Tá luach fós le boinn chraobh an chontae…

Ar chúrsaí club atáthar ag díriú Cois Laoi an deireadh seachtaine seo agus dhá chluiche craoibhe le craoladh beo

Tá luach fós le boinn chraobh an chontae…

Stephen McDonnell ag imirt do Fánaithe an Ghleanna. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá deireadh na míosa beagnach linn, mí a bhí gheallta saor do na clubanna. Ach ní mar sin a tharla i gcuid maith de na contaetha ar fud na tíre.

Anseo i gCorcaigh tá na cluichí faoi lán seoil agus tús bríomhar go leor curtha leo cé gur chuir an aimsir isteach ar chorrcheann.

Tá luach fós le boinn chraobh an chontae go háirithe do chlubanna nach mbuann a leithéid go rómhinic. Ach sracfhéachaint a thabhairt ar liosta na mbuaiteoirí sa chraobh shinsir iomána sa chontae, tá se soiléir go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí le tamall de bhlianta agus na trí mhórchlub ar an ngannchuid ó thosach na mílaoise . Bhí tráth den saol ann nuair a bhí Carraig Dubh, Fánaithe an Ghleanna agus Cumann Naomh Fionnbarra ina máistrí sa chontae. Tá níos mó ná 60 craobh acu eatarthu agus cumann na Carraige Duibhe chun tosaigh le 32 craobh. Le linn na 1930idí bhuaigh Fánaithe an Ghleanna ocht gcraobh i ndiaidh a chéile agus sna blianta beaga ina dhiaidh sin, nuair a bhí an laoch mór Christy Ring ag imirt leo, bhuadar craobh an chontae go rialta. Go deimhin bhuaigh Ring 14 bonn le linn a shaol fada iomána. 

Cé gur thit siad ar gcúl ar feadh tamaill, tá teacht aniar déanta ag an nGleann agus thug siad leo an chraobh in 2015 agus in 2016. Sciob Carraig Dubh ar ais an chraobh anuraidh cé gur chaill siad i gcoinne na foirne dúiche, Uí Mhic Coille.

Ach is in oirthear an chontae is láidre atá an iománaíocht i láthair na huaire agus leathdhosaen clubanna sinsir ann chomh maith leis an bhfoireann dúiche a bhuaigh an chraobh anuraidh. Tá leath de na craobhacha sinsir buaite eatarthu ag cumainn an cheantair seo ó thosach na mílaoise. Is iad na Sáirséalaigh an cumann is láidre. Ceithre chraobh atá buaite acu sa tréimhse sin inar chaill siad trí chluiche ceannais eile.

Dar ndóigh is iad Baile Nua Sheandroma ó thuaisceart an chontae an club is rathúla ar fad ó 2000 agus ceithre chraobh contae mar aon le trí chraobh i gCúige Mumhan agus craobh na hÉireann amháin (2004). 

Den chéad uair riamh, amárach , tá TG4 ag taispeáint cluichí sa chéad bhabhta den chraobh agus Mainistir na Corann agus Baile an Easpaig ag tabhairt aghaidh ar Charraig Dubh agus Carraig Tuathail.

Dar ndóigh le tamall de bhlianta ní bhíonn mórán measa ar chluichí an chéad bhabhta mar go bhfuil an dara seans ag an bhfoireann a chailleann agus de ghnáth ní bhíonn sluaite móra ag na cluichí a imrítear go luath sa bhliain. Tá an dá chluiche seo ar siúl i bPáirc Uí Rinn agus ó tharla na cluichí a bheith beo ar an teilifís ní dóigh liom go mbeidh slua mór ann.

Ar ndóigh, tá leantóirí dílse ag gach club agus beidh siadsan i láthair.

As na foirne sin a bheidh ag imirt amárach níl foireann shinsir peile ach ag Baile an Easpaig agus is míbhuntáiste é sin d’aon club na laethanta seo mar go mbíonn tromlach na n-imreoirí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Níl mórán clubanna sa tír atá inchurtha le Sleacht Néill maidir leis an dá thrá a fhreastal.

Ach pé scéal é, beidh na ceithre fhoireann a rachaidh chun páirce i gCorcaigh amárach fós san iomaíocht nuair a chuirfear tús arís leis na cluichí craoibhe club ag deireadh mhí Iúil.

Dar ndóigh is ansin a thosnóidh an séasúr i gceart.

Fág freagra ar 'Tá luach fós le boinn chraobh an chontae…'