Tá faisean na stocaí meaitseála ina chos ar bolg orainn uilig…

Cé a deir an chéad lá riamh go gcaithfidh stocaí a bheith ag meaitseáil ar aon chaoi?

Tá faisean na stocaí meaitseála ina chos ar bolg orainn uilig…

‘Cén chaoi a bhfuil tú ar stocaí?’ a d’fhiafraigh mé de Bheainín na Naíonáin Bheaga. Tá sí ag dul isteach go Rang a Ceathair agus is dóigh go bhfuil sé in am agam ainm nua a aimsiú di.

‘Níl cúrsaí go maith,’ a deir sí. Bhí muid ag réiteach na rudaí deireanacha don scoil nuair a chuimhnigh mé gur dóigh nach raibh aon phéire ceart stocaí sa teach.

Cé a deir an chéad lá riamh go gcaithfidh stocaí a bheith ag meaitseáil ar aon chaoi? Mura bhfuil an dath céanna ar an dá stoca ar dhuine céard a chiallaíonn sé ach nach raibh dhá stoca mar a chéile aige an mhaidin sin?

An bhféadfá a rá go bhfuil a shaol uilig imithe ó smacht bunaithe ar na stocaí amháin?

Dá mba rud é go bhfeicfeá an Taoiseach, mar shampla, thuas ar an ardán ag caint ar an gcéad chéim eile sa bpolasaí in aghaidh an choróinvíris agus dath buí ar stoca amháin air agus dath gorm ar an stoca eile an mbeifeá ag ceapadh go raibh muid i dtrioblóid?

An mbeifeá ag aireachtáil níos fearr dá mba rud é go raibh an dá stoca gar go maith dá chéile ó thaobh datha di?

Céard a cheapfá dá mbeadh bánghorm ar stoca amháin is dúghorm ar an stoca eile? An mbeifeá muiníneach go dtabharfadh sé slán ón gcoróinvíreas muid?

Cuimhnigh, níl feicthe agat fós ach go bhfuil dhá stoca ar dhathanna éagsúla air. Ní hé go bhfuil aon rud craiceáilte amach is amach déanta ag an bhfear.

Níor las sé an t-ardán, níor chaith sé clocha leis na hiriseoirí, níor thug sé a óráid i dteanga dhothuigthe a chum sé féin an mhaidin sin. Níl déanta ag an Taoiseach samhailteach (sa sampla samhailteach seo) ach dhá stoca a chaitheamh nach bhfuil ag meaitseáil. An mbeadh misneach agat as?

Tá sé alright ag an Taoiseach, a stocaí a bheith ag meaitseáil, déarfainn nach bhfuil baint ná páirt aige le réiteach a chuid stocaí. Ní hionann is an chuid eile againn.

Is fada ó d’fhág sé slán ag an gcuid sin de dhúshláin an tsaoil shamhlóinn. Murar ceann de na perks a bhaineann le bheith i do Thaoiseach duine eicínt eile agat ag réiteach do chuid stocaí duit, an fiú duit a bheith i do Thaoiseach ar chor ar bith?Is é an rud is lú a bheifeá ag súil leis ná go nífeadh duine eicínt eile do chuid éadaí duit is go leagfaidís isteach i do tharraiceán iad go deas néata agus boladh ylang ylang orthu. Agus na stocaí meaitseáilte, ar ndóigh.

Go deimhin, cén chaoi gur féidir leis an ngnáthdhuine dul chun cinn ar bith a dhéanamh sa saol seo má tá imní na stocaí do do chrá is do do tharraingt síos lá i ndiaidh lae? Is mór an t-ionadh é go n-éiríonn muid as an leaba ar chor ar bith agus díocas an tsaoil súite asainn ag na stocaí.

Is é is mó a chuimhním air, tá faisean na stocaí meaitseála ina chos ar bolg orainn uilig. Murach é chuile sheans go mbeadh an vacsaín ar an gcoróinvíreas faighte againn faoin am seo, is an leigheas ar an ailse féin.

Fág freagra ar 'Tá faisean na stocaí meaitseála ina chos ar bolg orainn uilig…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad… ní féidir a rá chomh maith 7 atá Bríd mar scríbhneoir :-)