Tá Gaeltacht Chonamara i measc na gceantar is measa sa tír ó thaobh dífhostaíochta de – tuarascáil nua

Tá Plean Forbartha Áitiúil do Ghaillimh á ullmhú faoi láthair ach tá inchur láidir ó Chomhairleoirí Chonamara ag teastáil i bhfianaise staidéir nua

angaeltacht1

Tugtar pictiúr duairc go maith de chuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír i staitistící nua i gcáipéis atá curtha ar fáil ag Comhairle Contae na Gaillimhe.

Léiríonn na statisticí atá bunaithe ar ar thoghranna na Gaillimhe go bhfuil cuid de na ceantair is láidre ó thaobh na Gaeilge de i measc na gceantar is measa sa tír atá buailte ag an dífhostaíocht.

Tabla 1

Is sa limistéar fairsing seo a shíneann siar ó chrosbhóthar Dhoire an Fhéidh – agus an Cheathrú Rua curtha sa gcomhaireamh leis – atá cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre in Éirinn ach is iad chomh maith na ceantair is measa i nGaillimh ó thaobh fostaíochta, gnó agus córais shóisialta. Tá mórán chuile cheann de na ceantair atá luaite sa tábla thuas i measc na gcúig cinn déag ceantar is laige sa tír uilig ó thaobh dífhostaíochta de.

Beidh an tuarascáil seo mar threoir anois agus an Chomhairle Contae ag ullmhú Plean Pobail agus Forbartha Áitiúil  do  Ghaillimh – gan an chathair san áireamh.  Pléadh an t-ullmhúchán atá le déanamh don phlean seo ag cruinniú Údarás Bárdasach Chonamara an tseachtain seo caite. Comhairleoirí Contae Chonamara agus feidhmeannaigh as an gComhairle Contae atá páirteach san údarás seo. 

Thug an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin (Neamhspleách) droim láimhe leis an obair seo uilig d’aon iarraidh amháin. “Níl aon mhuinín agam as; níl san obair ar an bPlean ach masla do mhuintir Chonamara,” arsa an Comhairleoir Ó Cualáin. 

Ag tagairt a bhí seisean don déanamh atá ar an gcoiste atá ag stiúriú na hoibre.  “Cén chaoi a dtarlódh sé go gcuirfí ionadaithe as Teagasc, as gluaiseachtaí an Lucht Siúil agus as institiúidí léinn ar an gcoiste seo agus gan oiread agus duine amháin atá ag gníomhú go háitiúil i gConamara ina bhall dó? Níl ciall ar bith leis,” a dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin.

Mhínigh feidhmeannach ón gComhairle Contae gur faoi dhá fhochoiste den Chomhairle Contae a bhí sé ionadaithe a chur ar an gcoiste stiúrtha agus gur shocraigh feidhmeannas na Comhairle féin ansin go gcuirfí baill bhreise ar an gcoiste stiúrtha bunaithe ar an saineolas atá acu.  Lena chois sin socraíodh go bhfaighfí comhairle ó Institiúd Whitaker in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Níor tarraingíodh anuas cuid ar bith de na staitisticí scanrúla eacnamaíochta agus sóisialta a léiríonn an meath atá ar chuid mhór d’iarthar Chonamara ag an gcruinniú den Chomhairle Bhardasach.

Is é Seosamh Ó Cualáin an t-aon Chomhairleoir amháin ar an mBardas atá ina chónaí i nGaeltacht iarthar Chonamara agus cúis imní é a laghad ionadaíochta atá ag an gceantar sin ar Bhardas Chonamara.

Luath go maith i dtéarma an Údaráis Bhárdasaigh, vótáil tromlach na gComhairleoirí gur in Uachtar Ard a bheadh a cheanncheathrú.

Glór Chomhairleoirí Chonamara ag teastáil

214 toghroinn (District Electoral Division) atá sa gcontae uilig, sin taobh amuigh den chathair.  Ar an scála sóisialta agus eacnamaíochta ar a dtugtar an córas Haase Pratschke a rinneadh meastachán ar na ceantair seo sa tuarascáil eacnamaíochta /shóisialta ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Bunaítear an meastachán seo ar an daonra, ar aoisghrúpaí, ar chaighdeán oideachais, ar an ráta fostaíochta/dífhostaíochta, ar chineál fostaíochta agus ar chúinsí sóisialta eile.

Is é Bearna is fearr a chruthaigh i measc na gceantar siar ó imeall na cathrach agus é ag +11.5 ar an scála Haase Pratschke. Ba é Bearna chomh maith an dara háit is láidre sa gcontae uilig (ceantar Dhroichead an Chláirín ba láidre ar fad ag + 11.7).

Malairt scéil atá sa nGaeltacht in iarthar Chonamara agus ba ar íochtar scála Haase Pratschke a bhí sé:

Table 2 beag 44

Cé nach bhfuil aon airgead luaite leis an bPlean Pobail agus Forbartha Áitiúil seo do chontae na Gaillimhe, beidh pobal na Gaeltachta ag súil go dtarraingeodh Comhairleoirí Chonamara aird chomh mór agus is féidir ar an gcúlú sna ceantair Ghaeltachta i gConamara. Fiú agus go bhfuil lochtanna air, tá córas oifigiúil rialtais áitiúil anois i gConamara don chéad uair ó bunaíodh an Stát – agus glór ag an gcóras sin ar a dtugtar Comhairle Bhardasach Chonamara.

Fág freagra ar 'Tá Gaeltacht Chonamara i measc na gceantar is measa sa tír ó thaobh dífhostaíochta de – tuarascáil nua'

  • Colm Ó Cinnseala

    Thriáil me teacht ar andtuairisc ar shuímh an CoCo. Níor éirigh liom. Cá’l sé ar fáil,nasc ldt?

  • Ben

    B’ait liom fhéin nasc don tuairisc iomlán freisin le bhur dtoil!