Tá grúpa WhatsApp na dtuismitheoirí ag bípeáil go Gealach – ‘Céard sa diabhal é fidget-spinner??? #Cúnamh

Is deacair a shamhlú anois cén chaoi ar mhair muid sular tháinig an giodamán (mar atá baiste ag ár gcolúnaí ar an fidget-spinner) ar an saol

Tá grúpa WhatsApp na dtuismitheoirí ag bípeáil go Gealach –   ‘Céard sa diabhal é fidget-spinner??? #Cúnamh

An t-am seo an tseachtain seo caite ní raibh a fhios agam céard é fidget-spinner. D’athraigh chuile shórt nuair a tháinig mo chomrádaí beag abhaile ón scoil is d’fhógair ‘Tá fidget-spinner ag chuile dhuine ar an saol, ach amháin mise!’

Is deacair a shamhlú anois cén chaoi ar mhair muid sular tháinig an giodamán (mar atá baiste agam ar an fidget-spinner anois díreach) ar an saol. Uaidh seo amach, is mé ag cuimhneamh siar ar mo shaol, beidh sé roinnte ina dhá chuid; ‘Roimh-Ghiodamán’ (R.G.) agus Théis-Ghiodamán (T.G.).

Ní mé an t-aon duine. Bhí grúpa WhatsApp na dtuismitheoirí ag bípeáil go Gealach.

‘Céard sa diabhal é fidget-spinner??? #Cúnamh

‘Cá bhfaighinn fidget-spinner???’ #Géarchéim

‘Ní thiocfaidh Cóilín amach as an gcófra go bhfaighidh sé ceann! #OMD

Bíp, bíp, bíp.

Amach linn go Bon Bon i mBóthar na Trá. Mura mbeadh ceann le fáil i mBon Bon bhí sé chomh maith againn dearmad a dhéanamh air. Is siopa beag bídeach é ina bhfuil an bailiúchán is cuimsithí de bhréagáin trá agus traipisí spraoi atá feicthe agam i siopa ar bith in áit ar bith.

‘Tá siad thall ansin,’ a dúirt Bean an tSiopa linn sular chuir muid aon cheist uirthi.

Dá mbeifeá ag caint ar charranna déarfá go raibh siad ann ón Fiat 500 go dtí an Rolls-Royce. Ach, ina gcás sin, cheannófá Fiat ar €2 is an Rolls ar €10.  

Chuala muid doras an tsiopa ag oscailt inár ndiaidh. Tháinig leaidín óg isteach ina thoirneach agus sórt fiántas ina chuid súile. Is ar éigean gur bhreathnaigh bean an tsiopa ina threo. ‘Tá siad thall ansin,’ a dúirt sí agus tuirse ina glór.

Luaigh fidget-spinner le haon duine atá idir sé agus ocht mbliana d’aois agus sula mbeidh na focail amach as do bhéal tarraingeoidh siad ceann amach as a bpóca is gheobhaidh tú taispeántas beo ar an láthair den stór cleasannaí.

‘Fan go bhfeice tú é seo! An bhfuil tú in ann é a chasadh thart ar d’ordóg? Do laidhricín?’

Ní haon iontas é go bhfuil cosc cheana féin ar an ngiodamán i scoileanna ar fud na tíre. Tá páistí chomh gafa leo nach féidir leo díriú ar obair scoile, ruainnín de cheapaire a ithe ná ‘fanacht socair dhá nóiméad!’.

Gan trácht ar na gortuithe a d’fhéadfadh éirí astu. Chuala tú faoin uillinn leadóige, ní tada é sin i gcomórtas leis an gcluaisín giodamáin.

Luaigh fidget-spinner le tuismitheoir. Scéal eile a gheobhaidh tú.

‘Is cosúil gur tháinig bean aníos leis sin sna seachtóidí agus rinne sí ceann dá hiníon. Bhí an phaitinn aici ar feadh na mblianta ach ní dhearna sí tada leis. Ansin cheannaigh leaid éicint an phaitinn is d’ordaigh sé milliún acu as an tSín is tá a shaibhreas déanta aige,’ a déarfar leat.

Ní bheadh barúil agamsa cén chaoi a gcuirfeá fios ar mhilliún de rud ar bith as an tSín. Is ar éigean atá mé in ann an house special is dhá rollóg earraigh a ordú ó Emperor City, an bhialann Síneach atá síos an bóthar.

Cén chaoi a ndéanann tú é? An nglaonn tú ar an tseirbhís teileafóin idirnáisiúnta?

‘An tSín, mas é do thoil é, go beo!’ 

Brrrrrrring, brrrrring!

‘Dia dhuit, an bhfuil mé ag caint leis an tSín?’

你好,我可以帮你吗

‘Tá brón orm, níl aon Sínis agam. An bhfuil aon Ghaeilge agat?

‘Abair leat, a stóirín bán, tá teanga ársa na nGael ar bharr mo ghoib agam.’

‘Muise nár laga Dia thú! Is táthar a rá anseo gur cheart dúinn uilig a bheith ag foghlaim Mandairínise is gan bacadh leis an nGaeilge.’

‘An bhfuil muis? M’anam gur ait an mac é an saol.’

‘Is ait go deimhin! Gabh i leith, meas tú an gcuirfeá milliún fidget-spinner anall chugam? Íocfaidh mé arís thú.’

‘Cuirfidh agus fáilte, a leana, bí thíos ar an dug faoi cheann sé seachtaine is beidh an container romhat.’

Fág freagra ar 'Tá grúpa WhatsApp na dtuismitheoirí ag bípeáil go Gealach – ‘Céard sa diabhal é fidget-spinner??? #Cúnamh'