‘Tá imní orm. Níl mé ag iarraidh mo chairde agus mo bhaile a fhágáil’ –agallamh i nGaeilge tugtha ag buachaill óg as an Nigéir atá le díbirt as Éirinn

Labhair Nonso Muojeke as an Tulach Mhór ar an gclár Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu faoin ordú díbeartha atá déanta i gcoinne a theaghlaigh

‘Tá imní orm. Níl mé ag iarraidh mo chairde agus mo bhaile a fhágáil’ –agallamh i nGaeilge tugtha ag buachaill óg as an Nigéir atá le díbirt as Éirinn

Tá feachtas ar bun chun tabhairt ar an Aire Dlí Charlie Flanagan cealú a dhéanamh ar ordú díbeartha i gcoinne Nonso Muojeke, 14, a bhog go hÉirinn lena mháthair agus a dheartháir in 2007.

Labhair Muojeke, a bhfuil cónaí air sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí faoina chás ar an gclár Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

“Is breá liom an scoil, is maith liom na múinteoirí agus tá go leor cairde agam anseo.

“Tá imní orm agus tá brón orm. Níl mé ag iarraidh mo chairde, mo scoil agus mo bhaile a fhágáil,” a dúirt Nonso Muojeke agus é faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Dúirt Edward Mac Aodha Bhuí, príomhoide na scoile ar a bhfuil Muojeke ag freastal, Coláiste Thulach Mhór, go bhfuil cúrsaí an-dian ar Muojeke agus a mhuintir. “Tá sé an-deacair orthu agus ar a gcairde anseo, tá siad an-bhuartha, bhí an mháthair istigh liom inné agus tá sise imníoch faoina mac féin toisc go bhfuil an rud seo ag cur isteach chomh mór sin air,” a dúirt príomoide Choláiste Thulach Mhór.

Tháinig Muojeke, a mháthair agus a dheartháir, Victor, chun na hÉireann 11 bliain ó shin i ndiaidh dóibh teitheadh ón Nigéir. Nuair a bhásaigh fear céile na mná in 2006, chaith a mhuintir go dona léi féin agus lena clann agus b’éigean dóibh teitheadh.

Diúltaíodh dá n-iarratas ar thearmann in 2009 agus tá siad ag iarraidh ó shin go gcuirfí ar ceal an cinneadh sin. Beidh a gcás os comhair na cúirte arís sna míonna amach romhainn.

Tá a n-ainm curtha ag nach mór 14,000 duine le haighneacht ina n-éilítear ar an Aire Dlí agus Cirt an  t-ordú díbeartha a chur ar ceal.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Barry Cowen, atá ag tacú leis an bhfeachtas, “go mba dhóigh leat go bhféachfadh an Rialtas nó an Roinn le cás a dhéanamh ar son pardúin toisc an teaghlach a bheith chomh sáite sin i saol na hÉireann”.

Cé go bhfuil Béarla agus Gaeilge ag Nonso Muojeke, níl aon teanga de chuid na Nigéire aige.

Fág freagra ar '‘Tá imní orm. Níl mé ag iarraidh mo chairde agus mo bhaile a fhágáil’ –agallamh i nGaeilge tugtha ag buachaill óg as an Nigéir atá le díbirt as Éirinn'

  • Aaron Mac Fhionnlaoich

    Muna bhfuil an leaid seo Éireannach, níl aon duine againn! Lig dó fanacht anseo!

  • Mary Coleman

    Ba chóir, im thuairim-se, seans a thabhairt don teaghlach seo agus cead a thabhairt dóibh fanacht in Éirinn. Tá áiteanna san Aifric ina gcaitear go dona le bean taréis dá fear chéile bás a fháil. Caitear amach as a dtithe iad agus tógtar uathu pé maoin a bhíonn acu. Ní féidir leo fiú filleadh ar a muintir féin. Chomh maith le sin, muna bhfuil teanga na Nigéire ag na buachaillí seo, cén seans a bheadh acu ann? Impím go ligfí leo mainneachtain anseo.

  • @padraigsairseal

    Ba chóir Nonso a choinneáil in Éirinn ar ndóigh agus an t-Aire Oideachais a dhíbirt, nach raibh ábalta an focal “naíonra’ a rá i gceart ar Radio RTE le déanaí.