‘Tá gá le claidheamh in Éirinn inniu, agus gá le solas’ – an chéad eagrán den Chlaidheamh Soluis

‘Is é an Claidheamh a chuireann an peann féin ar siúl. Ní bheadh aon mhaith sa pheann gan é,’ a scríobh Peadar Ó Laoghaire ar an gcéad eagrán den Chlaidheamh Soluis a foilsíodh ar an 8 Márta 1899

Claidheamh (1) FP

Nocht an Claidheamh dúinn a fhir eagair. Tá gá le claidheamh in Éirinn inniu, agus gá le solas. Tá coillte móra le gearradh againn, coillte dubha dorcha. Coillte atá ag fás agus ag leathadh in Éirinn le haimsir fhada. Is coillte iad nach bhfuil iontu ach an t-adhmad is measa dár fhás trí thalamh riamh. Tá leata acu mórthimpeall ár n-oileáin go dtí nach bhfuil slí siúil ná seasaimh againn. Is mithid an faobhar a chur orthu agus gach sceach agus tor agus cearchaill gan aird, gach cuaileán agus géagán agus camstuaic mhíchothrom, a ghearradh ón bhfréamh amach agus tine chnámh a  dhéanamh díobh. Is iad coillte an Ghall-Bhéarla na coillte sin. Táimid curtha amú acu. Tá adhmad breá glan díreach réidh ard na Gaeilge brúite basctha, curtha ar feo, ag an nglamrasc brosna seo atá leata timpeall na bhfréamh aige, á gcosc ar ghrian agus ar ghaoth.

Nocht an Claidheamh dúinn, lig an solas chugainn. Is fada gá le solas againn. B’fhada gur tháinig an solas, ach is fearr déanach ná ródhéanach. Scaoil chugainn é faoi dheireadh. Nuair a bheidh an faobhar inár láimh againn agus an solas ar lasadh inár dtimpeall gabhaimse orm gur gearr go ndéanfaimid slí dúinn féin. Is gearr go mbeidh an choill á gearradh agus gaoth á tabhairt do na cúinní cúnga, agus solas á ligean isteach ar na háiteanna dorcha, agus géaga cama agus loirgní lúbtha an Bhéarla á mbriseadh agus á stracadh agus á réabadh agus á gcaitheamh amach faoin spéir, i dtreo go mbeidh radharc ag an saol mór orthu, agus go bhfeicfidh uasal agus íseal nach bhfuil sa Bhéarla ach brosna, agus má cheap aoinne gurbh adhmad uasal é go raibh dearmad ar an té a cheap sin, agus ná ceapfadh aoinne é mura mbeadh na loirgní cama a bheith i bhfolach.

Nuair a bheidh an brosna glan as an tslí, nuair a bheidh an talamh réidh ón achrann, nuair a bheidh an dramhaíl agus an fhiaile agus an fás mífholláin scuabtha ar an tslí, ansin is ea a fheicfear na crainn bhreátha, ár n-adhmad féin, na crainn atá ag fás in Éirinn le dhá mhíle, ní hea ach le trí mhíle bliain.

Is mór an obair atá roimh an gClaidheamh. Ní mór dó faobhar maith a bheith air. Ní dhéanfadh claíomh maol an gnó go deo. Ní foláir dó, i dteannta an fhaobhair, an béal a bheith crua aige. Is iomaí ga righin agus fadharcán daingean a bheidh le gearradh aige agus mura mbeidh an béal crua aige is gearr go mbeidh sé mantach. Is beag an tairbhe claíomh mantach. Ach ní baol don chlaíomh seo. Tá bua mór aige ach go bhfaighidh sé ceart. Is é an Claidheamh Soluis é. Tabharfaidh sé solas uaidh féin don té a bheidh á ransú. Níl ag an té sin ach a shúile a choimeád oscailte. Is gearr go dtiocfaidh sé isteach ar an obair. Sin cuid de bhua an Chlaidhimh. Is é an Claidheamh Soluis é ar dhá chuma, nó dá n-abróinn ar thrí chuma. Tabharfaidh sé solas do shúil an té a bheidh á úsáid, eolas dá aigne, agus neart dá chuislí. Níl aoinne a rachaidh i dtaithí an chlaímh seo i gceart nach ndéanfaidh gníomh. Déanfaidh sé faobharchleas mar a rinne Cú na gCleas. Labhróidh an Claidheamh mar a labhraíodh claíomh Fhearghusa. Bainfidh sé gáire agus damhsa agus léimneach as badhbha agus bocána agus ginte glinne — cé gur fada ina gcodladh iad.

Sin iad, ámh, an dá bhua is mó ag an gclaíomh seo .i. faobhar agus solas. Faobhar chun an choill a ghearradh, agus solas chun an faobhar a chur i bhfeidhm.

An té a ghlacfaidh an t-arm seo ina lámh agus a cheapfaidh úsáid a dhéanamh de, tabharfaidh mise aon chomhairle amháin dó. Sula dtéann sé isteach san obair, déanadh sé mar a dhéanadh Cú Chulainn. Cuireadh sé eolas maith ar dheacracht na gcleas. Is seanfhocal é gur “treise peann ná claíomh”. Is minic a chuir an peann an claíomh ar siúl. Ach níor Chlaidheamh Soluis é. Is é claíomh na haigne an Claidheamh Soluis. Is treise é ná aon chlaíomh corpartha. Is é a chuireann an peann féin ar siúl. Ní bheadh aon mhaith sa pheann gan é. Ach is deacra go mór na cleasa a bhaineann leis ná na cleasa a bhaineann le haon arm eile.
Foghlaim thusa na cleasa sin nó is beag an tairbhe duit Claidheamh Soluis.

Fág freagra ar '‘Tá gá le claidheamh in Éirinn inniu, agus gá le solas’ – an chéad eagrán den Chlaidheamh Soluis'