Tá galar na haimnéise ar pholaiteoirí agus ní foláir go bhfuil sé tógálach

Tá na páirtithe ar fad ag iarraidh a chur ina luí gaidhte orainn go bhfuil siad chomh mór linn is a bheadh bó le coca féir

Tá galar na haimnéise ar pholaiteoirí agus ní foláir go bhfuil sé tógálach

Is as seo go dtí an ochtú lá den mhí seo chugainn a chloisfear briollamas, baothchaint, scaothaireacht, briolla bhrealla, agus bladhgar. Bíonn sé de nath ag duine dem’ dhlúthchairde, aon uair a chloiseann sé caint gan éifeacht i dtigh an óil, ‘chloisfeá cac i bpubanna’. D’fhéadfadh sé a leithéid céanna de nath a úsáid do thréimhse seo na feachtasaíochta.

Beidh gach orc agus gach arc á ngeallúint dúinn ag na hiarrthóirí. Déarfar linn, nuair a thiocfaidh na hiarrthóirí an doras chugainn, go dtarraingeoidh siad toibreacha fíoruisce aníos tríd an gcarraig ghlas agus go ndéanfaidh siad talamh cruaidh den dtalamh bog dúinn má dhéanfaimid rud orthu agus uimhir a chur in aice lena n-ainmneacha ar lá an toghcháin. Ach mo léan, dá mhéid na ngeallta geala a thugaid roimh thoghcháin, déantar dearúd ar a bhformhór an neomat a gheibheann siad geataí na Dála isteach. (Géarchéim leighis is ea an grúp-aimnéise seo a bhuaileann Teachtaí Dála. Is ag dul in olcas atá sé. Ba cheart do dhuine éigin staidéar a dhéanamh air.)

Ní chuireann an chaint atá á déanamh ag lucht Fhianna Fáil agus Fhine Gael ó fógraíodh dáta an toghcháin faic i gcuimhne dom ach lánúin óg a bheadh imithe óna chéile. Chaitheadar cúig bliana ag dul amach le chéile agus cé go mbídís ag caitheamh anuas ar a chéile anois is aríst i rith an ama sinn, bhíodar leáite anuas ar a chéile le ceart. Bhíodar beirt sásta bheith in aon leaba, nó gur glaodh an t-olltoghchán. Anois, ar iompú do bhoise, tá Fianna Fáil agus Fine Gael scartha óna chéile.

Níl aon oidhre orthu ach an lánúin óg ar éirigh scoilt eatarthu agus iad ag seasamh anois sa Hillgrove ag béicigh ar a chéile, ag caitheamh asacháin agus sleaiseanna ar a chéile agus dearúd déanta acu ar an gcaidreamh sásta súch a bhí acu fara a chéile ar feadh stáir. (Díchuimhne aríst. Braithim patrún ag forbairt.)

Agus mamaí agus daidí in earraid lena chéile, tá a gcuilthín, Sinn Féin, ag cur a gcosa beaga uathu d’iarraidh gabháilt isteach an tigh. Táid ag hapadaíl le gomh mar go bhfeictear dóibh nach bhfuil cead acu imirt le mam is dad, agus go bhfuil idir seanchleas agus imeachtaithe eile ag rá nach roinnfidh siad seomra leo. Tá stair agus rútaí an pháirtí san fhoréigean á chasadh leo; nach maith go gcuimhníonn lucht na haimnéise air seo? Tá na piardaí móra ag rá nach bhfuilid oiriúnach chun rialtais ó dheas, cé go raibh na piardaí céanna ag casadh leo nach rabhadar ag dul i rialtas ó thuaidh ná ag tógaint a suíochán i bparlaimint na ngall.

Tá scata leanaí eile d’iarraidh imirt sa mhórchluiche, plobairí nach bhfuil gaol nó cóngas acu leis an seana-theaghlach, iad ar fad d’iarraidh a slí a dhéanamh isteach sa tigh mór chun rince sa kitchen racket náisiúnta. Agus táid ar fad d’iarraidh é a chur ina luí gaidhte orainne, na vótóirí, go bhfuilid chomh mór linn is a bheadh bó le coca féir, agus go bhféadfaimis brath orthu go brách na breithe. Ach is cosúil go bhfuil an díchuimhne tógálach mar ghalar, mar más fíor na pobalbhreitheanna is déanaí dá mhéid tabhairt amach a dhéanann vótóirí na tíre seo faoi na páirtithe a bhíonn sa rialtas, déantar dearúd ar a lochtaí ar fad agus ar an gcáineadh go léir. B’fhéidir nach aon ionadh é go bhfuil galar na haimnéise ar pholaiteoirí, mar go bhfuilid ag foghlaim ós na toghthóirí.

D’fhéadfá bheith chomh siúráilte de is atá cac san asal, go mbeidh an seanrince céanna ar bun sa tigh mór tar éis an olltoghcháin, agus caithfimidne bheith sásta leis an rince agus leis an gceol, mar is sinne a thug le chéile agus a chuir ag damhsa iad.

Fág freagra ar 'Tá galar na haimnéise ar pholaiteoirí agus ní foláir go bhfuil sé tógálach'