Tá sé deacair breithiúnas a thabhairt ar thráthúlacht na gclár Dúiseacht (TG4, Déardaoin) agus Saol Faoi Ghlas (TG4, Dé Céadaoin), ach léiriú tráthúil a bhí sa dá chlár ar chur chuige an stáisiúin i leith an dá theanga, agus, b’fhéidir, ar an dá TG4 atá anois againn.
Go pointe sé an sruth céanna a bhain leis an dá chlár agus iad ag leanúint a rannpháirtithe ón Aibreán/Bealtaine isteach sa bhfómhar. Bhí rian an dóchais le sonrú sa dá shaothar de réir mar a bhí sámhnas ag teacht ar chúrsaí i rith an tsamhraidh, ach is beag a cheap lucht an chláir, ná mórán eile againn go deimhin, go mbeimis ar ais ar leac na mbonn agus an dá chlár á gcraoladh.
Maidir le Dúiseacht, bhain faoiseamh mór le bheith ag féachaint ar chlár faisnéise ar TG4 gan a bheith ag cúbadh chugat fhéin mar gheall ar an méid Béarla a bhí ann. Gaeilge amháin ó thús deireadh ó chainteoirí maithe – an rud is annamh is iontach fén dtráth seo.
Ar an Late Late Show i mí na Márta luaigh Micheál Ó Muircheartaigh seanrá a bhíodh ag a mháthair “Dúiseacht le dúthracht le breacadh an lae.”
Chuaigh dóchas an Mhuircheartaigh, a bhí ag clutharú sa Ríocht ar feadh i bhfad, i bhfeidhm ar mhórán. Tá an fear é féin mar thráchtaire sa tsraith ar a bhfuil focal ón ráiteas úd mar theideal uirthi.
Díreoidh na cúig chlár ar fhód dúchais Mhichíl agus an dúthaigh ag éalú amach as an dianghlasáil. Cur chuige clár faisnéise ar an láthair a tharraingíonn an saothar chuige féin. Dreasanna cainte á ndéanamh le muintir Chorca Dhuibhne, an tógálaí Muiris Firtéar, an tábhairneoir Dónal Ó Catháin, an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh agus a lán eile nach iad. Seatanna cuidsúlacha ón aer ag meabhrú áilleacht thírdhreach na dúthaí dúinn agus Micheál ag trácht ar phobal atá teann as a ndúchas agus a bhfuil teacht aniar iontu.
Dúthaigh mór turasóireachta is ea Corca Dhuibhne agus faoi mar is eol do mhórán deineadh slad ar an earnáil sin in 2020. B’éigean do ghnóthaí cosúil le tigh tábhairne an Chuinnigh i gCeann Trá agus bialann an Fish Box sa Daingean a n-acmhainn a léiriú trí dhul i muinín na seirbhíse beir leat. Bhí blas fáidhiúil, tuarúil ar chaint Dhónail Uí Chatháin is é ag trácht ar an eagla atá air go rachfaí isteach i ndianghlasáil eile agus an damáiste a dhéanfadh a leithéid dá thigh tábhairne atá sa teaghlach leis na glúnta.
Labhair na rannpháirtithe ar fad go deisbhéalach, macánta as Gaeilge. Clár taitneamhach, snasta, dea-mhéineach a thugann léiriú ar phobal ar leith i rith bliain faoi leith.
Ar an drochuair ní raibh an Ghaeilge chomh lárnach céanna in An Saol Faoi Ghlas mar is as Béarla a labhair formhór na ndaoine a ndearnadh dreasanna cainte leo.
Sa chlár seo tugadh léargas dúinn ar dhaoine éagsúla agus iad ag broic le hiarmhairtí phaindéim Covid-19 idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair. Deineadh sin i bhfoirm blaganna físe le daoine éagsúla ó Dhomhnach Mór i gCorcaigh go Tulach Mhór Uíbh Fhailí agus as sin soir is siar go Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Bhí Margaret ag clutharú i mBaile Átha Luain, bhí páiste a raibh an t-uathachas ag dul dó i dtigh mhuintir Uí Néill i gCorcaigh agus bhí Aisling Gallagher ag tabhairt faoin ardteist sa Tulach Mhór. Bhí scéalta suimiúla ag Billy O’Toole ón nGaillimh agus Aoife Rafter ó Nás na Rí. Tá fiobróis chisteach ag an mbeirt acu agus Aoife, nach bhfuil ach ocht mbliana is fiche, buailte ag an ailse chomh maith céanna. Labhraíodar go hionraic fealsúnach faoina gcás agus gan aon rian den fhéintrua le sonrú.
Más clár Gaeilge a bhí i Dúiseacht, ní dócha go n-oirfeadh an cur síos céanna don Saol faoi Ghlas. Clár Béarla a raibh roinnt Gaeilge air a bhí ann go bunúsach. Ina ainneoin sin, is dócha go mbeidh sé áirithe ag TG4 mar chlár Gaeilge nuair a bheidh líon na n-uaireanta an chloig Gaeilge á gcomhaireamh acu.
Más ea, tá sé in am acu anois a rá linn cén polasaí teanga atá ag an stáisiún agus cén sainmhíniú atá acu ar cad is clár Gaeilge agus cad is clár Béarla ann.
Seanscéal agus meirg anois é cur chuige an dá lucht féachana ag TG4 ach tá sé chomh maith agat a rá go bhfuil dhá TG4 anois ann chomh maith – TG4 an Bhéarla agus TG4 na Gaeilge.
Faraor, braithim gur cuma leo faoi thuairim mo leithéidse faoi na nithe seo.
An cuma le haon duine eile?
Cluain Sceach
Aontaím leat. B’fhiú roinnt taighde a dhéanamh ar an gceist. B’fhiú an cheist a ardú sa Dáil.
Sé an trua é ach tá laethanta órga TG4 thart le fada.
Donncha Eile
Eagraíocht eile a bhfuil an cúis gur bunaíodh iad dearmadta acu. Ach déanfaidh siad an argóint go bhfuil siad ag mealladh nua-chainteoirí… Dá mba ar RTÉ a bhí Saol Faoi Ghlas dhéarfainn gur ndearna siad iarracht ar a laghad. Níl sé sin sách maith uaidh TG4.
Eoghan O Neill
Tá rogha bhrea leathan ag an phobal anglofón idir rte,virgin, bbc, cnn, fox etc. agus is cur amú acmhainne ó tg4 bheidh ag iarraidh cuir léi. Is é an raison d’etre atá ag tg4 ná cláracha suimiúla i ngaelig a chur ar fáil le fo- theidil bhéarla nó gaelig dá mba gá. Súil Eile, nárbh é sin a gealladh dúinn?
Cáit
An fhírinne agat a dhuine uasail. Údar díoma agus bróin dúinn a laghad Gaeilge agus a laghad Gaeilge mhaith a bíos ar an stáisiún anois. Bean uasal atá in Mary Kennedy ach ní leor cúpla focal Gaeilge uaithise chun go bhféadfaí clár Gaeilge a thabhairt ar an chlár atá á láithriú aici ar TG4. An amhlaidh go gceapann siad nach mbeidh éinne ag breathnú air mar chlár? Tá sé thar am stad den chur i gcéill.
Éamonn Ó Gribín
Botún mór ab ea TG4 a bhunú mar aonán ar leithligh ó RTÉ.
N’fheadar cén fáth nach dtugann an tseirbhís nuachta aon nuacht ó thar lear riamh dúinn?
De réir cosúlachta, ní chreideann an stát i mbarainneachtaí scála!
Bríd
Tá an Ghaeilge tréigthe ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta le fada. Is leor cúpla focal a chaitheamh amach go poiblí ach déan do ghnó i mBéarla má tá tú dáiríre faoi. Raidió na Gaeltachta an t-aon dream atá fós ag seasamh an fód don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus ní fhaigheann leath ndóthain aitheantas ná moladh.
Art
Buíochas mór le Breandán mac Gearailt as ucht an t-alt seo. Is mithid dúinn a rá go mbíonn airgead a chur amú sa stáisiún seo le fada an lá agus níl siad dílis do bhunsprioc an stáisiún. Tar éis 24 bliain ar an bhfód níl stáisiún lán-Ghaeilge againn fós. Ní leithscéal airgid atá i gceist anois ach leisce agus ganntanas samhlaíochta. Is linne an stáisiún seo agus ní le lucht bainistíochta é. Caithfimid ár nguth a ardú agus an treo ceart a éileamh. Tá tá sé curtha de chúram ar lucht bainistíochta an Ghaeilge dul chun chinn, is ábhar práinneach é agus theip orthu.
Mícheál ÓDoibhilín
Táim fíor-bhréan bheith ag gearrán fé TG4 and an slí a bhfuil an stáisiún ag múineadh Béarla in áit a bheith ag cur an Ghaeilge chun tosaigh.
Tuigim go rí-mhaith nach mbíon Gaeilge ag roinnt de na daoiní a inniúhach le haghaidh cláracha ar leith. Ach má’s eá, cé’n fáth nach mbíonn fo-theidil á soláthrú dúinn ar na clárachach réamh-taifeadtha sin?
Is fuirist fo-theididil as Ba sholáthrú do aon cláracha a bhíonn as Gaeilge, nó nuair labhrann duine as Gaeilge.
Ach, má bhíonn clár réamh-taifeadtha dá-theangach, bíonn fo-theidil as Béarla nualr labhartar Gaelige, ach ní bhíonn nuair labhartar Gaeilge – cé’n fáth?
Chun féachaint ar TG4, stáisiún teilifíse a soláthráiodh do lucht an Ghaeilge, ní gá ach Béarla a bheith agat! Tá TG4 ag múineadh Béarla dóibh siúd a labhrann Gaeilge, in ainneoin a mhalart.
Is stáisiún ionntach é TG4, le cláracha iontacha, ach cuireann sé déistinn orm ar uaireamh an Béarla a bheith á cur ina luí orm ar stáisiún atá in ainm abheith ina stáisiún Gaelach..
Séamas Mac Coitir
Aontaím go huile agus go hiomlán le Breandán Mac Gearailt sa chás seo. Is briotaireacht agus breallaireacht chainte gan dealramh a bhíonn ar siúl ag TG4 bunús an ama. Bíonn leathbhróg ghaelach agus leathbhróg ghallda ar a dteanga. Tá dul an Bhéarla le haithint go soiléir ar a gcuid Gaeilge. Feictear domsa go mba ghalánta an mhaise dóibh iompú scun scan ar an mBéarla idir chorp chleite agus sciathán. Sea, m’anam, tá uair na cinniúna linn anois nó riamh. Ní fada go mbeidh gach buille buailte agus an inneoin ina tost go deo!
Oisín
Taispeánann TG4 an saol mar a bhfuil sí is dóigh.
Níl an oiread céanna cainteoirí maithe ná mar a bhí blianta ó shin mar bíonn tionchar an Bhéarla agus fadhbanna eile (tithe agus an imirce mar shampla) ag cur isteach ar na Gaeltachtaí, agus taobh amuigh den Ghaeltacht níl an caighdeán ann fós, easpa saoráid chainte agus foghraíocht Béarla le focail Gaeilig etc (fiú más duine líofa atá i gceist, fadhb eile ar fad a bhaineann leis an oideachas b’fhéidir).
Sílim go bhfuil foireann mhaith ag TG4, déanann siad an-jab le go leor sraitheanna, b’fhearr liom a sraitheanna ná sraitheanna RTÉ agus gan an buiséad céanna acu.
Ach tuigim do thuairimí, is fearr an caighdeán Gaeilig ar RnaG ná tg4 go minic mar bíonn siad ag díriú isteach ar ceantar Gaeltachta. B’fhéidir nach féidir le tg4 an rud céanna a dhéanamh mar ní bheidís in ann an méid sin de sraitheanna teilifíse a dhéanamh leis an méid daonra a bhfuil cónaí orthu ann.
Ach, b’fhéidir gurbh fhéidir leo rudaí/sraitheanna as Albain a thaispeáint, ar Gaeilig na hAlban? Agus cuid de na sraitheanna maithe a raibh craolta acu ar an aimsir chaite?
S. Mac Muirí
Caithfidh an dá mheán, TG4 agus RnaG, feidhmiú go dátheangach mar gur Leath-Éireannaigh a chruthaigh amhlaidh iad. Ní raibh RnaG ag craoladh 24 / 7 lá na seachtaine (.i. 2002) ach seal gairid gur thosaigh an sclamhairt faoi ‘liricí Béarla’ amhail is nach raibh siad ina mbun ón gcéad lá anall (1972). Fuaradar trí huair an chloig chaon oíche ‘leis an dream óg a mhealladh isteach’. Seanrabhcháin Hiberno-Mheiriceánacha a bhíos á gcraoladh san oíche, mura miste leat, leis ‘an dream óg a mhealladh’!
Caithfidh sé gur léir daoibh faoin am so nach dtiocfadh le ceachtar den dá dhaorstát oiread is aon fhoras amháin iomlán Gaeilge a chruthú agus a chothú. Ní féidir a leithéid a chruthú go fóill 7 a chothabháil i bhfad, sa nGaeltacht ná sa nGalltacht, gan chur ina choinne ón gcóras stáit 7 ó na daoine iad féin (neadracha an ghalldachais .i. ‘the internal colony’; féach saothar Stiofáin Uí Chadhla 1998, Cá bhFuil Éire?). Beimid ag brath ar ghaelscoileanna, Gaeilg Amháin (lch. Smutleabhair), Tuairisc srl. go mbíoga na hAlbanaigh aigne an dá oileáin as an marbhshuan. Tá an dream inár ndiaidh níos fiúntaí i bhfad ná na haithigh a chuaigh rompu. Nuair a ghlac na glúnta romhainn féin le daoirse chomh suarach, gach glúin ní b’uirísle ná a ndeachaigh rompu – anuas go dtí Cogadh na Talún – cén t-ionadh an drogall roimh aon bhlas neamhspleáchais 7 roimh freagracht as ceannasaíocht a ghlacadh 7 roimh an ngné ba soiléire ar fad, ár dteanga? Tá Breandán M le moladh as an alt breá. Níl i ngalldú TG4 agus RnaG áfach ach comhartha an tinnis náisiúnta.
Bímist buíoch nár aimsigh an stát éasc na gaelscolaíochta i gceart go nuige seo.
Ian Cussen
Dá mba rud é gur miasanna feoilbhunaithe a bhí i dhá thrian den bhia-chlár agus aon trian bunaithe ar ghlasraí ní thabharfá bialann glasrach ar an áit.
Bialann le rogha do ghlasróirí amháin a bheadh ann.
Is ionann seo le TGfour faraor.
Stáisiún Béarla le rogha cláir Gaeilge.
Ní chuige seo a bunaíodh TnaG.
Caoimhín
Táim in ann an Ghaeilge a léamh, ach is an-deacair dom í a éisteacht. An féidir le TG4 ofráil níos mó fo-theidil as Gaeilge?
Art
ó thaobh caighdean físe de, chím anso i gCiarraí an deifir idir RTÉ agus TG4
Rogha do Lucht féachana TG4
TG4 HDTV – Níl sé ar fáil
TG4 – SD – Gnáth-chaighdean Físe 576 líne
TG4 +1 – Faic
Rogha do Lucht féachana RTÉ
RTÉ1 HDTV Ard-chaighdean 1080Líne Físe
RTÉ2 HDTV Ard-chaighdean 1080Líne Físe
RTÉ1+1SD Gnáth-chaighdean Físe 576 líne
RTÉ2+1SD Gnáth-chaighdean Físe 576 líne
RTÉ News SD Gnáth-chaighdean Físe 576 líne
RTÉ Junior SD Gnáth-chaighdean Físe 576 líne
An mbeadh sé níos fearr RTE3 a bhunú?