile i Maigh Eo.

 

Fág freagra ar 'Tá Maigh Eo gonta gortaithe ach tá speach iontu fós'