Tá gá le geilleagar áitiúil neamhspleách sa Ghaeltacht

Tá cúngú á dhéanamh ar na bealaí traidisiúnta a bhíodh ag muintir na Gaeltachta agus na tuaithe le slí bheatha a dhéanamh. Níl infheistíocht cheart á déanamh chun dul i ngleic leis seo…

Tá gá le geilleagar áitiúil neamhspleách sa Ghaeltacht

Cuirimid fáilte roimh an scéala go mbeidh airgead ar fáil ó Roinn na Gaeltachta chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltachta ach ní leor sin más fúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bhunúsacha infreastruchtúir atá ag cur brú ar phobail Ghaeltachta, fadhbanna atá ag cur as do phobail tuaithe ar fud na tíre.

Is iomaí oifig an phoist agus beairic atá dúnta le cúig bliana anuas sna ceantair tuaithe ar fud na tíre agus muid ag cloisteáil go rialta faoin laghdú atá á dhéanamh ar sheirbhísí eile.  Tá a lorg sin le feiceáil sa titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna Gaeltachtaí sna figiúirí daonáirimh a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Tá a fhios againn go bhfuil athrú ag teacht ar leagan amach an daonra in Éirinn agus 62.7% againn anois inár gcónaí i gceantair uirbeacha. Is i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh atá an dlús is mó faoin daonra agus is chuig na contaetha sin freisin a théann an sciar is mó den mhaoiniú a thugann Fiontraíocht Éireann do chomhlachtaí ar mhaithe le fiontraíocht agus fostaíocht.

Tá contaetha i lár tíre agus ar chósta thiar na hÉireann i bhfad taobh thiar de chontaetha an oirthir maidir leis an sciar den infheistíocht fiontraíochta stáit a dhéantar iontu.

Má bhreathnaíonn tú ar dháileadh an mhaoinithe ó Fhiontraíocht Éireann, feicfidh tú go bhfuil fíorbheagán maoinithe á dhéanamh i gcontaetha ar nós – Ros Comáin, Liatroim, Uíbh Fhailí agus Sligeach. Tá buntáiste áirithe ag na Gaeltachtaí mar cheantair tuaithe sa mhéid is go bhfuil eagraíocht fiontraíochta ar leith, Údarás na Gaeltachta, ag tacú leo.

Ach fiú agus infheistíocht á déanamh i gcúrsaí fiontraíochta, tá gá freisin le geilleagar áitiúil neamhspleách ina bhfuil an fheirmeoireacht, siopaí, oifigí, comhlachtaí príobháideacha agus eile ann chun go mbeadh bonn láidir fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta.

Tá cúngú á dhéanamh ar na bealaí traidisiúnta a bhíodh ag muintir na Gaeltachta agus na tuaithe le slí bheatha a dhéanamh. Níl infheistíocht cheart á déanamh chun dul i ngleic leis seo i gcúrsaí leathanbhanda, infreastruchtúir, oideachais ná seirbhísí iompair phoiblí sna cheantair Ghaeltachta ná sna ceantair tuaithe fré chéile.

Má bhreathnaíonn tú ar mhapa den soláthar leathanbhanda náisiúnta feicfidh tú go bhfuil na ceantair tuaithe i bhfad taobh thiar de na cathracha agus na bailte móra. Glacann muid leis seo gan é a cheistiú rómhór, ach caithfidh muid cuimhneamh gur tír bheag í Éire agus nach bhfuil aon chúis ann nach mbeadh leathanbhanda ar ardluas ar fáil i mórán gach coirnéal den tír.

Ag filleadh ar an nGaeltacht, tá foinse eile teacht isteach ag pobal na Gaeltachta: scoláirí Gaeilge a choinneáil i rith an tsamhraidh. Fógraíodh ag tús na míosa seo go bhfuil ardú 50c in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ar an deontas a íoctar leis na mná tí. Cuirimis fáilte roimhe, ar ndóigh, ach cuimhnímis gur gearradh an deontas trí huaire ó 2008.

Tóg mar shampla eile cás na bhfeirmeoirí beaga. Má bhreathnaíonn tú ar an mapa de na híocaíochta a rinneadh le feirmeoirí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CAP), feicfidh tú go bhfuil deighilt tíreolaíochta ann a ghearrann an tír ina dhá leith nach mór agus formhór na n-íocaíochtaí móra – os cionn €100,000 – á ndéanamh in oirthear na tíre, áit a bhfuil na feirmeacha móra.

Íocadh ar an meán idir €5,000 agus €7,000 sa mbliain leis na feirmeoirí i gCo. na Gaillimhe agus i gCo. Dhún na nGall agus idir €7,000 agus €10,000 leis na feirmeoirí i gCo. Chiarraí. Ní ar íocaíochtaí CAP amháin a bhíonn na feirmeoirí beaga ag brath, ar ndóigh, ach fós féin, is mór an chabhair iad.

Maidir leis an iascaireacht, tionscal eile atá coitianta sna ceantair Ghaeltachta, tá cloiste againn le fada faoin athrú atá ag teacht ar an tionscal sin agus formhór na hearnála ag brath anois ar thrálaeir mhóra agus na hiascairí beaga á mbrú amach.

Tá 4% de bhuiséad an Chiste Eorpach Iascaigh agus Muirí (European Maritime and Fisheries Fund, EMFF) na hÉireann á chur i dtreo tionscnamh a thabharfaidh tacaíocht do thograí beaga áitiúla – €6 mhilliún – sa tréimhse 2014- 2020. Méadú 11% é an figiúr sin ar an soláthar a rinneadh sa tréimhse 6 bliana roimhe seo.

I gcodarsnacht leis sin, tá 49% de bhuiséad EMFF na tíre á chur i dtreo chomhlíonadh riachtanas Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa ar a n-áirítear monatóireacht ar an méid éisc atá á thabhairt i dtír agus gnéithe eile den pholasaí.

Grúpa eile atá faoi bhrú ná daoine a bhíonn ag baint fheamainne agus á díol leis na monarchana próiseála. Tá cloiste go minic againn le blianta beaga anuas faoi na hiarrachtaí atá ar bun go mbeadh ceadúnas bainte feamainne amach ó chósta Chonamara ag comhlacht mór amháin seachas ag bainteoirí aonair. Dá ngabhfadh sé sin ar aghaidh bhainfeadh sé foinse eile teacht isteach ó ghrúpa eile daoine sa Ghaeltacht.

Tá laghdú déanta ar an teacht isteach atá ar fáil do dhaoine ó bhaint mhóna sa Ghaeltacht mar gheall ar rialacháin Eorpacha a bhaineann leis na portaigh. Breathnaigh ar mhapa de na Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus Limistéir Speisialta Oidhreachta (SHA) atá sa tír seo agus feicfidh tú go bhfuil formhór na n-áiteanna sin ar chósta thiar na hÉireann agus cuid mhaith de thalamh Dhún na nGall, Cho. na Gaillimhe agus Cho. Chiarraí ina limistéir faoi chaomhnú speisialta.

Is ceart go mbeadh muid ag iarraidh caomhnú a dhéanamh ar shaibhreas agus áilleacht dhúlra agus fhiadhúlra na hÉireann ar ndóigh, ach tá cosc ar chuid mhór forbartha mar gheall ar an stádas sin agus srianta móra ar fheirmeoirí maidir leis an méid atá siad in ann a dhéanamh leis an talamh atá acu dá bharr. An bhfuil bealaí níos fearr ann chun an dá thrá a fhreastal?

Ní hamháin go bhfuil srianta ar fheirmeoirí ach tá srianta freisin ar thógáil tithe agus foirgneamh agus ar dheisiú nó forbairt bóithre. Forbairtí iad uile a chuirfeadh feabhas atá riachtanach ar infreastruchtúr na gceantar Gaeltachta.

Is mór an difríocht a dhéanfadh sé ach beagán dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh roinnt de na dúshláin seo. Feabhas a chur ar an soláthar leathanbhanda, modhanna nua feirmeoireachta a fhorbairt i gcomhar le feirmeoirí na háite…

Nach bhfuil muid ag iarraidh caomhnú a dhéanamh ar an nGaeltacht freisin? Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte.