Tá fadhb mhór ag an gComhaontas Glas…

Ní féidir leis an gComhaontas Glas an t-easaontas sa pháirtí faoin gcomhaontú CETA a chur ó dhoras go deo

Tá fadhb mhór ag an gComhaontas Glas…

Cuireadh fadhb mhór an  Chomhaontais Ghlais ó dhoras go ceann tamaill eile an tseachtain seo le scoilt sa bpáirtí a sheachaint. Tá an comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA) i bhfeidhm go sealadach ó 2017 ach caithfidh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar fad an comhaontú a dhearbhú le feidhm oifigiúil a thabhairt dó. 

Seo an tríú babhta, ar a laghad, an vóta curtha ó dhoras ag páirtithe an rialtais de bharr deacrachtaí inmheánacha san gComhaontas Glas. Meas tú nach léargas níos mó ar fhadhbanna an pháirtí sin an mhoilleadóireacht leis an vóta áirithe seo ná aon léargas ar a dtuairimí faoin gcomhaontú féin?

D’éirigh leis an gComhaontas Glas dhá shuíochán déag a fháil in olltoghchán na bliana seo caite. Aiseirí Lazarus ó na mairbh don pháirtí a scriosadh in 2011 nuair a chaill siad a gcuid suíochán ar fad tar éis a dtréimhse i gcomhrialtas le Fianna Fáil. 

Idir an dá linn, ar ndóigh, tá athrú aeráide agus ceisteanna comhshaoil i bhfad níos follasaí ar chlár oibre na bpolaiteoirí agus imní níos mó i measc an phobail ina dtaobh. Is fíor a rá freisin go n-éiríonn leis an gComhaontas Glas tairbhe a fháil as córas na hionadaíochta cionmhaire. Tugann daoine a chreideann gur cheart aird a thabhair ar chúrsaí comhshaoil uimhir a haon do na Glasaigh. Tugann daoine nach miste leo aird a thabhairt ar na ceisteanna sin vóta níos ísle don pháirtí mar gurbh fhearr leo iad ná aon dream eile. D’fhág sin ról lárnach ag an gComhaontas Glas sa 33ú Dáil agus fonn ar na páirtithe móra a gcuid tacaíochta do chomhrialtas a mhealladh. 

Bhí imní agus amhras i measc go leor dá gcuid ball freisin mar gheall ar an riocht inar fágadh iad tar éis an chomhrialtais deiridh a raibh páirt acu ann.

Ón lá ar thosaigh na cainteanna comhrialtais ba léir go mbeadh deacrachtaí ag an gComhaontas Glas teacht ar réiteach le Fianna Fáil agus Fine Gael agus eatarthu féin. 

Tuairiscíodh le gairid go raibh ceist an chomhaontaithe trádála le Ceanada ina cnámh spairne ón tús. Bhí na cainteanna chomh teasaí, deirtear, gur cuireadh i leataobh an t-ábhar le plé arís. Cuireadh an  plé faoin gceist ar athlá roimh an Nollaig mar gheall ar imní faoi aighneas inmheánach san gComhaontas Glas. Tá sé tugtha le fios cheana féin ag beirt Teachtaí Dála, Neasa Hourigan agus Patrick Costello, go bhfuil siad go mór in aghaidh an comhaontú a dhearbhú. Ar mhaithe leis an gcoimhlint sa bpáirtí a mhaolú chinn ceannairí na bpáirtithe comhrialtais an tseachtain seo go gcuirfear an comhaontú faoi bhráid Choiste Oireachtais na nGnóthaí Eorpacha le hiniúchadh a dhéanamh air.

Cuireann sin an fhadhb ó dhoras go ceann tamaill eile ach ní mór ceist a chur fúithi.  Cén fhad eile a bheidh an ceannaire Eamon Ryan, atá faoi bhrú taobh istigh den pháirtí cheana féin, in ann an choimhlint agus an míshuaimhneas a choinneáil faoi smacht? 

Agus má theipeann air sin a dhéanamh céard atá i ndán don Chomhaontas Glas?

Fág freagra ar 'Tá fadhb mhór ag an gComhaontas Glas…'

  • Eoghan ONéill

    An bhfuil sin bainteach le clásal adeir dá mbeadh ar rialtas san Eoraip dlithe a aistriú go mbeadh cáin-íochóirí ag íoch cúiteamh le comhlachtaí i gCanada a bheadh thíos ina mbrabús go ceann 40 blianna? Thuigfinn dá mbeadh bliain nó dhó de chúiteamh ach 40? Is rud é seo ba chóir do FF,FG,SF,LO,PRB,DL etc na súile a dhíriú air agus ní an Pairtí Glas amháin.