Tá gaisce a dhéanamh ag Martin O’Neill le foireann na hÉireann. Seo í an fhianaise…

Críochnóidh Éire an bhliain agus iad amuigh leo féin ar bharr a ngrúpa cáilithe do Chorn an Domhain, rud nár tharla cheana ó 1992. Is í obair Martin O’Neill is cúis leis…

Tá gaisce a dhéanamh ag Martin O’Neill le foireann na hÉireann. Seo í an fhianaise…

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. INPHO/James Crombie

Ó fuair siad an ceann is fearr ar an Ostair an deireadh seachtaine seo caite, tá foireann sacair na hÉireann ar bharr Ghrúpa D sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain 2016 agus briseadh anois acu go dtí an t-earrach seo chugainn.

Is í seo an chéad uair ó 1992 go raibh foireann na hÉireann amuigh leo féin ar bharr ghrúpa cáilithe i ndiaidh cheithre chluiche. Bhain imreoirí Jack Charlton áit amach ag Corn an Domhain sna Stáit Aontaithe ag deireadh an fheachtais sin agus tá deis mhaith anois ag foireann Martin O’Neill macasamhail an ghaisce sin a dhéanamh.

I ndiaidh ré Giovanni Trapattoni, bhí dúshlán mór roimh O’Neill, ach is cinnte go bhfuil ag éirí go maith leis agus roinnt athruithe suntasacha déanta aige.

Imreoirí nua

I gcoinne na hOstaire an deireadh seachtaine seo caite, níor thosaigh ach beirt, Seamus Coleman agus Jonathan Walters, a bhí ar an bhfoireann dheireanach a roghnaigh Giovanni Trapattoni, foireann a chaill in aghaidh na hOstaire mar a tharla sé.

Gach seans go mbeadh beirt eile, James McCarthy agus Shane Long ó fhoireann sin Trapattoni, roghnaithe ag O’Neill chomh maith dá mbeadh fáil orthu, ach is léiriú an t-athrú suntasach atá tagtha ar an bhfoireann ar an obair atógála atá déanta O’Neill.

Tá O’Neill níos sásta deis a thabhairt d’imreoirí óga agus áit bainte amach ar an bhfoireann ag leithéidí Shane Duffy, Jeff Hendrick agus Robbie Brady faoina chúram. Ar ndóigh, ní fear óg é Wes Hoolahan, ach tá sé cruthaithe aige le cúpla bliain anuas gur mhór an feall a rinne Trapattoni air gan deis a thabhairt dó.

Chomh maith leis sin, tá sé cruthaithe ag O’Neill go bhfuil ar a laghad eolas éigin aige ar Shraith na hÉireann. Cé nár imir siad, bhí imreoirí ó Dhún Dealgan, Daryl Horgan agus Andy Boyle, sa scuad don chluiche in aghaidh na hOstaire. Nuair a bhí Trapattoni anseo, dúirt sé ‘In Ireland, there is no league’.

Bláthú James McClean

Tá James McCleann ar dhuine de na himreoirí sin atá imithe ó neart go neart faoi bhainistíocht O’Neill. Nuair a tháinig sé isteach ar an bhfoireann ar dtús, is minic a bhíodh McClean rómhór ar tinneall agus é ag iarraidh a dheis a thapú. Ba é an cárta buí a bhíodh dá bharr aige go minic.

Faoi cheannas O’Neill áfach, cé go bhfuil an fuinneamh céanna ann i gcónaí, tá McClean níos stuama agus níos éifeachtaí mar imreoir. Chomh maith le bheith ag imirt ar an gcliathán, tá deis tugtha ag O’Neill dó imirt mar thosach agus tá ag éirí go geal leis. Tá trí chúl scóráilte ag fear Dhoire le dhá chluiche anuas i ngeansaí na hÉireann, an méid céanna is atá aimsithe aige sa 44 cluiche atá imeartha aige i bPríomhroinn Shasana do West Brom.

Stíl imeartha

Cé go bhfuil foireann na hÉireann anois ar bharr an ghrúpa, ceann de na príomhghearáin a bhíonn ag daoine faoina gcuid chluichí ná go mbíonn siad leadránach. Is minic, go háirithe sa chéad leath, a fhanann foireann na hÉireann siar agus go mbíonn formhór na seilbhe ag á gcéilí comhraic, is cuma arb í an Mholdóiv nó an Ghearmáin atá rompu.

Cé go gcuireann an stíl sin as don lucht féachana, is minic a chuireann sé as don fhreasúra chomh maith. Bhí sé soiléir in aghaidh na hOstaire go háirithe, go raibh an fhoireann ag éirí níos buartha agus níos scaipthe ina gcuid imeartha de réir mar a bhí ag teip orthu an ceann is fearr a fháil ar Éirinn.

Is léir go bhfuil na himreoirí lánsásta leis na taicticí seo. Tá sé ráite ag James McClean agus Shane Duffy le mí anuas go bhfuil an iomarca gearán á ndéanamh sna meáin faoina stíl imeartha agus gur cuma leis na himreoirí cén chaoi a n-imríonn siad chomh fada agus a fhaigheann siad an toradh ceart.

Ag buachan in aghaidh na bhfoirne móra…

Más mian leat tuiscint a fháil ar an athrú atá déanta ag O’Neill, níl ort ach breathnú ar thorthaí na hÉireann i gcoinne na bhfoirne móra ó tháinig sé i gceannas orthu.

Nuair a fuair foireann Martin O’Neill an ceann is fearr ar an nGearmáin anuraidh, ba é sin an chéad bhua a bhí ag Éirinn i gcluiche cáilithe ar fhoireann a bhí níos airde ná iad i rangú FIFA ó bhuaigh siad ar an Ísiltír in 2001. Ba é an bua sin sa Vín an Satharn seo caite an chéad uair dóibh bua mar sin a fháil as baile le beagnach scór bliain.

Chomh maith leis an dá bhua sin, tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Iodáil buailte ag Éirinn i gcluichí móra agus muinín tugtha arís ag O’Neill don fhoireann.