Tá scaoll is anbhá ar lucht tacaíochta an Aontais Eorpaigh

Dá ghaire dúinn an Breatimeacht is mó a ghéarófar ar an hionsaithe ar Jeremy Corbyn agus ar an mbrú a chuirfear air, dar lenár gcolúnaí

Tá scaoll is anbhá ar lucht tacaíochta an Aontais Eorpaigh

Ní fada anois go mbeidh an t-am istigh do na fórsaí Eorpacha atá ag déanamh iarracht amháin eile ar bheagán dóchais chun stop a chur leis an mBreatimeacht.

Is ar éigean go n-éireoidh le Teresa May a plean don Bhreatimeacht a chur trí pharlaimint Westminster amárach, ach céard a tharlóidh ansin?

Tá na Liobrálaigh, nua agus sean, ag iarraidh brú a chur ar Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus ceannasaí an fhreasúra in Westminster, tacaíocht a thabhairt dá n-éileamh go ndéanfaí reifreann eile faoin scéal a rith agus iad ag súil go bhféadfaí toradh an chéad reifrinn a chur ar ceal.

Ach tá Corbyn ag seasamh lena dhearcadh féin. D’fhógair sé arís, an tseachtain seo caite, gur toghchán atá uaidh. Níl sé ábalta  an dara reifreann a chur as an áireamh ar fad toisc an oiread sin nua-liobrálach a bheith i measc na bhfeisirí ina pháirtí féin, ach is léir go ndéanfaidh sé gach ar féidir leis chun reifreann eile a sheachaint.

Tá sé ag maíomh go bhféadfadh rialtas de chuid an Lucht Oibre margadh níos fearr a dhéanamh leis an Aontas Eorpach, go ndéanfaidís idirbheartaíocht maidir le haontas nua custam a bhunú. Tá mé féin amhrasach an mbeadh aon spéis ag an Aontas i socrú den chineál sin, ach beidh sé riachtanach don dá thaobh, an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, teacht ar shocruithe éigin fiú murar féidir teacht ar mhargadh.

Roimh Nollaig, in alt sa nuachtán Sasanach an Guardian, dúirt Corbyn go gcaithfeadh daoine a thuiscint cén fáth gur vótáil an oiread sin de lucht tacaíochta an Lucht Oibre ar son an Bhreatimeachta.

Agus mhínigh sé arís cén fáth go gcuireann sé in aghaidh an Aontais Eorpaigh mar atá:

‘Creidim,’ a dúirt sé, ‘nach foláir breathnú in athuair ar na rialacha a bhaineann le cúnamh stáit, mar go bhfuil sé soiléir má theastaíonn uait an geilleagar a athbheochan, mar a theastódh uainne dá mbeadh muid i mbun rialtais, nach dteastaíonn uait go mbeadh duine éigin eile ag insint dúinn nach féidir cúnamh stáit a úsáid ar mhaithe le tionscal a fhorbairt [i Sasana].’

Tá lucht na hEorpa ag brath ar an easpa tacaíochta in Westminster do phlean ar bith, agus ar an bhfaitíos atá ar dhaoine go bhféadfadh deacrachtaí móra a bheith ann dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas gan aon mhargadh.

Beidh siadsan ag iarraidh go rithfí rún in Westminster go mbeadh reifreann eile ann. Ach cé a thionscnódh a leithéid?

Is léir nach ndéanfadh Theresa May é, agus ní cosúil ach an oiread go ndéanfadh Corbyn é, fiú dá mbeadh aontú le fáil faoi na roghanna a mbeifí ag vótáil orthu in aon athreifreann: plean May nó imeacht gan mhargadh; imeacht gan mhargadh nó fanacht; plean May nó socrú éigin eile.

Chun an cineál reifrinn a theastaíonn ó lucht na hEorpa a fháil, bheadh sé riachtanach Corbyn a dhíbirt as an gceannaireacht ach theip ar iarrachtaí a rinneadh cheana é sin a dhéanamh, is níl dóthain ama fágtha anois le reifreann a reáchtáil roimh an dáta scoir.

Sea, deir Corbyn go mbeadh sé ag lorg síneadh ama ón Aontas le go mbeadh sé in ann a chuid idirbheartaíochta féin a dhéanamh dá n-éireodh leis sa toghchán, ach ní bheadh sé ag iarraidh an Breatimeacht a chur ar ceal.

Deir lucht tacaíochta na hEorpa sa mBreatain go bhfuil móramh na ndaoine a vótáil roimhe seo don Lucht Oibre ag iarraidh fanacht san Aontas anois. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna céanna go dtacaíonn 47% le polasaí Corbyn ar an gceist seo, agus go bhfuil 19% eile sásta glacadh leis.

Is é sin le rá, cé go bhféadfadh dearcadh pearsanta difriúil a bheith ag an-chuid daoine faoin gceist, níl siad ag iarraidh briseadh le Corbyn ar an ábhar.

Agus, ar ndóigh, níl aon seans go bhféadfaí na vótóirí sna ceantair lucht oibre, nár thug vóta don pháirtí mar gheall ar an mBreatimeacht, a mhealladh ar ais go dtí an páirtí mura nglacfaí lena vóta sa chéad reifreann. Sin pointe a thuigeann Corbyn go rímhaith.

Mar sin, de réir mar a thagann lá an Bhreatimeachta níos gaire dúinn géarófar ar an hionsaithe ar Corbyn agus méadófar ar an mbrú a chuirfear air.

Deirtear go bhfuil iarrachtaí dáiríre ar siúl anois leis na dreamanna ón dá mhórpháirtí atá ar son na hEorpa a thabhairt le chéile, agus sa gcás go n-éireodh leo sin a dhéanamh, agus níl ann ach seans an-bheag go n-éireodh, is cinnte go mbeadh olltoghchán ann agus go gcuirfí tuilleadh ama amú.

Tá scaoll is anbhá le tabhairt faoi deara anois ar lucht tacaíochta an Aontais Eorpaigh sa díospóireacht seo, agus beidh údar maith acu leis más féidir le Corbyn cloí leis an gclár atá fógartha aige.

Fág freagra ar 'Tá scaoll is anbhá ar lucht tacaíochta an Aontais Eorpaigh'